‘Showbusiness’ na nGael
Tá scéal grinn cáiliúil ann faoi dhuine sa sorcas a bhíonn ag sluaisteáil cac eilifinte. ‘It’s showbusiness!’ a deir sé mar mhíniú ar a rogha slí bheatha.
Bhíodh an meon céanna tráth den saol ag daoine faoin bpost is suaraí sna meáin Ghaeilge. Creid nó ná creid é bhí saol ann fadó gur bhain draíocht áirithe le bheith i do dhialannaí le nuachtán Gaeilge, gan trácht ar a bheith i d’iriseoir le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann nó i do chlár-reachtaire i nGarraí Pheter William. I nGarraí Pheter Pharthais a bhí an té a mbíodh alt san Irish Times aige.
Ach deirtear le Dialann Tuairisc go bhfuil an lá sin imithe. Bíonn sé an-dian ar fad ag seirbhísí nuachta Gaeilge suim daoine a mhúscailt i bhfolúntais. Agus, ní go réidh, mar shampla, atá na postanna á líonadh don tseirbhís nuachta nua ar líne atá á bunú ag TG4.
Pá níos fearr i státchóras na Gaeilge agus earnálacha eile ceann de na cúiseanna leis an easpa suime i soilse lonracha ghnó siamsaíochta na nGael, is cosúil. É sin agus dúil níos mó a bheith ag an nGael óg sa PhD faoin trasnachas i nuafhilíocht na Gaeilge ná sa dialann bheag nuachtáin a n-éiríonn léi, uair sa chéad, b’fhéidir, gáire beag a bhaint as an léitheoir atá idir dhá phostáil Instagram.
Cúis eile a luaitear leis an easpa daoine óga atá ar fáil do na meáin Ghaeilge ná meath na teanga féin agus a laghad daoine atá oilte chun a bheith ag sluaisteáil chac na heilifinte Gaelaí ó éirí go luí na gréine.
Tá sé in am ag na húdaráis chuí, agus neamhchuí fiú, teacht le chéile agus cúrsa nuálach sluaisteála a chur ar bun.
Tharla sé cheana.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
‘Problems’ Raidió na Gaeltachta
Beidh cumha i ndiaidh na seanlaethanta ar aon iriseoir, óg nó aosta, a léifidh an réamhrá álainn atá ag Máirtín Jaimsie sa leabhar nua breá Johnny Chóil Mhaidhc – Saothar Saoil.
Tá cur síos iontach ag Máirtín Jaimsie ar conas mar a bhí i saol na craoltóireachta nuair a fuair sé féin ‘jaibín sa raidió ag déanamh leanúnachais, agus ag léamh na nuachta théis píosa…’. Bhí cónaí air sa Ghaillimh ag an am, ‘Ag kipeáil i bhflatannaí cairde agus ag maireachtáil sa Cellar Bar.’
I 1976 a fuair Máirtín Jaimsie an clár Togha agus Rogha ar Raidió na Gaeltachta:
‘Clár iarratais, ach ní mórán acub a bhíodh dhá sheoladh isteach. Sé an chaoi a mbínn féin dhá gcumadh do chairde agus do dhaoine a chastaí orm sa bpub,’ a deir sé.
‘Na corrcheann a thagadh isteach chaití iad a sheiceáil mar bhídís mailíseach. Daoine nach raibh ag caint le chéile le glúnta ag pósadh a chéile, mar ó Dhia, agus rudaí mar sin!’
Tar éis tamaill chuimhnigh sé ar mhír nua chun an clár a dhéanamh níos taitneamhaí – na ‘Problems’.
Scríobhadh daoine go dtí an clár ag cur síos ar a gcuid fadhbanna agus Johnny Chóil Mhaidhc a thabharfadh freagra orthu.
‘Muid fhéin a chum na chéad Phroblems,’ a deir Máirtín Jaimsie, agus nach fíor mar ráiteas é ar mhórán slite.
Bhí an-tóir ar Togha agus Rogha, is cosúil.
‘Bhí Johnny agus mé fhéin inár gcineál superstars i gConamara in áit ar bith a raibh éisteacht ag Raidió na Gaeltachta – ach ní mhaireann rudaí sa saol sin, ná sa saol mór fré chéile, ach seal.’
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Mairtírigh Oráisteacha
Bhí Ciarán Ó Coigligh, an file, scoláire agus ball den DUP, ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo chun léargas a pháirtí a thabhairt ar scéal Bhóthar Gharbhachaidh. Thapaigh sé an deis cóip dá leabhar Orange Martyrs: Mairtírigh Oráisteacha a thaispeáint ar an scáileán.
Cnuasach dátheangach filíochta ag comóradh na mball den Ord Oráisteach a maraíodh le linn na dTriobhlóidí atá ann.
Sular treoraíodh ar ais go dtí Bóthar Gharbhachaidh é, thapaigh an t-údar an deis chomh maith cáineadh a dhéanamh ar na foilseacháin Ghaeilge nár dhein aon tagairt dá leabhar ó foilsíodh é.
Bhuel, sin scéal eile curtha ina cheart ag Dialann Tuairisc.
Cárta cultúir do dhéagóirí na tíre
Den chéad uair riamh i stair na hÉireann, nuair a deir déagóirí lena muintir go bhfuil siad ag dul amach ag bualadh leis na cairde ag babhláil is ag cuasár, tá siad ag insint na fírinne.
Sin a bhí le rá ag an mbean ghrinn Emma Doran ar a leathanach Instagram (@emmadorancomedian) agus í ag caint faoina gclann déagóra agus iad amuigh ag bualadh lena gcairde. Más maith nó olc é, féadfaidh tú brath air, a deir Doran, nach mbeidh siad amuigh sna garrantaí ag ól is ag caitheamh feaigeanna.
An bhfuil athrú tagtha ar an nglúin is deireanaí seo de dhaoine óga na hÉireann? Agus an gcaithfear iad a dhíbirt amach as an teach is a dhúiseacht?
B’fhéidir é. I measc na moltaí a bhfuiltear ag breathnú orthu do Bhuiséad 2027, tá dearbhán cultúir do dhéagóirí atá 16 bliain d’aois. Má ghlactar leis an moladh, gheobhaidh déagóirí na tíre atá san aois sin in 2027, dearbhán €100 le caitheamh ar imeachtaí cultúrtha.
Níl sé soiléir fós, céard iad na rudaí a mbeadh déagóirí in ann a gcuid dearbhán a chaitheamh orthu. In alt san Irish Times an tseachtain seo caite, dúirt déagóir amháin nach leor an €100 le híoc as ticéad le dul ag breathnú ar Harry Styles. Cheap Dialann Tuairisc go raibh dearmad déanta ag déagóirí ar Styles go dtí sin.
Ach an iad camchuairteanna móra ar nós ‘Together, Together’ a bhí ar intinn ag dearthóirí an dearbháin chultúir?
Dúirt déagóir eile, Saoirse Thomas, san alt céanna gur chóir go mbeifí in ann an dearbhán a chaitheamh ar rudaí a bhaineann leis an nGaeilge. Dúirt an bhean óg as Cill Chainnigh go mbeadh sé go maith dá mbeadh cead ag daoine é a chur i dtreo tréimhse ag coláiste Samhraidh. Caithfidh go bhfuil roghanna eile ar fáil, áit éigin sa lár idir coláistí samhraidh agus Harry Styles.
Bridget Bhreathnach
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: ‘Showbusiness’ na nGael, ‘Problems’ Raidió na Gaeltachta, Mairtírigh Oráisteacha, cártaí cultúir'