An scoláire ceannródaíoch Seán de Fréine imithe ar shlí na fírinne

Meastar an saothar a rinne de Fréine ar an athrú teanga sa naoú haois déag ar cheann de na saothair is tábhachtaí i réimse léann na hÉireann

An scoláire ceannródaíoch Seán de Fréine imithe ar shlí na fírinne

Tá Seán de Fréine, duine de mhórscoláirí a linne, imithe ar shlí na Fírinne. Bhí sé 99 bliain d’aois.

Tá Saoirse gan Só, an chéad leabhar a scríobh sé, áirithe ar cheann de mhórshaothair Léann na hÉireann. Déantar anailís sa leabhar, a foilsíodh i 1960, ar an athrú teanga sa naoú haois déag agus an tionchar a bhí aige ar chúrsaí sóisialta agus cultúrtha na tíre.

Thuill an leagan Béarla den leabhar, The Great Silence, a foilsíodh ar dtús i 1965 agus leagan leasaithe i 1978, cáil mhór agus meastar é ar cheann de na saothair is mó i réimse léann na hÉireann.

Mórshaothar eile dá chuid ab ea Croí Cine, cnuasach de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge. Foilsíodh an leabhar ar dtús in 1990 agus cuireadh leagan nua de i gcló in 2019. Ina léirmheas ar an leagan sin ar Tuairisc, dúirt Alan Titley, “Ní mór ná go bhféadfá a rá go bhfuil litríocht na Gaeilge, aon mhíle cúig chéad bliain di le fáil faoi chlúdaigh an leabhair seo”.

Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh ar de Fréine in 2021 agus ómós á thabhairt dó as an “tábhacht bhunúsach” a bhain lena chuid oibre i réimse an chultúir agus na teanga le trí scór bliain agus an tionchar mór a bhí aige ar an tsochtheangeolaíocht in Éirinn agus ar nithe a bhaineann leis an mbeartas teanga.

Ba é de Fréine an chéad phríomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge agus é sa bpost idir 1975 agus 1978 agus scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge curtha chun cinn aige chomh maith agus é ina chomhalta ar Bhord na Leabhar Gaeilge idir 1994-2006.

Státseirbhíseach sinsearach ba ghairm ag Seán de Fréine agus is iomaí roinn rialtais ar ar fhág sé lorg a shaothair, an Roinn Airgeadais ina measc. Chuir a thaithí ar an riar poiblí go mór lena chuid oibre mar chomhúdar ar Chiste Cúrsaí Reatha a foilsíodh i 1992 a chuir bonnchloch dhaingean faoin obair a rinneadh ó shin ar an téarmaíocht ghnó agus riaracháin. Ba mhór aige an saothar téarmaíochta ag Gaois in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an nua-theicneolaíocht á tapú chun leasa na teanga.

Laoch séimh uasal a rinne cion fathaigh ar son na tíre agus na teanga. Mairfidh an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.

Fág freagra ar 'An scoláire ceannródaíoch Seán de Fréine imithe ar shlí na fírinne'