Deir an Roinn Oideachais gur “luath sa mbliain nua” a fhoilseoidh tascfhórsa a mholtaí maidir leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge sa stát.
Bhí sé i gceist go gcuirfeadh an Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge a chuid moltaí faoi bhráid an Aire Oideachais an mhí seo ach tá an spriocdháta sin anois curtha siar.
Bunaíodh an tascfhórsa mar chuid den Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a seoladh anuraidh. Bhí obair na meithle le bheith curtha i gcrích laistigh de 12 mhí den chéad chruinniú aici, a tharla ar an 17 Samhain 2025.
I bhfreagra ar cheist Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go raibh súil ann go mbeadh obair an tascfhórsa críochnaithe “roimh dheireadh na bliana” ach níor luadh spriocdháta ar bith nuair a thagair sí arís dó i bhfreagra eile an tseachtain seo caite.
Tá sé deimhnithe anois ag urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc go bhfuil sé i gceist go leanfar le hobair an tascfhórsa i ndiaidh an Nollag agus go gcuirfear a mholtaí faoi bhráid na Roinne sa mbliain nua.
Tá oifigigh ón Roinn Oideachais agus Óige, ó chigireacht na Roinne, ó Roinn na Gaeltachta agus ó eagraíochtaí oideachais i measc bhaill an tascfhórsa. Dúirt ball amháin mí Mheán Fómhair nach raibh “bealach ar bith” go mbeadh an obair réitithe an mhí seo.
Ar na cúraim atá ar an tascfhórsa, iarrtar air moladh a dhéanamh maidir leis na múnlaí atá ag teastáil chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus plé a dhéanamh ar an ngá le hathruithe ar mhúnlaí atá ann cheana féin.
Tá amhras léirithe cheana ag An Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas, dhá eagraíocht atá ina mbaill den tascfhórsa, faoi chur chuige an tascfhórsa. Léiríodh imní go raibh cinneadh déanta roimh ré ag an Roinn gan bunú scoileanna lán-Ghaeilge nua a mholadh agus go raibh béim curtha ar mhúnla an Aonaid lán-Ghaeilge, múnla ar moladh deireadh a chur leis i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais féin.
Tá an brúghrúpa Imeasc ag bualadh le Teachtaí Dála agus Seanadóirí tráthnóna chun aird a tharraingt ar an mbearna mhór atá idir an t-éileamh atá ar oideachas bunscoile lán-Ghaeilge agus líon na n-áiteanna atá ar fáil i nGaelscoileanna ar fud na tíre.
I measc na n-ábhar eile atá á bplé ag an tascfhórsa, tá treoir do bhunscoileanna meán-Bhéarla atá ag iarraidh aistriú ina scoileanna lán-Ghaeilge. Tá os cionn deich mbunscoil timpeall na tíre tar éis suim a léiriú teanga na scoile athrú agus go ndéanfaí an t-athrú céim ar chéim ó mhí Mheán Fómhair 2027 ar aghaidh.
Chuir an Roinn Oideachais síneadh leis an spriocdháta go dtí deireadh na míosa seo do scoileanna atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh a bheith san áireamh sa chéad ghrúpa scoileanna a thabharfaidh faoin athrú sin.
Fág freagra ar 'Foilsiú mholtaí thascfhórsa an ghaeloideachais curtha siar go dtí ‘an bhliain nua’'