Aighneacht curtha isteach ag Sinn Féin ar son stáisiún raidió Gaeilge FMdon ‘aos óg’ 

Cuireadh an t-éileamh ar stáisiún raidió don aos óg i gcomparáid leis an éileamh a bhí ann do RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an chéid seo caite, agus do TG4 ina dhiaidh sin 

Aighneacht curtha isteach ag Sinn Féin ar son stáisiún raidió Gaeilge FMdon ‘aos óg’ 

Tá Sinn Féin ag éileamh ar Choimisiún na Meán go mbunófar stáisiún raidió Gaeilge FM don “aos óg”.  

Sheol ceathrar Teachtaí Dála de chuid an pháirtí aighneacht faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh na Straitéise um Sheirbhísí Craolacháin, sin iad Aengus Ó Snodaigh, Darren O’Rourke, Shónagh Ní Raghallaigh, agus Joanna Byrne.  

Bhí stáisiún raidió FM Gaeilge don aos óg i measc na ngealltanas a bhí ag Sinn Féin ina bhforógra olltoghcháin in 2024 agus sna moltaí traspháirtí a rinne an Coiste Oireachtais um Chumarsáid an bhliain seo caite. Tá Conradh na Gaeilge ag feachtasaíocht le fada an lá le haghaidh a leithéide freisin.  

Níl bunú seirbhíse Gaeilge FM san áireamh sna moltaí atá déanta ag Coimisiún na Meán sa Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin. 

Maíodh in aighneacht Shinn Féin a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin go bhfuil “athbheochan” teanga ar siúl “fud fad na tíre” agus go bhfuil an t-aos óg in Éirinn “ag cur suim sa teanga náisiúnta níos mó ná riamh”, agus go bhfuil “deis le tapú” anois agus stáisiún raidió a chur ar bun.  

Cuireadh an t-éileamh ar stáisiún raidió don aos óg i gcomparáid leis an éileamh a bhí ann do RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an chéid seo caite, agus do TG4 ina dhiaidh sin.  

“Bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus TG4 mar thoradh ar ghluaiseacht chearta sibhialta agus Gaeil ag éileamh spás ar phríomhardáin chraoltóireachta. Chuir maorlathas ina gcoinne ag an am, agus iad den tuairim nach mbeadh siad in ann an fód a sheasamh.  

“Ach is léir do chách anois nach raibh an ceart acu is go bhfuil na meáin Ghaeilge in ann éacht a bhaint amach agus feidhmiú mar chuid lárnach de shaol na tíre. Is mar an gcéanna atá an troid leanúnach le haghaidh stáisiún FM Gaeilge don aos óg,” a dúradh san aighneacht. 

In 2025, choimisiúnaigh Coimisiún na Meán staidéar chun bunú stáisiúin raidió náisiúnta a bheadh dírithe ar dhaoine óga a fhiosrú. De réir an staidéir, tá éileamh ann i measc daoine óga ar ábhar breise Gaeilge sna meáin ach dúradh nach mbeadh seirbhís den sórt sin inmharthana ó thaobh tráchtála de agus go mbeadh maoiniú poiblí substaintiúil agus leanúnach ag teastáil, anuas ar chostais bhunaithe tosaigh shuntasacha. 

Chuir Sinn Féin i leith Choimisiún na Meán go bhfuil an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin “á cur le chéile bunaithe ar thaighde nach bhfuil [an Coimisiún] sásta a chur ar fáil don phobal, agus nár foilsíodh “staidéar indéantachta” ná “tuarascáil athbhreithnithe” atá “mar bhonn eolais” don straitéis.  

Tá Sinn Féin ag éileamh go dtabharfar aird ar “thaighde, tograí agus cuspóirí tábhachtacha eile” a thacaíonn leis an moladh stáisiún Gaeilge don as óg a bhunú agus ar an “gcreatlach láidir” atá ann cheana féin – leithéidí Raidió Rí-Rá – “a laghdódh costais bunaithe”.  

Tagraíodh freisin don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a bheidh ag teacht chun críche in 2030, agus don gheallúint ann go ndéanfar “forbairt ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óga trí leas a bhaint as an idirlíon agus as gnáthchraoladh raidió”.  

Tháinig deireadh inné leis an bpróiseas comhairliúcháin faoin Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin. Bhí feachtas ar bun ag Raidió Rí-Rá le daoine a spreagadh aighneachtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh stáisiún raidió FM don Ghaeilge.  

“Tá 57 seirbhís raidió ceadúnaithe in Éirinn ar FM. Is do dhaoine óga trí cinn acu, ach i mBéarla atá siad uile. Ní oiread is ceann amháin as an 57 ina sheirbhís Ghaeilge don aos óg, agus níl sé sin sna moltaí nua ach an oiread, ” a dúradh i bhfeachtas Raidió Rí-Rá. 

“Deir siad gur ar líne atá muid uile. In ionad stáisiún FM, molann an plean ‘mol ar líne’ don Ghaeilge. Ach éisteann 65% de dhaoine idir 15 agus 34 bliain d’aois leis an raidió gach lá. Bíonn an raidió ar siúl sa charr, sa chistin, agus sa siopa. Ní bheidh ‘mol ar líne’ ina stáisiún raidió.” 

Dúradh i dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, in 2023 nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua. 

Dúradh go léirigh torthaí an taighde go raibh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Gaeilge do dhaoine óga agus go raibh  “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid. 

Fág freagra ar 'Aighneacht curtha isteach ag Sinn Féin ar son stáisiún raidió Gaeilge FMdon ‘aos óg’ '