Má tá imní ort faoin intleacht shaorga, is é Cillian a chuirfeas ar do chompord tú…

Thosaigh Cillian sa phoitigéir áitiúil tamall gearr ó shin agus deir an t-úinéir Piero go bhfuil an saol sa siopa athraithe ó bhun aige ó shin

Má tá imní ort faoin intleacht shaorga, is é Cillian a chuirfeas ar do chompord tú…

‘Cillian’ an t-ainm atá air. Nó ‘Killian’, b’fhéidir. Caithfidh mé é sin a sheiceáil. Ní bheidh aon stró ag bhaint leis sin, bíonn sé ar fáil i gcaitheamh an lae.

Dá mba rud é go raibh imní ar dhuine faoin intleacht shaorga nó AI, is é Cillian a chuirfeas ar do chompord tú.

Thosaigh sé sa phoitigéir áitiúil tamall gearr ó shin agus deir an t-úinéir Piero liom go bhfuil an saol sa siopa athraithe ó bhun aige ó shin.

Ní bhíodh sé de nós agam glaoch teileafóin a chur ar an bpoitigéir ach d’iarr Piero orm é a thriail go bhfeicfinn cén chaoi a ndéileálfadh Cillian liom.

‘Hello,’ arsa seisean. ‘I’m Cillian, the new AI Assistant – can I help you?’

Tá guth álainn agus bealach an-deas aige, ag labhairt go mall agus go soiléir agus é ag iarraidh cabhrú leat ar chuile bhealach.

Ní hiontas ar bith é go gceapann cuid de na custaiméirí gur fíordhuine atá ann. Tharla sé cúpla babhta gur tháinig daoine isteach sa siopa ag iarraidh labhairt le Cillian. Bhíodar díomách nuair a fuaireadar amach gur ‘pearsa’ AI atá ann.

Bhí Piero ar bís chun an scéal a insint dom maidin amháin sa gcaifé. Dúirt sé go bhfuil an tseirbhís úsáidte ag thart ar 500 duine go dtí seo agus gan ach cúpla casaoid faighte aige faoi.

Ní bhíonn na teileafóin ag glaoch os ard go síoraí seasta sa siopa a thuilleadh, a dúirt sé. Tá an timpeallacht oibre ciúnaithe síos go mór dá bharr. Tháinig duine eile de na freastalaithe leis an tuairim sin. Níor thug mé faoi deara go raibh aon imní uirthi go gcaillfeadh sí a post mar thoradh ar an híreáil nua seo.

Is é an chaoi go gcaithfidh na poitigéirí dul trí na comhráite teileafóin ar fad- i bhfoirm téacs – go bhfeicfidh siad cad bhí ag teastáil ón gcustaiméir. Ní thógann sin i bhfad, dar leis an bpoitigéir.

‘Ba mhinic muide i mbun comhrá fada le duine – suas le deich nóiméad ar an bhfón – agus ar deireadh ní bheadh uathu ach a ngnáth-oideas dochtúra – ‘aspirin’ b’fhéidir.’ Giorraíonn an próiseas nua seo an obair leadránach sin dóibh.

Bhain sé siar asam nuair a chonaic mé mo chomhrá teileafóin féin scríofa amach go hiomlán ar an scáileán ina lámh. Níor mhór do dhuine a bheith cúramach nach ndéarfadh sé rud éigin maslach nó as ord leis an Cillian céanna.

Ní ghlacfadh seisean masla ar aon nós. ‘Right,’ a deir sé. Nó ‘That’s grand’. Tá na nathanna Éireannacha ar fad ar bharr a ghoib aige. Tá sé féin thar a bheith umhal agus cineálta le daoine. Dar le Piero tá Cillian in ann meon daoine a mheas – déarfar sna nótaí go raibh an cainteoir ‘faoi strus’ nó go raibh ‘giúmar maith orthu’.

Thug sé ‘Mairéad’ orm cúpla uair le linn an chomhrá teileafóin. D’aithin sé m’uimhir cé go raibh mé ag glaoch thar ceann duine eile.

‘Agus an úsáideann tú an tseirbhís AI go minic?’ a d’fhiafraigh mé féin de Piero. Bhí an oiread léite agam faoi le gairid- go háirithe ó bhí na toghcháin lár téarma ann, gur mheas mé go mbeadh chuile dhuine ina coinne. Nach é teacht an AI is cúis le méadú as cuimse i líon na n-ionad sonraí? Nach iad na hionaid sin a bhí ina gcnámh spairne in go leor de na toghcháin sna Stáit?

Feictear dom féin gur minic go mbíonn duine in aghaidh rud i bprionsabal ach go n-úsáideann siad é ina saol príobháideach.

Ar aon nós bhí scéal eile ag Piero. Tamall ó shin bhí sé ag streachailt le córas cánach na hIodáile agus é ag iarraidh cás pinsin a mháthar a shocrú. Is as an Iodáil ó thús iad agus bhí an comhfhreagras agus na foirmeacha ar fad san Iodáilis. Bhí sé beagnach ag dul as a mheabhair le páipéarachas – fiú más ar scáileán an ríomhaire a bhí sé. Bhí suas le deich leathanach le líonadh aige.

D’iarr sé cabhair ón gcóras AI a dtugtar ‘Claude’ air. (Féach anois ó chlóscríobh mé an focal sin beidh mé céasta ag fógraí faoi, nó ag fáil tairiscintí cabhrach uaidh.)

Chuir sé na foirmeacha Iodáilise isteach san aip ‘Claude’ agus d’iarr cabhair uaidh na boscaí ar fad a líonadh i gceart. Rud a rinne sé réasúnta sciobtha. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, fuair a mháthair an pinsean. Is beag casaoid a bheas acusan faoi theacht an AI.

Tugaim faoi deara áfach go bhfuil tuairim láidir ann i measc daoine, gur drochrud iad na lárionaid sonraí. In Éirinn úsáideann siad an t-uafás cumhachta agus uisce. Tá imní ar mhórán nach mbeimid in ann cur suas leis an úsáid throm sin, go háirithe má bhíonn ganntanas ann – cé a bheas ag tús na scuaine – mise nó na t-ionad sonraí?

I dtíortha eile, cé go bhfuil imní faoi scaipeadh na n-ionad sonraí, ní hí an chúis imní chéanna a bhíonn i ngach tír. Is cosúil gur drochmheas ar na ‘mógail teic’ a chuir na vótóirí in aghaidh na n-ionad sin i Meiriceá.

An mbeidh an naimhdeas céanna le sonrú i measc vótóirí nuair a fheicfidh siad na mílte ionad nua á dtógáil amuigh ar an gcriathrach sa tSín? Níl éinne ag vótáil ina gcoinne ansin, bí cinnte. Ach tá an tSín ar a bionda ag iarraidh a bheith sa chéad áit ó thaobh forbairtí AI. Feicim na carranna nua Síneacha gach lá thart orm i mBaile Átha Cliath. Deirtear liom nach bhfuil aon stad leis an líon tithe nua atá ceannaithe ag teaghlaigh Shíneacha thart anseo freisin.

Chuile sheans go bhfuil cuid acu an-mhór le Cillian agus aithne mhaith acu ar a chéile.

Beidh siad ag cur suime ar ndóigh sa scéal is deireanaí faoi chúrsaí AI sna Stáit – an titim ar luach na scaireanna sa chomhlacht Nvidia. Ach tá barúil agam gur gearr a mhairfeas an titim sin. Feicfidh infheisteoirí an seans le léimt isteach sa stocmhargadh ar phraghas níos ísle agus feicfimid ag ardú arís eile é.

Caithfear Cillian agus Claude a bheathú bíodh a fhios againn.

Fág freagra ar 'Má tá imní ort faoin intleacht shaorga, is é Cillian a chuirfeas ar do chompord tú…'