Imeartas focal: bíonn blas ar an mbeagán

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: agus ficsean nó prós idir lámha agat, is fearr a bheith spárálach leis an ngreann teangabhunaithe 

Imeartas focal: bíonn blas ar an mbeagán

Tá dúil againn uilig ar thaobh m’athar den mhuintir san imeartas focal, ach ní bhíonn an dúil chéanna ag cuid dár gcuid páirtnéirí iontu. Bhí mé féin ag siúl amach ar feadh ceithre bliana le fear a d’iarradh orm ‘as ucht Dé ort’ éirí astu agus mé i raon éisteachta a chluas.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil is dóigh liom go mbíonn formhór na ndaoine ar an gcaoi sin. Baineann imeartas focal amháin fanngháire astu, tagann strainc orthu má dhéanann tú an dara ceann, agus má dhéanann tú trí cinn as a chéile, bíonn siad réidh le dorn a chur i do bhéal.

Ach ní ar an ábhar sin amháin a mholfainn do scríbhneoir ar bith a bheith spárálach leis an imeartas focal.

Gan dabht ar bith ba cheart go mbeadh spás don ghreann sa litríocht; uaireanta bíonn géarghá leis. Ach greann ar leith, teangabhunaithe, atá san imeartas focal. Agus aird á tarraingt agat ar úsáid na teanga i bpíosa, tarraingíonn tú aird go huathoibríoch ort féin mar scríbhneoir, seachas ar a bhfuil á rá agat sa phíosa. Rud, admhaím láithreach é, a oibríonn san fhilíocht. Ach i bhformhór mór na gcásanna, ní hé sin a bhíonn uait i saothar ficsin nó próis.

Lena chois sin, bíonn sé diabhalta deacair imeartas focal a aistriú go teangacha eile. Gan amhras ba chóir d’aistritheoir ar bith a dhícheall a dhéanamh teacht ar réiteach sásúil, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-oibreodh imeartas focal i dteanga X i dteanga Y freisin. (Ar ndóigh thiocfadh leat a rá gur do do phobal teanga féin amháin a bhíonn tú ag scríobh agus níl rud ar bith cearr leis sin.)

Déanta na fírinne níl ach duine amháin ar m’eolas a n-éiríonn léi imeartas focal a charnadh anuas ar imeartas focal ina cuid scríbhneoireachta gan an léitheoir a chur ó dhoras agus sin í an t-údar ó Mheiriceá, Lorrie Moore. Éiríonn léi toisc go mbíonn teannas tochtmhar go minic idir an greann teanga-bhunaithe ina cuid saothar agus na téamaí fíordháiríre a bhíonn faoi chaibidil aici.

Ach an lá cheana agus mé ag éisteacht le cluasleagan de ghearrscéal dá cuid, Which Is More Than I Can Say About Some People, ba bheag nár chaith mé mo bhosca búm trasna an tseomra a bhí á phéinteáil agam. Sa scéal sin, tiomáineann Mrs. Mallon agus a hiníon Abby, atá sna tríochaidí agus atá ar tí colscaradh a fháil, timpeall na hÉireann. Agus iad ag tiomáint thar fhothrach mainistreach, seo an mháthair lena hiníon: ‘Look, another ruined abbey!’ (Ádh mór leis an gceann sin, a aistritheoir!)

Ach oiread le nach mór chuile shórt eile i gceird na scríbhneoireachta, maidir le himeartas focal, bíonn blas ar an mbeagán.

Fág freagra ar 'Imeartas focal: bíonn blas ar an mbeagán'