An PSNI chun agallamh i nGaeilge a chur ar cheannaire Aontú an Aoine beag seo

Scríobh an PSNI go dtí an Teachta Tóibín an tseachtain seo a chuaigh thart ag iarraidh air freastal ar agallamh mar chuid dá bhfiosrúchán faoi agóidí Bhóthar Gharbhachaidh

An PSNI chun agallamh i nGaeilge a chur ar cheannaire Aontú an Aoine beag seo

Cuirfidh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) agallamh i nGaeilge ar Pheadar Tóibín, ceannaire pháirtí Aontú ar an Aoine bheag seo.

Tá Tóibín á chur faoi agallamh ag na póilíní mar chuid d’fhiosrúchán faoi agóid Bhóthar Gharbhachaidh i mí Mheán Fómhair

Bhí Tóibín, Teachta Dála don Mhí Thiar, i láthair ag na hagóidí a tharla i bPort an Dúnáin chun paráid na nOráisteach síos Bóthar Gharbhachaidh a chosc.

Scríobh an PSNI go dtí an Teachta Tóibín an tseachtain seo a chuaigh thart ag iarraidh air freastal ar an agallamh a bhí le bheith ar siúl ag tús na seachtaine seo ach cuireadh an t-agallamh ar athlá tar éis dó a iarraidh go reáchtálfaí an t-agallamh i nGaeilge.

Thug Tóibín le fios go mbeidh sé “ag glacadh páirte” in agallamh i nGaeilge leis an PSNI amárach, Dé  hAoine an 13 Samhain, agus dúirt gur smaoineamh maith é “an deis” a thabhairt don PSNI “feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge” .

“D’iarr muid go mbainfí úsáid as an Ghaeilge san agallamh áirithe seo mar go bhfuil sé tábhachtach go mbainfí úsáid as an Ghaeilge sa tsochaí,” a dúirt Tóibín i ráitas a roinn sé ar an ardán X.

Dúirt sé go ndearna Aontú agus páirtí polaitíochta eile obair chrua chun Acht Teanga don Ghaeilge a “rith” sa Tuaisceart agus nár cheart go gcaithfí leis an Acht mar “ornáid”.

“Tugann [an tAcht] an deis do dhaoine an Ghaeilge a úsáid leis an stát agus ba cheart dúinn uilig iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint as an deis sin nuair is féidir linn,” a dúirt Tóibín.

Rinne sé tagairt chomh maith don DUP agus na hiarrachtaí atá ar siúl acu bac a chur ar reachtaíocht don oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart.

Thacaigh na páirtithe aontachtacha eile leis an DUP inné chun achainí ar bhonn ábhar buartha a chur i bhfeidhm i Stormont rud a chuireann bac anois ar an Bhille Gaelscolaíochta ó thuaidh go dtí go mbeidh deis ag comhaltaí den Tionól Reachtach vóta a chaitheamh ar an reachtaíocht i gceann coicíse.

Dúirt Tóibín gur “céim ar gcúl” a bheadh ann dá mba rud é go mbeadh an DUP ag iarraidh bac a chur ar an Bhille Gaelscolaíochta “mar phionós de shórt inteacht” as na cinntí a bhí déanta le linn eachtra Dhroim Crí.

“Sílim nach bhfuil rud ar bith foghlamtha ag an DUP. Is cuid dár n-oidhreacht ar fad í an Ghaeilge agus sílim go bhfuil sé an-tábhachtach nach gcuirtear pionós ar an Ghaeilge mar gheall ar na botúin atá á ndéanamh ag an DUP,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An PSNI chun agallamh i nGaeilge a chur ar cheannaire Aontú an Aoine beag seo'