Tá sé ráite ag iar-aire stáit don Ghaeltacht go bhfuil amhras air an bhfuil Údarás na Gaeltachta ag iarraidh glacadh le tuilleadh cúraimí maidir le cúrsaí tithíochta, in ainneoin go bhfuil an moladh i measc na bpríomhéileamh atá ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí feachtais eile.
Tá an Conradh agus na grúpaí Bánú agus Tinteán ag iarraidh go mbunófaí rannóg tithíochta in Údarás na Gaeltachta in iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht.
Ach deir an Teachta Dála Seán Kyne, a chaith dhá sheal ina aire stáit don Ghaeltacht, nach bhfuil sé cinnte go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag iarraidh go ndéanfaí a leithéid.
“Níl sé soiléir dom go bhfuil an tÚdarás ag lorg an róil nó na cumhachta sin,” a dúirt Kyne. “Sin í mo thuairim, b’fhéidir go bhfuil mé mícheart, ach níl aon rud feicthe agam go bhfuil siad ag lorg an róil sin.”
Bhí Kyne, Teachta de chuid Fhine Gael do Ghaillimh Thiar, ag labhairt ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais faoi chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.
I ráiteas a thug Údarás na Gaeltachta do Tuairisc, dúradh gur ról “tánaisteach” a bhí ag an eagraíocht ó thaobh na tithíochta.
“Chuige sin, agus an ról tánaisteach sin á chomhlíonadh, tá taighde déanta agus á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta.”
Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Bánú agus Tinteán i láthair ag an gcruinniú inné agus bunú rannóg tithíochta san Údarás molta arís acu.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go “luíonn sé le réasún” go leagfaí cúram ar Údarás na Gaeltachta maidir le “comhordú” a dhéanamh ar chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht, mar a bhíonn do chúrsaí turasóireachta, do chúrsaí teanga agus do chúrsaí fostaíochta.
“Níl muid ag rá go gcaithfeadh siad tithe a thógáil, tá muid ag rá go mbeadh siad ag féachaint chuige go mbeadh an tógáil ag tarlú,” a dúirt Julian de Spáinn.
Dúirt sé freisin go bhféadfadh an tÚdarás ról a bheith aige maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha teanga a chuireann méid áirithe tithe i bhforbairtí tithíochta ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, cúram nach bhfuil á dhéanamh ag na húdaráis áitiúla faoi láthair, dar le de Spáinn.
Tá sé ráite cheana ag Údarás na Gaeltachta go gcosnódh sé €650,000 sa mbliain rannóg tithíochta a bhunú agus a stiúradh.
“Mothaíonn muid nach gcosnódh sé mórán airgid, léireodh sé tosaíocht do thithíocht Ghaeltachta agus go bhféadfaí é a dhéanamh ar maidin dá mbeadh an toil ann,” a dúirt de Spáinn.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Údarás na Gaeltachta maidir le cén seasamh atá ag an eagraíocht i dtaobh rannóg tithíochta a bhunú.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta roimhe seo go nglacfaí le haon chúraimí breise a leagfaí ar an eagraíocht agus go rabhthas sásta talamh a chur ar fáil ar mhaithe le tithíocht a fhorbairt, ach mheas sé nár cheart go mbeadh ról ag Údarás “ag tógáil tithe ná ag bainistiú tithíochta”.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ón ngrúpa Bánú go raibh “praiseach” déanta ag Roinn na Gaeltachta den ráiteas náisiúnta pleanála agus go gcaithfí scaoileadh leis an “bac” atá curtha ag an Roinn ar an Údarás dul ag plé le cúrsaí tithíochta.
Dúirt Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, nach gcuirfeadh sé an milleán ar Roinn na Gaeltachta ná ar an Údarás maidir leis an easpa dul chun cinn ach go mb’fhéidr go raibh easpa tola ann ón Roinn Tithíochta agus ón rialtas.
“Tá sé ana-shimplí tithe a thógaint. Níl ann ach costas maoinithe. Níl ann ach costas maoinithe agus toil. B’fhéidir gurb é sin an rud nach bhfuil ann,” a dúirt sé.
Tá ceithre theach á dtógáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh chun lóistín a chur ar fáil do lucht freastail an choláiste Gaeilge áitiúil. Dúirt Ó Sé go gcosnódh sé os cionn €500,000 an ceann na tithe a thógáil agus go raibh an rialtas ag fáil idir 30% agus 40% den airgead sin i bhfoirm cánach, rud a bhí “náireach”, dar leis.
Donncha
Níl an tÚdarás in ann na curamaí sin a láimhseáil. Tá a fhios againn uilig é sin.
An Teanga Bheo
Nach feidhir lei comharchumann tithe a bheith ag gniomhú san nGaeltacht
nó rannóg tithiocht agus breis oibre a chuir ar fail do ceardái etc beart cumasach dul chun cinn sin é.