TUAIRIM TUAIRISC: Nach iontach an dream ‘An Dream Dearg’?

Léirigh An Dream Dearg go raibh caipiteal polaitiúil sna cearta teanga agus i gceist na Gaeilge, gaisce nach beag

TUAIRIM TUAIRISC: Nach iontach an dream ‘An Dream Dearg’?

Nach iontach an dream ‘An Dream Dearg’?

Ar deireadh thiar, in ainneoin a ndeir a mana cáiliúil, níorbh é a bhfearg is mó ba chúis le rath an fheachtais ar son na reachtaíochta Gaeilge ach a ndóchas, a ndiongbháilteacht agus a ndánaíocht.

Ar ndóigh, níorbh aon dochar dóibh ach oiread go raibh an ceart acu.

Agus níl aon dabht ach go raibh rath ar a bhfeachtas.

Tugadh bille isteach i dTeach na dTiarnaí in Westminster inné a chuirfidh go mór le stádas na Gaeilge sa Tuaisceart má chuirtear i bhfeidhm í.

Sin gníomh stairiúil lán íoróine má bhí a leithéid riamh ann agus níor cheart beag is fiú a dhéanamh de.

Acht Féiniúlachta agus Teanga a bheidh ann seachas acht don Ghaeilge amháin mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, ach cén dochar dáiríre má bhíonn Coimisinéir Teanga ag an Ultais chomh maith?

B’fhéidir nach teanga í, ach bíonn gá leis an míréir chognaíoch sna cúrsaí seo go minic.

Bhí gealadh croí ag baint le feachtas anamúil seiftiúil muiníneach An Dream Dearg agus Chonradh na Gaeilge, ach seans gurb é an rud ba thábhachtaí a rinneadar ná gur éirigh leo brú a chur ar Shinn Féin cearta teanga a áireamh i measc na mbunriachtanas acu do roinnt na cumhachta.

Radacú Shinn Féin i leith cheist na reachtaíochta teanga a chinntigh go ngéillfí sa deireadh tar éis breis is 15 bliain den chaint gan aon chur leis agus de gheallúintí nár comhlíonadh.

Chruthaigh An Dream Dearg go raibh caipiteal polaitiúil sna cearta teanga agus i gceist na Gaeilge, gaisce nach beag agus rud nár éirigh le lucht feachtais ná aon dream eile a chur abhaile ar an aos polaitiúil ó dheas den teorainn go fóill.

Gan dabht, ní hé an dá mhar a chéile an dá stát agus bhí, mar shampla, cabhair mhór ag an Dream Dearg sa chúram seo go léir ón DUP.

Chuir caint bhiogóideach an DUP faoi chrogaill agus doicheall an pháirtí roimh chearta bunúsacha go mór le gríosú an phobail chun tacú le feachtas An Dream Dearg.

Más jóc a bhí i ‘Curry my yoghurt’ Gregory Campbell, bhuel, ní ag gáire atá an DUP anois.

Mar sin féin, is é an páirtí aontachtach an bac is mó roimh chearta teanga sa Tuaisceart i gcónaí.

An laige a bhí ar an bplean don reachtaíocht teanga nuair a foilsíodh í ná go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh veto de facto ag an DUP roimh a feidhmiú agus nach mbeadh dóthain neamhspleáchais ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tá na laigí sin fós ann.

Ní mór don Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire a mbeannacht a thabhairt do cheapachán Coimisinéara Teanga agus, ina dhiaidh sin, don chóras a leagfadh dualgais i leith na Gaeilge ar chomhlachtaí poiblí.

Ní ann don fheidhmeannas in Stormont faoi láthair ach is é is dóichí ná a mhalairt go gcuirfeadh an DUP bac roimh fheidhmiú na reachtaíochta Gaeilge dá dtabharfaí an cead sin dóibh.

Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh cumhachtaí ag an Státrúnaí iachall a chur ar Stormont an reachtaíocht a chur i bhfeidhm sa chás go mbeifí ag tarraingt na gcos.

D’fhéadfaí feidhm a thabhairt do na cumhachtaí sin láithreach bonn baill, ach an bille a bheith achtaithe.

D’fhéadfadh Rialtas na Breataine na Coimisinéirí a cheapadh  agus tús a chur leis an gcóras cearta teanga a leagan síos.

Is fíor don Dream Dearg nuair a deir siad go bhfuil cuid mhór le déanamh chun a chinntiú go mbainfear a sprioc amach.

Ach ócáid stairiúil a bhí ann gan aon agó nuair a chuir an 7ú Iarla Howe an bille i láthair Theach na dTiarnaí go gairid roimh 4pm tráthnóna inné.

Is beag a thuig bean cháinte na gcrogall gur á moladh a bhí sí chomh maith nuair a dúirt sí gur deacair iad a shásamh.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC: Nach iontach an dream ‘An Dream Dearg’?'