Steak au Poivre, ceann de na miasa is fearr i mbia traidisiúnta na Fraince

Mias chlasaiceach ón bhFrainc atá ag ár chef don oideas seo, stéig agus anlann piobair le sceallóga, ceann de na miasa is fearr i mbia traidisiúnta na Fraince

Steak au Poivre, ceann de na miasa is fearr i mbia traidisiúnta na Fraince

Do mhias na seachtaine seo, táim ag ullmhú stéige agus sceallóga le hanlann piobar. Is mias chlasaiceach bhlasta í a fhaightear leagan éigin di i mbeagnach gach bialann ar fud na tíre. Is as an bhFrainc don mhias ina foirm bhunaidh, agus tugtar ‘Steak au Poivre’ uirthi.

Tháinig ‘Steak au Poivre’’ chun cinn i mbistrónna Pháras ag tús an 20ú haois. Is béile galánta é atá simplí le hullmhú. Tháinig an-tóir air mar gheall ar an meascán d’fheoil mhairt bhog, piobar dubh brúite, agus anlann saibhir. Le himeacht ama, bhain sí cáil amach go hidirnáisiúnta agus tá sí fós ar cheann de na miasa is fearr i mbia traidisiúnta na Fraince. Moltar go mór é as an mblas breá láidir agus an tarraingt a bhíonn ar an mias seo i gcónaí.

Don oideas seo, úsáidfidh mé 10 n-unsa stéig thiubh súil easnacha nó rib-eye atá aoistriomaithe ar feadh 35 lá.

Is éard atá i gceist le haois-triomú ná próiseas ina stóráiltear feoil gan chlúdach i dtimpeallacht atá rialaithe go cúramach le teocht, taise agus sreabhadh aeir ar leith ar feadh tréimhse ama. Go hiondúil 35 lá. Sna 35 lá sin briseann einsímí nádúrtha síos na snáithíní matáin, rud a fhágann an stéig i bhfad níos boige. Fágann aon taise an fheoil freisin, rud a nochtann na blasanna nádúrtha. Go simplí, beidh blas níos mó ar an stéig agus beidh sí i bhfad níos boige.

Is maith liom mo stéig a thógáil amach as an gcuisneoir thart ar uair an chloig roimh chócaireacht, agus ligean dó teacht go teocht an tseomra. Tá sé tábhachtach an stéig a thabhairt go teocht an tseomra roimh chócaireacht mar go gcabhraíonn sé sin leis an stéig a chócaráil níos cothroime. Nuair a thógtar an stéig díreach ón gcuisneoir, bíonn an lár i bhfad níos fuaire ná an taobh amuigh, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an taobh amuigh cócaireacht róthapa agus an taobh istigh fós fuar.

Tá béile do bheirt san oideas seo.

Oideas

2 seallóid

30g piobarchaor glas

30ml fuisce

50g im

150ml barr bainne

300ml stoc mairteola

4 fata mór rooster

2 10oz stéig súil-easnacha

10g tím

2 ionga gairleoige

Ola le haghaidh friochta

Piobar dubh & Salann

Chun na sceallóga a ullmhú, bain an craiceann de na fataí agus gearr iad go dtí an tiús is mian leat féin.

Cuir i bpota uisce fuar a bhfuil salann ann agus bruith iad. Tar éis thart ar 8-10 nóiméad, nuair a bhíonn siad bog, síothlaigh iad agus cuir i leataobh iad le fuarú.

Dísligh na seallóidí agus cuir i bpota téite é le spúnóg bheag ime.

Nuair a bheidh na seallóidí bogtha, cuir piobarchaor glas agus 30ml fuisce leis agus lig dó laghdú.

Nuair a bheidh an fuisce laghdaithe, cuir an t-uachtar leis agus lig dó laghdú go dtí go mbeidh sé laghdaithe go dtína leath.

Nuair a bheidh an t-uachtar laghdaithe, cuir stoc mairteola leis agus lig dó laghdú arís, go dtí go mbeidh an tiús atá uaitse ann. Blaistigh an t-anlann le neart piobar dubh atá úrmheilte.

Agus an t-anlann ag laghdú leis go mall is féidir leat an stéig a chócaráil.

Cuir salann ar an stéig go agus cuir ar fhriochtán te olaithe í.

Donnaigh an stéig ar an dá thaobh go dtí go mbeidh crústa deas donn uirthi. Cuir spúnóg mhór ime ar an bhfriochtán, chomh maith le beagán tíme agus gairleoige.

Bealaigh an fheoil leis an im atá ag leá ar feadh thart ar 90 soicind.

Tóg amach as an bhfriochtán í agus lig don stéig suí.

Agus an stéig ina suí, cuir na sceallóga in ola ag 180°C ar feadh thart ar 8 nóiméad, go dtí go mbíonn siad deas briosc.

Má ligtear don stéig suí tar éis í a chócaráil, scaiptear na súnna ar ais tríd an bhfeoil, in áit iad a bheith ag sileadh amach nuair a ghearrtar í. Cabhraíonn sé seo leis an stéig fanacht bog, lán le súlach agus níos blasta. Chomh maith leis sin, ligeann sé don teocht inmheánach cothromú, rud a chinntíonn go mbíonn an fheoil cócaráilte go cothrom. Is fearr ligean don stéig suí ar feadh 10 nóiméad.

Téigh an t-anlann, gearr an stéig ina slisíní agus cuir ar phlátaí í leis na sceallóga.

Bain taitneamh as.

Fág freagra ar 'Steak au Poivre, ceann de na miasa is fearr i mbia traidisiúnta na Fraince'