Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tóin ag titim as Netflix, ceann de na seirbhísí srutha is mó ar an domhan agus, cinnte, an ceann is mó atá i mbéal an phobail le fada. Tá bata agus bóthar á thabhairt do chuid shuntasach den fhoireann; níl an borradh faoin tseirbhís mar a bhí agus tá iomaíocht ghéar ar siúl idir é agus na seirbhísí srutha eile; seirbhísí atá ag iarraidh cúpla punt a bhaint as sparán teann na linne seo fosta.
Ina ainneoin sin uilig, is é Netflix an tseirbhís is fearr liom féin, rud nach ionann agus a rá go bhfuil sé foirfe. Bíodh sin mar atá, aimsím ábhar taitneamhach ann níos minice ná ar chuid mhór eile suíomhanna agus an stuif atá maith – Loudermilk, The Gentlemen – bíonn sé maith.
Bua mhór amháin atá ag Netflix go bhfuil sé iontach furasta teacht ar ábhar i dteangacha eile amach ón Bhéarla. Fágann Netflix an rogha agat go minic cé acu ba mhaith leat amharc ar an ábhar sa teanga dhúchais le fotheidil nó dubáil a roghnú. An teanga dhúchais mo rogha nó cad é is fiú amharc ar rud as tír eile i mBéarla dara láimhe?
Ar an ábhar sin a mheall scannán nua ón tSualainn, Storm (Stormen) m’aird an tseachtain seo. Rinneadh cur síos air mar choiméide/dráma a bhain le cairde ollscoile, óstán iargúlta agus stoirm sneachta. Shining na Sualainne an ea? Abair gurb ea!
Bean óg de bhunadh Stócólm, Josephine Bornebusch, a stiúraigh agus a scríobh an scannán agus shíl mé gur deas é sin fosta, spléachadh a fháil ar scannán comhaimseartha de chuid na hEorpa i gcuideachta stiúrthóra óig. Tugadh le fios go raibh Storm fóirsteanach do dhaoine os cionn 18 bliain agus go raibh S.E.X ann.
Bhuel, ní dócha go raibh mórán sa cholún seo a bhain leis an CLG eile – cumann lúbtha géag – agus shíl mé go rachainn sa tseans. B’éigean dom rud taighde a dhéanamh ar IMDb le tuilleadh eolais a bhailiú faoin fhiontar sular amharc mé air agus sin an rud a rinne mo chabhóg.
Tharla, agus mé ag bailiú sonraí beathaisnéise faoin stiúrthóir agus cliar, gur mhothaigh mé dornán léirmheasanna ón lucht féachana ag bun an leathanaigh IMDb, gnás a bhíos fosta ag, abair, Rotten Tomatoes, suíomh mór eile scannán. Duine measartha saobh mé agus seachnaím léirmheasanna den tsórt roimh an scannán a fheiceáil.
Ach ní raibh na píosaí seo le seachaint. Léim siad amach orm ar nós ropairí ar bhóthar uaigneach tuaithe sa tseanam. ‘Please don’t see this movie’ a bhí mar cheannlíne ar cheann amháin de na léirmheasanna ón lucht féachana. ‘Catastrophically bad film’ a bhí ann.
Ní raibh neart agam air; b’éigean dom an píosa a léamh go deireadh. Ní moladh a bhí ann. Agus é léite, thuig mé go mbeadh orm an dara léirmheas a léamh, i ndúil is go dtabharfadh an dara postáil léargas níos deimhní ar an scannán dom.
Ní raibh an t-ádh orm leis an cheann seo ach an oiread. ‘Absolute garbage’ a bhí ar an dara ceannlíne: ‘This is bad … so bad it’s insane’.
An tríú ceann? ‘An embarrassment to the industry,’ a scríobh an tríú duine, ‘no identity, no soul, no talent’.
D’aimsigh mé, leis an cheathrú hiarraidh, cúpla focal cineálta: ‘Amazing lineup of actors which does truly phenomenal stuff.’
Bhuel, is mór idir an cúpla líne sin agus a raibh ann roimhe agus seo daoine, gnáthdhaoine, a d’amharc ar an scannán agus a chuir an trioblóid orthu féin dul ar líne.
Rith cúpla rud liom agus mé ag amharc ar na postálacha seo. Seanscéal agus meirg air faoin am seo an deifre a bíos ar dhaoine tuairimí a chur ar líne in áit na mbonn agus na tuairimí sin a bheith fíochmhar. Mar sin féin, baineann sé preab asat go fóill agus seo baill den phobal, chan léirmheastóirí gairmiúla ar gá dóibh an tua a ardú mar chuid den ghnó anois agus arís.
Agus an dara rud; an dochar a rinne siad dom féin. Ag súil leis an scannán a fheiceáil a bhí mé mar níl d’eolas agam ar an tSualainn ach gur cheannaigh mé gach aon albam a d’eisigh Abba ariamh agus gur as an tír sin a tháinig Henrik Larsson.
Cad é a shíl mise de? Sin an donas. Ní léirmheas ar scannán é seo ach léirmheas ar na léirmheasanna. Ní raibh mé cróga go leor le hamharc air go fóill. Beidh orm fanacht cúpla seachtain le go n-imíonn an chaint shearbh as mo chuimhne.
Seans mór go bhfeicfidh tusa an scannán romham. Seans mór go bhfuil na léirmheasanna diúltacha pobail cruinn ceart agus go mbeidh tusa agus mise ag teacht leo. Cá bhfios?
Ag gach bó a lao agus ag gach léirmheastóir a laoi.
Fág freagra ar 'Ní léirmheas ar scannán é seo ach léirmheas ar na léirmheasanna…'