Tá buaicghradam cumarsáide Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge buaite ag Cathal Mac Coille, colúnaí Tuairisc.
Tá Cathal Mac Coille ina cholúnaí le Tuairisc ón uair a bunaíodh seirbhís náisiúnta nuachta ar líne na Gaeilge cothrom na míosa seo 12 bliain ó shin.
Roimhe sin, bhí Cathal Mac Coille ina cholúnaí seachtainiúil leis an nuachtán Foinse. Cé gur mar iriseoir le RTÉ, a bhí ina réalta na maidine le Morning Ireland idir 1986-1990 agus 2001-2017, a bhain sé cáil náisiúnta amach as feabhas a chuid saothair, iriseoir dátheangach é ar bheag meán Gaeilge nach raibh lámh aige ann le blianta fada.
Thosaigh sé amach, mar shampla, ina eagarthóir ar an iris Comhar in 1973. D’oibrigh sé ar fhoireann nuachta Gaeilge RTÉ idir 1975-1978. Bhí sé ar an gcéad chomhfhreagraí polaitíochta ag Teilifís na Gaeilge nuair a bunaíodh an stáisiún i 1996, tréimhse inar chuir sé go mór le caighdeán sheirbhís nuachta an stáisiúin nua. Chaith sé tréimhse cúig bliana ina iriseoir leis an Sunday Tribune ag tús na nóchaidí.
D’oibrigh sé mar thuairisceoir polaitiúil le RTÉ, i mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann agus dhein sé tuairiscí ó mhór-eachtraí polaitiúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fud an domhain.
Ar na cláir raidió a chuir sé i láthair ar RTÉ bhí This Week agus an News at One agus in 2009 chuir sé an tsraith agallamh teilifíse One to One i láthair.
As Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath do Chathal Mac Coille. Tá cónaí air i mBaile Phib san ardchathair le fada.
Dúirt ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha gur “cúis áthais” don Oireachtas é Buaic-Ghradam Cumarsáide 2026 a bhronnadh ar Chathal Mac Coille.
“Saothar le háireamh a bhfuil bainte amach aige óna chéad choiscéim isteach i ngort na cumarsáide i lár na seachtóidí.
“Tá a ghrinn-chumas anailíse, a dhomhain-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta agus a chur i láthair soiléir, deisbhéalach, ionraic, le sonrú i ngach gné dá shaothar, san iriseoireacht, sa tuairisceoireacht agus sa chraoltóireacht. Is gradam é seo atá rí-thuillte ag Cathal, agus tréaslaím leis a shaothar eisceachtúil san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht thar na mblianta.”
Ghabh Cathal Mac Coille buíochas ó chroí leis an Oireachtas as an ngradam agus le Tuairisc agus léitheoirí Tuairisc “toisc gur dóigh leo gur fiú mo cholún a fhoilsiú agus a léamh”.
Thréaslaigh Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Tuairisc, a ghradam leis.
“Is beag iriseoir eile sa tír, i mBéarla ná i nGaeilge, a bhfuil oiread measa saothraithe aige is atá ag Cathal Mac Coille agus is údar bróid do Tuairisc a cholún géarchúiseach sainiúil a chur ar fáil gach seachtain.”
Bronnfar buaicghradam Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar Chathal Mac Coille ag searmanas speisialta ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh na míosa.
Tá cúigear eile d’iriseoirí agus colúnaithe Tuairisc ar an ngearrliosta do ghradaim na bliana seo.
Tá Darren Ó Dubhgháin agus Maitiú Ó Coimín, ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir na Bliana’ agus tá Alex Hijmans agus Marian Ní Chonghaile ainmnithe don ghradam Colúnaí na Bliana.
Tá colúnaí eile de chuid Tuairisc, Máirín Ní Ghadhra, aoi rialta ar An Pod Gaeilge ar Tuairisc, ainmnithe don ghradam ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ dá saothar le Raidió na Gaeltachta agus TG4.
Fág freagra ar 'Buaicghradam cumarsáide Oireachtas na Gaeilge 2026 le bronnadh ar Chathal Mac Coille'