An boscadóir gealgháireach Pól Mac Ruairí imithe ar shlí na fírinne

Bhí aithne mhór ar Phól Mac Ruairí mar bhoscadóir cumasach ceolmhar ó Oileán Thoraí

An boscadóir gealgháireach Pól Mac Ruairí imithe ar shlí na fírinne

Tá an boscadóir, oileánach agus duine de phearsaí móra shaol na Gaeilge Pól Mac Ruairí imithe ar shlí na fírinne. Bhí sé 88 bliain d’aois.

Tógadh Pól Mac Ruairí nó Prionsa Thoraí mar ab fhearr aithne air ar Oileán Thoraí i nGaeltacht Dhún na nGall.

Chaith sé an chuid is mó dá óige ag fás aníos i dToraigh go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath níos deireanaí ina shaol lena bhean chéile Máire.

Cé gur chaith sé bliantaí sa phríomhchathair bhí a chroí i dToraigh i dtólamh agus nuair a bhíodh síneadh beag ar an lá agus fás ar an fhéar philleadh sé ar a bhaile áit a mbeadh a chuid ceoil le cluinstin ag a mhuintir féin ar an chreag beag i lár na farraige.

Bhí aithne mhór ar Phól mar bhoscadóir cumasach ceolmhar a bheadh ag bogadaí leis agus é i mbun ceoil lena bhosca, ag luascadh a chinn ó thaobh go taobh agus an dá chos ag gabháil suas agus síos mar a bheadh na tonnaí móra gorma thart ar a oileán dúchais.

Aon bhliain déag d’aois a bhí sé nuair a fuair sé a chéad bhosca ceoil agus is iomaí port atá seinnte aige ó shin i stíl ársa Thoraí taobh amuigh dá theach féin ar an Bhaile Thiar agus ag ócáidí ceoil ar fud na cruinne.

Gael go smior bhí ábalta croíthe na ndaoine a thógáil lena phearsantacht mhór mheallta agus a ábaltacht nádúrtha ar an bhosca ceoil.

Fág freagra ar 'An boscadóir gealgháireach Pól Mac Ruairí imithe ar shlí na fírinne'