Deir Conradh na Gaeilge agus múinteoirí ó scoileanna sa Tuaisceart go bhfuil sé scannalach agus díomách go bhfuil an DUP ag iarraidh bac a chur ar reachtaíocht atá beartaithe don oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart.
Inné a thug an DUP le fios go raibh achainí ar bhonn ábhar buartha déanta acu chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar an Bhille Gaelscolaíochta atá le teacht os comhair an Tionóil inniu.
Beidh Comhaltaí den Tionól Reachtach (MLA) ag vótáil ar an Bhille Gaelscolaíochta i Stormont inniu agus má éiríonn leis an Bhille, beidh ar an Roinn Oideachais plean oibre a ullmhú chun dul i ngleic leis an easpa foirne Gaeilge i scoileanna an Tuaiscirt.
Síniú ó 30 ball de Stormont ó dhá pháirtí dhifriúla ar a laghad atá de dhíobháil ar an DUP chun bac a chur ar an Bhille ach níl sé go hiomlán soiléir go fóill cé acu an mbeidh tacaíocht acu ó na páirtithe aontachtacha eile inniu.
Dúirt Jim Allister, ceannaire an TUV a bhfuil suíochán amháin acu i Stormont, go mbeadh a pháirtí sásta tacú le hachainí an DUP.
Dúirt ceannaire an UUP, Jon Burrows inné go raibh “fiúntas” ag baint le hachainí an DUP agus go mba mhian leis tacú leis ach nach raibh cinneadh foirmiúil ar bith déanta aige faoi ag an am sin.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge agus ionadaí ar Ghrúpa Oibre don Straitéis Gaelscolaíochta sa Roinn Oideachais gur “scannal iomlán” é cinneadh an DUP agus an Aire Oideachais “veto” a dhéanamh ar an Bhille seo fríd “achainí ar bhonn ábhar buartha” a dhéanamh.
Dúirt sé go léiríonn an stair go ndéanann an DUP “ionsaí ar an Ghaeilge” nuair a bhíonn a bpobal féin ag cur brú orthu.
“Agus iad faoi bhrú ollmhór [anois], cuireann siad cosc ar Bhille Gaeloideachais atá saindírithe ar phlean reachtúil a ullmhú chun tacú le cumas na nGaelscoileanna soláthar cuí múinteoirí a earcú agus a fhorbairt chun freastail ar riachtanas ár bpáistí agus ár ndaoine óga,” a dúirt sé.
Thug sé le fios gur “éileamh tomhaiste agus soiléir” é an Bille seo a thagann díreach ó na scoileanna agus eagraíochtaí oideachais sa Tuaisceart agus nár cheart d’aon pháirtí tacú leis an iarracht “achainí ar bhonn ábhar buartha” a úsáid mar veto seicteach frith-Ghaeilge.
“Is masla iomlán é sin a úsáid i gcoinne phobal na Gaeilge, nó sa chás seo, i gcoinne an 7,000 duine óg a roghnaíonn a gcuid oideachais a fháil trína dteanga dhúchais,” a dúirt sé le Tuairisc.
Scríobh Brónagh Fusco, Cathaoirleach Bhord na nGobharnóirí, agus Pilib Mistéil, Príomhoide ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh atá lonnaithe i mBéal Feirste, litir chuig an Chéad-Aire, LeasChéad-Aire, agus Comhaltaí den Tionól Reachtach inné chun a ndíomá faoin scéala seo a chur in iúl.
Dúirt siad go gcreideann siad gur “céim siar” don chomhionannas, don “dea-rialachas” agus do “chearta oideachais” na bpáistí atá i gcinneadh an DUP achainí ar bhonn ábhar buartha a dhéanamh ar an Bhille Gaelscolaíochta.
Dúirt siad go gcuideodh an reachtaíocht seo le fadhbanna atá aitheanta san earnáil “le fada an lá” agus go bhfuil “dualgas” ar an Roinn Oideachais agus ar an Tionól a chinntiú go mbeidh “córas inbhuanaithe” ann chun freastal ar an éileamh atá ann don oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh.
“Tá fás seasta tagtha ar an oideachas lán-Ghaeilge le blianta fada anuas…is deacair a thuiscint cén fáth a mbeadh aon pháirtí polaitiúil ag iarraidh bac a chur ar phleanáil chuí do riachtanais oideachais na leanaí seo.”
Mhaígh siad go raibh “díomá” orthu go bhfuil “meicníocht” a ceapadh le pobail a chosaint á húsáid anois chun dul i gcoinne fhorbairt earnáil an oideachais.
“Iarraimid ar gach páirtí polaitiúil athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh seo agus tacú leis an Bhille ionas gur féidir todhchaí láidir agus inbhuanaithe a chinntiú don oideachas lán-Ghaeilge agus do na glúnta óga a bhraitheann air,” a dúirt siad.
Ba é Pat Sheehan, MLA agus urlabhraí oideachais Shinn Féin, a thug an Bille isteach i dTionól Thuaisceart Éireann i Márta na bliana seo.
Is iad príomhspriocanna an Bhille ná dul i ngleic le heaspa foirne a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu sa Tuaisceart, múinteoirí agus cúntóirí ranga, mar shampla.
Chomh maith leis sin, chuideodh an reachtaíocht úr leis an ualach mór oibre atá ar mhúinteoirí Gaeilge ó thuaidh san am i láthair, chomh maith le pleanáil agus athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus feabhas a chur ar na tacaíochtaí i nGaeilge do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Fág freagra ar '‘Scannal iomlán é’ go bhfuil an DUP ag iarraidh bac a chur ar reachtaíocht don oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart'