Tá moladh déanta ag Roinn Sláinte agus Seirbhísí Daonna na Stát Aontaithe deireadh a chur leis an tseirbhís dhátheangach a chuirtear ar fáil do theaghlaigh atá ar ioncam íseal tríd an gclár Head Start.
Maíonn Rialtas Mheiriceá go n-ullmhaíonn cláir Head Start “páistí óga leochaileacha” do shaol na scoile agus don saol i ndiaidh na scoile. Cuirtear seirbhísí sa luathoideachas, sa tsláinte, agus i “bhfolláine an teaghlaigh” ar fáil do pháistí agus teaghlaigh bhochta.
Moltar sa leasú atá molta ar an reachtaíocht go ndéanfaí an teagasc ar fad faoin gclár Head Start i mBéarla amháin, agus sa chás nach é an Béarla teanga dhúchais an pháiste agus nach bhfuil Béarla ag an bpáiste go gcaithfí tús áite a thabhairt do mhúineadh an Bhéarla féin.
Sa chás go nglacfaí leis an leasú atá á mholadh, thiocfadh athrú ar an gcur chuige atá ann faoi láthair agus ar na rialacha a thacaíonn leis an dátheangachas. Maítear sa leasú go bhfuil na rialacha mar atá “ag teacht salach” ar an ordú feidhmiúcháin a thug an tUachtarán Donald Trump gurb é an Béarla teanga oifigiúil na Stát Aontaithe.
“Mar a phléitear san ordú feidhmiúcháin, osclaíonn an Béarla doirse eacnamaíochta do theaghlaigh agus cabhraíonn sé le daoine dul i ngleic níos fearr lena bpobail. Cabhraíonn na hathruithe sa [leasú] seo leis na spriocanna seo a bhaint amach mar chuid d’oideachas an linbh óig,” a deirtear sa cháipéis a d’fhoilsigh Rialtas Mheiriceá faoi na hathruithe.
Cuirtear síos ar dhaoine atá ar bheagán Béarla mar ‘LEP’ sa cháipéis – ‘limited English proficiency’ nó ‘cumas teoranta Béarla’. Maítear sa Bhille gurb é an sprioc atá aige ná tacú le páistí agus teaghlaigh LEP – daoine nach é an Béarla a bpríomhtheanga nó daoine “as timpeallacht ina bhfuil tionchar ag teanga eile ar a gcumas sa Bhéarla”.
Maítear go bhféadfadh na deacrachtaí a bheadh ag na daoine sin leis an mBéarla bac a chur ar a “rath” i seomra ranga lán-Bhéarla nó nach mbeidís in ann “páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí”.
“Sa chás go dtabharfaí na rialacháin leasaithe seo chun críche, chaithfí gach clár oideachais do pháistí a reáchtáil i mBéarla (cé is moite de chláir Threibheacha, a fhad is a chuireann an teanga atáthar a labhairt oidhreacht na Treibhe [bundúchasaí] chun cinn,” a deirtear sa Bhille.
Deirtear freisin go laghdódh na hathruithe atá molta “seirbhísí ilteangacha nach raibh gá leo” agus go gcuirfí na hacmhainní a chaithfí ar na seirbhísí sin i dtreo “oideachas Béarla agus comhshamhlú”.
Fág freagra ar 'Moladh déanta ag Rialtas Mheiriceá deireadh a chur le seirbhísí dátheangacha do theaghlaigh ar ioncam íseal'