An Coimisinéir Breatnaise éirithe as a post ar ‘chúinsí pearsanta’

Bhí Efa Gruffudd Jones ina coimisinéir teanga ó Eanáir 2023 nuair a tháinig sí i gcomharbas ar Aled Roberts

An Coimisinéir Breatnaise éirithe as a post ar ‘chúinsí pearsanta’

Tá Efa Gruffudd Jones éirithe as a post mar Choimisinéir Breatnaise ar “chúinsí pearsanta”.

I ráiteas ó Chéad-Aire na Breataine Bige, Rhun ap Iorwerth, dúirt sé go raibh glactha aige lena fógra éirí as agus ghabh sé buíochas léi “as an obair ar fad a rinne sí”.

“Ghlac mé inniu le héirí as an Choimisinéara Breatnaise, Efa Gruffudd Jones ar chúiseanna pearsanta. Gabhaim buíochas léi as an obair ar fad atá déanta aici ó ceapadh í in 2023,” a dúirt an Chéad-Aire.

Mí Eanáir 2023 a tháinig Gruffudd Jones i gcomharbas ar Aled Roberts mar Choimisinéir Teanga.

D’fhógair rialtas na Breataine Bige “go gcuirfí tús anois le próiseas ceapacháin poiblí le coimisinéir nua a cheapadh”.

Ní hé sin an t-aon athrú atá ar oifig an Choimisnéara Teanga sa mBreatain Bheag mar an tseachtain seo d’éirigh an Leas-Choimisinéir Teanga, Osian Llywelyn, as an bpost sin agus ceapadh Lowri Williams sa chúram sin. Bhí Osian Llywelyn ar dhuine de na cainteoirí ag comhdháil idirnáisiúnta na gcoimisinéirí teanga i nGaillimh le déanaí.

Dhearbhaigh oifig an Choimisinéara Breatnaise go bhfuil Lowri Williams ceaptha ina Leas-Choimisinéir “lena chinntiú go leanfar le hobair an choimisinéara go dtí go gceapfar coimisinéir nua”.

Tá Osian Llywelyn fós ag obair don Choimisinéir Breatnaise ina ról nua mar Stiúrthóir Rialacháin.

Le déanaí bhí Efa Gruffudd Jones ag éileamh go gcuirfí leis na caighdeáin teanga atá deich mbliana i bhfeidhm agus go mbainfí úsáid níos mó as straitéisí cur chun cinn na Breatnaise.

Tharraing sí féin agus Pól Deeds, an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, aird i rith an tsamhraidh ar an tionchar a bheadh ag ciorruithe an BBC ar sheirbhísí sa Ghaeilge agus sa Bhreatnais.

Tá sé á éileamh ag an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith go gceapfaí Coimisinéir Buan Breatnaise a chuirfeadh leis na caighdeáin teanga, a chuirfeadh an dlí i bhfeidhm ar son na Breatnaise agus a dhearbhódh neamhspleáchas an Choimisinéara agus a chuirfeadh deireadh le “turgnamh teipthe an chomhrialaithe”.

“Is riachtanach go mbeadh rialaitheoir éifeachtach againn a bheadh tiomanta go diongbháilte do chearta teanga.”

Is fada Cymdeithas yr Iaith ag cur a n-imní in iúl faoi lagú agus díluacháil a bheith á dhéanamh ar ról rialaitheach an Choimisinéara, dar le Heledd Gwyndaf, Cathaoirleach Cymdeithas yr Iaith, an grúpa abhcóideachta teanga.

“Is é atá feicthe againn creimeadh ar neamhspleáchas oifig an Choimisinéara agus is éard atá déanta di foras a chuireann an Bhreatnais chun cinn ar bhealaí tláithe, ag taobhú le hinstitiúidí agus gan aon aird ar thaithí an ghnáthphobail ná ar na bacanna atá fós roimh shaoránaigh agus iad ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Bhreatnais.”

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Breatnaise éirithe as a post ar ‘chúinsí pearsanta’'

  • WTF

    An ceannteideal mícheart mar a bhíonn ró-mhinic.