Fíormheáin, breacmheáin agus olltrálaer TG4 – Tá dúshláin roimh na meáin Ghaeilge

Baineann luach suntasach leis an anailís atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar chaiteachas fógraíochta na hearnála poiblí ach spreagann sé ceisteanna eile faoi thodhchaí na meán Gaeilge

Fíormheáin, breacmheáin agus olltrálaer TG4 – Tá dúshláin roimh na meáin Ghaeilge

Ní fhéadfadh Ger Gilroy féin bolscaireacht ní b’fhearr a bheartú dá phodchraoladh nua ar RTÉ Listen. Is iomaí láithreoir cumasach spóirt atá i Montrose ach is léir gur measadh nach mbeadh ráchairt ná reic leath chomh mór orthu siúd agus a bheadh ar Gilroy. Tá olc ar an bhfoireann agus údar acu i bhfianaise na gciorruithe móra ar acmhainní inmheánacha. Ceist eile ar fad an éireoidh le podchraoladh fearacht Howler i dtimpeallacht eagarthóireachta reatha RTÉ. Déanfar monatóireacht níos géire air agus níl an fhaire ach ina tús.

Íosánachas réamhfhoclach den chineál is carghas leis na hÍosánaigh féin a bhí sna freagraí a thug Patricia Monahan ar cheisteanna Chomhchoiste na Meán faoin earcaíocht. Fógraíocht, ioncam tráchtála agus deiseanna saothraithe a thug ar RTÉ iarraidh ar Gilroy teacht isteach sna hóglaigh cibé cén próiseas a úsáideadh. Seift shoiniciúil ach seanbhunaithe atá ann dul i mbradaíl i ngarraí na comharsan agus láithreoir mór le rá a sciobadh.

Léim Ray D’Arcy claí Today FM in 2014 agus d’fhill ar Dhomhnach Broc. Tá breis is bliain anois ann ó d’fhág sé RTÉ le dod. Tá podchraoladh dá chuid féin anois aige ach níl trácht air i measc an 20 pod is mó éisteacht ar liostaí Apple nó Spotify gan ach péire de na hardáin mhóra a lua. Baineann forbairt leithéidí Howler le feachtas forránach chun ábhar fuaime RTÉ a chur chun cinn sna hardáin chéanna. Tá torthaí ag teastáil láithreach.

Cuairteoirí, sainúsáideoirí, amhairc leathanaigh, leantóirí na slata tomhais is mó a théann i bhfeidhm ar lucht díolacháin fógraí seachas éisteoirí traidisiúnta le seirbhísí fuaime FM a mbeidh meath leanúnach ag teacht orthu. Ábhar den scoth a mheallann dílseacht éisteachta agus airgead fógraíochta. Ní bhíonn beann ag lucht fógraíochta ach ar amas, sciar agus próifíl mhaoine na dtomhaltóirí. Treoir gan trua gan taise ar mhargadh na meán patrúin chaiteachais fógraíochta.

Baineann luach suntasach leis an anailís mhionchúrsach atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar chaiteachas fógraíochta na hearnála poiblí. Baineadh earraíocht as Nielsen Ad Intel agus faisnéis ó bhreis is 400 comhlacht poiblí chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaiteachas fógraíochta a rinneadh in 2025. Tá an tairseach reachtúil 20% á baint amach cheana féin de réir na bhfigiúirí. Is toradh céadach ar chlár mór feasachta é seo ina cheann ar chur chuige téagartha iniúchta.

Cá raibh triall an chaiteachais seo? €20.7m a caitheadh ar fhógraíocht Ghaeilge ar fud na meán uile in 2025. €6.3m a caitheadh ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge in 2025. Ba iad na meáin shóisialta a ghliondáil 21% den chaiteachas ar fhógraí ar íocadh orthu. Mar a tuairiscíodh anseo cheana, 20% a caitheadh ar fhógraí preasa, 15% ar fhógraí raidió agus 5% a caitheadh ar fhógraí teilifíse. Mura bhfuil ré na seirbhísí líneacha baileach rite fós, is ríléir go bhfuil siad ar an tanaí i súile lucht fógraíochta. Is fiú a lua nár shaothraigh TG4 ach ioncam tráchtála €5.7m de réir Thuarascáil Bhliantúil 2025 nó €4.5m nuair a bhaintear costais díolacháin as an ioncam úd.

Ábhar spéise freisin i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga ná Fardal na Meán Gaeilge. Seo iad na meáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge. Sin sainmhíniú reachtúil. Is ceart iarrachtaí fónta eagarthóireachta agus iriseoireachta a aithint ach an leor 30-40% d’ábhar Gaeilge i bpodchraoladh – díreach mar shampla – le bheith cáilithe mar mheán Gaeilge? Is gearr uainn caint ar bhreacmheáin agus fíormheáin, tá faitíos orm.

Céard atá le déanamh maidir leis an tacaíocht indíreach stáit seo do na meáin Ghaeilge? Toradh nach bhfuil inmhianaithe ná go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta ar Fhoras na Gaeilge lagú ar an maoiniú reatha a thugtar do na meáin scríofa Ghaeilge. Sa tuarascáil is deireanaí de chuid an Fhorais Teanga (2023), deirtear linn gur €2.1m a bhí le dáileadh ag Foras na Gaeilge ar Tuairisc agus ar Comhar idir 2020-2025 nó €420,000 nó mar sin in aghaidh na bliana. Cuireadh deontas 5 bliana £344,000 ar fáil chun Nós a chur amach ar líne freisin. Más spros atá sa maoiniú céanna le hais airgead na fógraíochta, baineann ardtábhacht leis.

Deimhníonn spriocmhaoiniú reatha den chineál úd fearann seasmhach poiblí do na meáin scríofa Ghaeilge. Is cuspóir polasaí bailí é córas iontaofa plé, anailíse agus díospóireachta a bheith ar fáil don phobal teanga a bhuanaíonn an focal scríofa. Ní mór féachaint chuige go mbeadh iolrachas léargais agus cothromaíocht ardáin i gceist freisin. Ar an ábhar sin amháin is ceart teacht roimh iarrachtaí TG4 olltrálaer a dhéanamh de féin i gcúrsaí nuachta ar líne.

Tá dúshláin pholasaí, teicneolaíochta, eagarthóireachta agus mhaoinithe roimh na meáin Ghaeilge. Nár bhreá dá mbeadh réiteach ar na cruacheisteanna seo go léir in Athbhreithniú Cuimsitheach Choimisiún na Meán?

Fág freagra ar 'Fíormheáin, breacmheáin agus olltrálaer TG4 – Tá dúshláin roimh na meáin Ghaeilge'