Cuireadh dlús an tseachtain seo le hobair an Aontais Eorpaigh ar an mbuiséad nua atá le haontú don tréimhse seacht mbliana seo romhainn. Glactar leis go mbeidh sé deacair aontú a fháil ar an mbuiséad agus is cinnte nach mbeidh sé déanta faoi dheireadh na bliana mar a leag Éire amach agus í ag cur tús lena tréimhse uachtaránachta ag tús an tsamhraidh.
Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa i mbun turais ar phríomhchathracha an Aontais ó thús na seachtaine le blaiseadh a fháil den obair atá le déanamh le comhaontú a aimsiú idir na ballstáit. Idir an dá linn d’eagraigh Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz cruinniú inné, Déardaoin. idir na tíortha tíosacha i dtuaisceart an Aontais lena gcás ar son buiséid stuama críonna a chur i dtoll a chéile.
Cuirfear torthaí chruinnithe Costa i láthair Uachtarán na Comhairle, an Taoiseach Mícheál Martin, ar an Aoine. Beidh go dtí an cruinniú mullaigh i lár mhí Dheireadh Fómhair ag Éirinn cáipéis a ullmhú ina mbeidh leagan amach bunúsach den bhuiséad. Beidh a ndóthain le déanamh acu.
Bíonn talmhaíocht, cúrsaí comhtháite, cistí forbartha agus a leithéid ar na nithe is mó a gcuireann tíortha suim iontu agus iad ag faire a mbeidh i mbuiséad an Aontais Eorpaigh agus de ghnáth ardaítear an t-allúntas a chuirtear ar fáil do na cistí.
An babhta seo tá sé amhlaidh, go háirithe i measc thíortha an deiscirt ach tá brú á chur ag na nGearmáin, an Ostair, an Danmhairg agus an tSualainn go laghdófaí an t-airgead a chuirtear ar fáil don bhuiséad ón dá thrilliún atá molta.
Tá na tíortha céanna sin ag éileamh go mbeadh an tAontas ag gearradh cánach ar a saoránaigh ar mhaithe leis an méid a dhéanann siad a mhaoiniú.
Tá béim mhór ag an Aontas don tréimhse seo romhainn ar chúrsaí cosanta agus slándála agus ar bhunú cumais le dul i ngleic le géarchéimeanna.
Chuige sin beidh airgead ag teastáil agus tá leithéid na Gearmáine ag iarraidh nach orthusan a bheidh an t-ualach ar fad.
Sin an dúshlán atá le sárú anois ag Antonio Costa agus a fhoireann.
Beidh siad ag brath ar na rialtas anseo in Éirinn chun tacú leo ina gcuid iarrachtaí. Creideann siad go mbeidh ar a gcumas aontú a dhéanamh faoi dheireadh na bliana. Mura n-éiríonn leo agus má théann na cainteanna ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn tá an baol ann nach ndéanfar aon réiteach nó go mbeidh sraith toghchán, a bheidh ar siúl ar fud na hEorpa an bhliain seo chugainn, thart.
Toghchán uachtaránachta na Fraince is suntasaí díobh sin mar go mbeidh ról na tíre sin san Aontas lárnach sa bplé – tá an Rassemblement Náisiúnta ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar ról na tíre san Aontas má éiríonn leo. Cruthaíonn seo ar fad obair chrua do rialtas na hÉireann – tabharfar suntas ar leith amárach (Dé hAoine) don mhéid a bheidh le rá ag Antonio Costa leis an Taoiseach faoin teachtaireacht atá faighte aige agus é ag cur tús lena thuras le cúpla lá anuas.
Bua suntasach taidhleoireachta a bheidh ann d’Éirinn má éiríonn léi dul chun cinn sna cainteanna buiséid a dhéanamh le linn a huachtaránachta agus má bhíonn toradh dearfach ar an obair faoi dheireadh na bliana. Mar a sheasann an scéal faoi láthair, tá obair mhór le déanamh.
Cathal
Arbh fhiú é a lua gur i measc na stát a íocann níos mó ná a fhaigheann siad, go n-íocann stát na hÉireann níos mó ná dhá stát a bhí i láthair ag cruinniú na “dtíortha tíosacha”? Ach an bhfuair stát na hÉireann cuireadh chun an chruinnithe? Is léir go bhfuil uachtaránacht an AE ag an stát faoi láthair (agus, thairis sin, gur féidir go bhfuil stádas easaontóra aige i dtaca le cúrsaí sa mheánoirthear), ach an gcuirfeadh sé bac ar aon cheann de na stát eile a d’freastail ar an gcruinniú dá mbeadh an uachtaránacht acusan? Ar chúis éigin, ní chuirfinn geall air, bealach amháin nó bealach eile. I bhfianaise na dteorainneacha nach bhfuil oscailte níos mó, na bpolasaithe imirce is déanaí agus luachanna na hEorpa sa bhfíorshaol chomh maith leis an gcineál measa atá ag an AE ar an dlí idirnáisiúnta (uasdátú de dhíth?), an mbeadh sé le tógáíl ar an té a déarfadh nár mhiste mionchíoradh ionraic a dhéanamh ar an AE agus ar an mbail ina bhfuil sé faoi láthair agus ar an méid ar mhaith le stáit áirithe ón AE san am i láthair agus amach anseo?