Gaeilge mo Chara
Tá ráchairt mhór ar Youth, an saothar is deireanaí ó Sharon Horgan atá le feiceáil anois ar HBO. Beidh comhbhá ar leith ag Gaeilgeoirí le radharc amháin sa tsraith ina ndéantar iarracht a chur ina luí gur teanga ar leith í an Ghaeilge seachas canúint réigiúnach den Bhéarla. Ins an gceathrú clár den tsraith téann Sharon ar cuairt go Clerkenwell, an ceantar ina bhfuil cónaí ar a hiarleannán (ex-Pat mar a thugann sí air), fear a bhfuil cion aici air go fóill.
Ach sula bhfaigheann sí deis dul ag suirí leis tagann a pháirtí nua, Cara, amach ina theannta. Tots awky momo, mar a déarfadh na déagóirí i do theach. Ach ní baolach do Sharon sheiftiúil. “Did you know that Cara is the Irish for friend?” a deir sí go cairdiúil. “How do you mean Irish?” a fhiafraíonn Cara. “As in the Irish language,” arsa Sharon. “Oh right like English for Irish?” “Yeah, yeah, yeah like French but Irish,” arsa Sharon le teann déistine. “Like Greek…but Irish.” Sílim go dtig linn uilig cuimhneamh ar a mhacasamhail de chomhrá agus muid ag iarraidh stádas sheanteanga ársa na nGael a chaomhnú agus muid ag caint le Sasanaigh.
Ach is léir go ndeachaigh cuid den chomhrá i bhfeidhm ar Chara. Ins an chéad chlár eile bíonn na cairde ar fad ag imirt ‘Heads up’ – cluiche ina gcaitheann tú buille faoi thuairim a thabhairt faoina bhfuil scríofa ar an chárta atá ar do bhaithis le cuidiú ó leideanna ó do pháirtí. ‘Limerick’ atá scríofa ar chárta Chara agus insítear di gur ‘dán Éireannach’ atá ann. ‘Rap. Kneecap,” a deir sí. “Tiocfaidh ár lá.” Ba léir gur leor nod don aineolach. Beimid ag súil le tuilleadh Gaeilge ó mo Chara sa darna sraith.
*****
An ‘Today Show’ ar mhuin na muice
I measc na seirbhísí go léir a chuireann Dialann Tuairisc ar fáil daoibh, coimeádtar súil ghéar anseo ar mhóimint shíoraí na Gaeilge.
Bhí go leor le breacadh againn le seachtain sa leabhar beag nótaí speisialta ina gcoimeádaimid cuntas ar iontais na móiminte Gaeilge.
Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh san eagrán Éireannach den Today Show ó Mheiriceá a craoladh beo ó Neidín i gCiarraí. Ní ar Youth amháin atá seasamh á thógaint ag Sharon Horgan ar son tíre agus teanga agus bhí sí ar dhuine de na haíonna ar an eagrán beo den chlár mór-ráchairte ó NBC a bhí urraithe ag Fáilte Éireann.
Chuir Horgan trí cinn d’fhéiríní Éireannacha faoi bhráid Jenna Bush Hager, duine de láithreoirí The Today Show – mála Johnnie Onion Rings, buidéal Club Rock Shandy agus barra seacláide Cadbury.
Ach aon áit a mbíonn trácht na laethanta seo ar shiombail an Éireannachais, ní bhíonn móimint na Gaeilge i bhfad ón gceiliúradh.
Gan dabht bhí mír ag an Today Show faoin bhféirín is gile agus is Gaelaí ar fad acu. Mhúin daltaí ó Choláiste Íde sa Daingean do Jenna conas ‘good morning’ a rá i nGaeilge. Mhíníodar leis di cad is brí le ‘Tá mé ar mhuin na muice’.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
*****
Thapaigh cúpla duine eile an deis le seachtain dá gcuid féin a dhéanamh de mhóimint na Gaeilge.
Cuirfear tús amárach ar an BBC leis an tsraith teilifíse nua ‘A Course Called Ireland’, clár taistil gailf a bheidh á chur i láthair ag na haisteoirí mór le rá Bill Murray agus Chris O’Dowd. Roimh tús a chur leis an imirt nocht O’Dowd a chuid tuairimí faoin nGaeilge. Phléigh sé i dtosach lorg thaibhse na Gaeilge ar an ionramháil a dhéanann scríbhneoirí na hÉireann ar an mBéarla.
“I think that there is definitely something in our use of language that must translate to the lack of our own,” a dúirt sé.
Bíonn scríbhneoirí Béarla na hÉireann “reaching into the cobwebs of the corners that other writers don’t reach for, because they’re still searching and yearning for something that’s probably taken from them”.
Beagáinín róghar don fhírinne do mhóimint na Gaeilge, b’fhéidir, ach ní fada go raibh O’Dowd ar thalamh slán arís agus é ag trácht ar “massive resurgence” na Gaeilge. “I hope that it’ll spawn even more extraordinary writing and music and art,” a dúirt fear Ros Comáin.
Tá súil againn go léir é ach tá roinnt “extraordinary writing” againn a bhuíochas le móimint na Gaeilge.
Ar Inis Meáin leis an eacnamaí David McWilliams atáimid don iontráil dheireanach don tseachtain seo i leabhar nótaí mhóimint na Gaeilge.
Géarchéim tithíochta na Gaeltachta a bhí ag dó na geirbe ag McWilliams ina cholún ar an Irish Times, inar mhol sé stádas saor ó cháin do mhuintir an oileáin.
Cuimhneoidh léitheoirí áirithe nach é seo a chéad róidió ag McWilliams. Téann suim an eacnamaí sa Ghaeilge chomh fada siar ar a laghad le 2004 nuair a bhí sé ina aoichainteoir ag Tóstal na Gaeilge sa Ghaillimh, áit ar fhógair sé go raibh an Ghaeilge ‘cool’ agus go raibh a móimint tagtha.
Bhí McWilliams ar Inis Meáin le déanaí an oíche chéanna go raibh cruinniú ag an mbrúghrúpa tithíochta Tinteán ann.
“Ironically, we are just a few hundred yards from the cottage where
JM Synge spearheaded the Gaelic Revival,” arsa McWilliams.
Sea, ní íoróin go dtí é.
Luaigh McWilliams ina alt bánú tubaisteach an oileáin, meath na Gaeilge agus an chultúir.
Ansin chuir an t-eacnamaí ceist ar dócha nár rith sí riamh cheana le haon duine agus iad ag machnamh ar ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta, nó ar mhórán rudaí eile sa saol.
Ach cé gur ceist í nach dócha go gcloisfimid arís go deo í ach oiread, oireann sí ar chuma éigin go feillbhinn don mhóimint.
‘What would Synge think?’
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Fág freagra ar 'Johnnie Onion Rings, John Milington Synge agus an Ghaeilge'