Sonraí tugtha maidir le comhoibriú idir TG4 agus RTÉ ag cruinniú le ceannasaí nua

Bhí cruinniú ag foireann Nuacht RTÉ/TG4 le príomheagarthóir nua na seirbhíse Joe Mag Raollaigh an tseachtain seo caite

Sonraí tugtha maidir le comhoibriú idir TG4 agus RTÉ ag cruinniú le ceannasaí nua

Tá sé molta go bhfostódh RTÉ iriseoir ilmheán nua amháin le hábhar digiteach a chruthú d’ardán nua digiteach TG4 a bheidh bunaithe ar thuairiscí a chraoltar ar na cláir theilifíse Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4.

Cuireadh an moladh sin agus moltaí eile faoin struchtúr nua a bheidh ar sholáthar nuachta Nuacht RTÉ/TG4 i láthair ag cruinniú a bhí ag príomheagarthóir nua na seirbhíse, Joe Mag Raollaigh, le foireann an tseomra nuachta an tseachtain seo caite.

Is fada na moltaí a rinneadh ag an gcruinniú ón bhfís a bhí ag TG4 ceithre bliana ó shin go mbeadh smacht iomlán eagarthóireachta ag an stáisiún ar a seirbhísí nuachta. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin.

Moladh go ndéanfadh TG4 maoiniú nó páirtmhaoiniú ar an bpost nua ach go mbeadh an t-iriseoir ilmheán faoi cheannas lucht bainistíochta an tseomra nuachta atá ag RTÉ i mBaile na hAbhann.

Dá gcuirfí na moltaí a cuireadh i láthair na n-iriseoirí an tseachtain seo caite i bhfeidhm, d’fhostódh RTÉ beirt eile: clár-eagarthóir agus léitheoir nuachta. Is iad na clár-eagarthóirí a bhíonn ag plé go díreach leis na heagráin de na cláir nuachta a chraoltar ó lá go lá. Tá beirt léitheoirí nuachta fostaithe sa seomra nuachta faoi láthair: Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola.

Táthar ag moladh chomh maith mbeadh triúr iriseoirí atá fostaithe i seomra nuachta Nuacht RTÉ/TG4 ag obair do sheirbhís nuachta TG4 amháin. Táthar ag moladh  chomh maith go mbeadh an comhfhreagraí polaitíochta atá ag RTÉ ag obair do Nuacht TG4 amháin agus nach gcraolfaí a thuairiscí ar na seirbhísí nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ One agus RTÉ News Now.

D’fhonn an dá chlár, Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 a dhéanamh níos difriúla lena chéile, moladh go gcuirfí dhá scéal nó níos mó ar leataobh don chlár ag 7pm ar TG4 agus nach gcraolfaí ar an bhfeasachán a bhíonn ar RTÉ One ag 5:40pm iad.

Moladh go gcuirfí na scéalta i láthair “ar bhealach difriúil” agus nach mbeadh na hagallaithe céanna le feiceáil sna tuairiscí ar an dá chlár. Dúradh freisin gur cheart scripteanna difriúla a scríobh nuair a bheadh an tuairisc chéanna le craoladh ar an dá chlár, agus gur cheart don “chur i láthair” trí chéile a bheith difriúil ón stiúideo.

Tá lucht bainistíochta TG4 agus RTÉ ag moladh go gcraolfaí níos mó míreanna beo ar Nuacht TG4 agus na míreanna sin á gcraoladh ón stiúideo agus ó láithreacha taobh amuigh den stiúideo. Rinneadh moladh freisin go mbeadh an bhrandáil don dá chlár nuachta, an ceann ar TG4 ag 7pm agus an ceann ar RTÉ 1 ag 5.40pm, níos difriúla lena chéile le go n-aithneofaí go héasca thar a chéile iad.

Níl aon eagarthóir nuachta ceaptha go fóill ag TG4 don tseirbhís nuachta ar líne nua atá leo seoladh roimh dheireadh na bliana, ach moladh go mbeadh na heagarthóirí atá le ceapadh ag plé le RTÉ “ar bhonn rialta” faoi scéalta a roinnt.

Luadh go raibh sé i gceist ag TG4 maoiniú a chur ar fáil do sheisear iriseoirí ilmheán nua  “in am trátha”. Bheadh na hiriseoirí dírithe ar ábhar a sholáthar do sheirbhísí nuachta TG4 amháin.

Fuair TG4 breis is €2 milliún sa bhuiséad deireanach chun seirbhís nuachta ar líne a bhunú agus táthar ag bogadh ar aghaidh le bunú na seirbhíse in ainneoin go bhfuiltear ag géilleadh nach bhfuil aon rath i ndán faoi láthair don phlean do neamhspleáchas ó RTÉ.

Tá súil ag TG4 a seirbhís nua nuachta ar líne a sheoladh “i dtreo dheireadh na bliana”.

In aighneacht réamhbhuiséid atá ullmhaithe ag TG4, deirtear gur údar mór díomá é go bhfuil dul chun cinn “an-mhall” á dhéanamh maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta ó RTÉ a bhaint amach don nuacht.

Dúirt TG4 níos luaithe san fhómhar go raibh súil acu go mbeadh Nuacht RTÉ/TG4 toilteanach comhoibriú leis an tseirbhís nua ar líne agus acmhainní agus iriseoirí a roinnt. Dúradh go rabhthas ag súil go háirithe le comhoibriú ó cheannasaí nua Nuacht RTÉ/TG4, Joe Mag Raollaigh.

Tá foireann nua na seirbhíse ar líne i mbun oibre le beagnach mí anuas anois agus iad faoi cheannas an cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha Dáithí de Mórdha, a ceapadh i mbliana.

Tá súil ag lucht bainistíochta an stáisiúin go dtógfaidh TG4 áit RTÉ Raidió na Gaeltachta mar ‘an chéad rogha’ ag pobal na Gaeilge ó thaobh na nuachta de.

Tá TG4 ag éileamh €11 milliún breise sa bhuiséad, rud a d’fhágfadh €76.4 milliún sa bhliain ag an stáisiún ina bhfuil 130 duine fostaithe, €3.3 milliún atá á lorg mar infheistíocht i gcúrsaí nuachta in 2027. Chaithfí €1.9 milliún de sin ar uasghrádú a dhéanamh ar an stiúideo nuachta i gceannáras an stáisiúin i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Fág freagra ar 'Sonraí tugtha maidir le comhoibriú idir TG4 agus RTÉ ag cruinniú le ceannasaí nua'