Focrach. Sin é mo leagan Gaeilge ar ‘hangry’. Meascán idir ‘hungry’ agus ‘angry’.
Tá focrach níos fearr – meascán idir fheargach agus ocrach. Léiríonn sé foréigean an mhothúcháin.
Tabharfaidh focrach cic sna magairlí dhuit má bhreathnaíonn tú cam air.
Bhí mé ag tiomáint le gairid as Bleá Cliath go Gaillimh. Bhí mé focrach. Theastaigh bia uaim, sciobtha.
Chas mé isteach ón mótarbhealach chuig ceann de na garáistí móra sin – ón mbrandáil shílfeá gur thiomáin tú isteach go draíochtúil ar chlár Feirmeoirí ar TG4 seachas chuig áit le peitreal nó díosal lofa a cheannach.
Ar bhealach tá na garáistí sin draíochtúil. Is féidir chuile shórt a cheannach iontu – peitreal agus seacláid; ola don charr agus caife. Tá sé breac le bialanna agus tá na mílte earraí ar na seilfeanna. Is féidir cith a thógáil fiú.
Chuile shórt!
Bhuel…beagnach chuile shórt.
An chéad uair eile a mbeidh tú istigh i ngaráiste mar é, seo dúshlán dhuit:
Ceannaigh bia folláin.
Sin é. Sin é an dúshlán. Ceannaigh bia atá folláin.
Tá an áit lán le sceallóga, burgair, ceapairí réamhdhéanta, scónaí, milseáin, corrbhéile. Tá na ceapairí réamhdhéanta fhéin lán le datháin agus leasáin cheimiceacha a chruthaítear i saotharlann.
UPF i mBéarla – ‘Ultraprocessed food’. Ní maith liom an leagan Gaeilge – bia fíorphróiseáilte. Bíonn lorg dearfach ar an bhfocal ‘fíor’ go minic. Teastaíonn leagan Gaeilge ar UPF a thabharfadh cic sna magairlí dhuit dá mbreathnódh tú cam air.
Thabharfainnse Cruthanna Andúile Coitianta air, nó C.A.C. Is féidir le comhlachtaí an CAC seo a chruthú ar mhórán cruth, dath agus blas.
Tá sé i bhfad níos saoire ná fíorbhia a úsáid. Maireann sé i bhfad níos faide ar na seilfeanna freisin. Sin brabach, a mhac!
Tá sé deacair staonadh de chomh maith. Cé againn a stopann ag briosca amháin? Is andúiligh muid ar fad.
Tá CAC ar fáil chuile áit anois, beagnach. Tá sé coitianta. Fiú i mbia nach mbeifeá ag súil leis. Féach an bhfuil ceimiceáin nó breiseáin sa mbuilín a cheannaíonn tú?
Sa gharáiste seo ina raibh mé, bhí an CAC chuile áit. Bhí sé deacair bia a fháil nach raibh fíorphróiseáil déanta air.
Go deimhin, seo a leanas an liosta de bhia folláin a chonaic mise:
Tús le liosta:
- Cupán beag de thorthaí gearrtha ina bpíosaí.
Liosta críochnaithe! B’in é!
Agus mé chomh focrach le bullán thug mé aghaidh ar an gcuntar.
‘Any fuel?’ a deir an lead óg liom. Choinnigh mé guaim orm fhéin. ‘Any food?’ a bhí brath orm a rá leis.
D’fhiafraigh mé de go ciúin an mbíonn aon duine ariamh ag gearán faoina laghad bia neamhphróiseáilte a bhíonn ar fáil.
Bíonn, anois is arís, a deir sé. Bhíodh ciseán torthaí acu tráth, a deir ‘Any Fuel’ liom. Ach ní cheannaíodh mórán iad, a deir sé.
Ag deireadh an tsamhraidh, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach réamhthuarascáil dar teideal Measúnú Eolaíoch agus Eiticiúil ar Thomhaltas Bia Fíor‑Phróiseáilte agus Moltaí maidir le Beartais Ghaolmhara san Aontas Eorpach.
I nGaeilge Chonamara, sin ‘Report faoin gCAC atá muid a ithe agus Cúpla Recommendation faoi na laws a theastaíonn’.
Is dóigh go dtiocfaidh dlíthe am eicínt…nuair a bhéarfaidh bó eicínt lao eicínt.
Ach tuigtear le fada nach maith an iomarca CAC a ithe.
Deir an Lancet anuraidh go bhfuil baint ag an gCAC a itheann muid le raon leathan galar agus fadhbanna sláinte.
In 2023, d’fhoilsigh dochtúir as an mBreatain, Dr Chris Van Tulleken, leabhar dar teideal Ultra-Processed People: Why Do We All Eat Stuff That Isn’t Food … and Why Can’t We Stop?
Áitíonn sé go bhfuil UPF (ultra-processed food) díobhálach do shláinte an duine. Tá CAC deartha agus táirgthe le go n-íosfadh muid an iomarca de, go rialta.
Ní hamháin go bhfuil sé lán le siúcra, salann agus ábhair eile atá cruthaithe ag eolaithe i saotharlann nach dtuigeann do phutóga mar a dhéanfadh le fíorbhia. Ach an CAC seo glanann sé ‘gnáthbhia’ folláin amach as d’intinn.
Go bunúsach, b’fhearr linn CAC a ithe ná bia, má bhíonn an rogha ann.
Dá dhonacht muide san Aontas Eorpach, tá Meiriceá níos measa. Ceadaítear tuairim is 2,000 breiseán bia (additives) faoi rialúcháin an AE, dar leis an Dr Chris. Meastar go gceadaítear níos mó ná 10,000 leasán agus breiseán i Meiriceá.
Meastar a deir sé mar ní fios go cinnte, ceal rialála i Meiriceá. Agus ceapann muide go bhfuil muid ag ithe CAC!
Nuair a bhínn ag obair le RTÉ RnaG bhínn ag magadh le mo chomhghleacaithe go raibh Liam de Paor (willpower) an-láidir agam. Ní ithinn mórán seacláide ná milseáin.
Ach admhaím anois, scaití nuair a bhím focrach, b’fhearr liom CAC a ithe ná bia.
Fág freagra ar 'B’fhearr linn CAC a ithe ná bia, go háirithe nuair atáimid ‘focrach’'