FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc

Féach ar an bpíosa físe seo agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis


Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO

Gníomhaíocht 1:

  • Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/focal gaolmhar.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
  • Má tá tú i bponc is féidir na míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
  • Cabhróidh an íomhá thíos leis an bhfocal “léirsiú”.
  • Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine atá in aice leat.

 

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach ar an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
    1. Cad atá i mbéal an phobail arís?
    2. Cén fáth a luaitear Port an Dúnáin?
    3. Cén uair a thosaigh an lucht léirsithe ag bailiú le chéile ar Bhóthar Gharbhachaidh?
    4. Cén fáth a bhfuiltear ag iarraidh an pharáid a stopadh?
    5. Cá raibh an cluiche idir Éirinn agus Iosrael ar siúl?
    6. Cén fáth a luaitear Dónall Ó Braonáin?
    7. Cén post nua atá faighte ag Éamonn Fitzmaurice?
    8. Cén scéal ar Tuairisc.ie a bhaineann leis an bpictiúr thíos?

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:

  • An raibh tú raibh riamh páirteach i léirsiú?
  • Muna raibh, smaoinigh ar ábhar ar mhaith leat léirsiú a dhéanamh faoi.
  • Ábhar machnaimh:
    • Smaoinigh ar ábhar an léirsithe – tithíocht, maoiniú, seirbhísí, coiriúlacht srl.
    • Cad go díreach a bhí i gceist leis an léirsiú?
    • Cé hiad na daoine a bhí ann?
    • Cé air a bhí sé dírithe?
    • Cén toradh a bhí air?
  • Seo nasc chuig alt faoin Dream Dearg, dream atá ag feachtasaíocht ar son na Gaeilge sa Tuaisceart. Cabhróidh sé leat le d’alt féin.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc'