Tá dhá fhógra oráiste báistí eisithe i sé chontae agus Stoirm Austen le talamh a bhualadh anseo tráthnóna amárach.
Deir Met Éireann go bhféadfadh tuilte a bheith in áiteanna agus moill agus cur isteach ar an gcóras iompair poiblí agus dálaí taistil anacrach de bharr na díle bháistí atá geallta.
Beidh an fógra oráiste fearthainne i bhfeidhm i gCorcaigh, Ciarraí agus Port Láirge óna 10.00pm san oíche amárach go dtí a 5.00am maidin Dé hAoine.
Ceithre uaire níos déanaí, ag a 2.00am maidin Dé hAoine, a thiocfaidh an fógra oráiste fearthainne eile i bhfeidhm i dtrí chontae leis an gcósta thoir, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Loch Garman agus tiocfaidh deireadh leis sin ag a 8.00am an lá céanna.
Beidh fógra buí gaoithe i bhfeidhm i ngach contae sa stát san oíche amárach óna 7.00pm tráthnóna go dtí a 10.00am maidin Dé hAoine.
Scaipfidh báisteach throm na stoirme soir trasna tíre agus cuirtear fainic orainn go bhféadfadh cúrsaí taistil a bheith dúshlánach, tuilte a bheith in áiteanna agus imeachtaí faoin aer a bheith i mbaol.
Mar is dual don ghaoth d’fhéadfadh smionagar is giuirléidí eile a bheith á séideadh thart agus roinnt crainnte agus craobhacha a bheith leagtha nó ag titim sa gcosán.
Beidh sé fliuch gaofar le tús an lae ar an Satharn agus scaití ina rilleadh agus éireoidh na múrtha níos minice amach sa lá.
Fág freagra ar 'Fógra oráiste báistí eisithe do Chiarraí, Corcaigh agus Port Láirge'