Staidéar le déanamh faoi chomhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta ‘is iargúlta’

Tá an staidéar ar cheann de thrí cinn atá le coimisiúnú ag Roinn na Gaeltachta sna seachtainí beaga romhainn

Staidéar le déanamh faoi chomhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta ‘is iargúlta’

Tá Roinn na Gaeltachta le staidéar féidearthachta a choimisiúnú mar chuid d’iarracht comhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta “is iargúlta” sa tír.

Tá an staidéar ar cheann de thrí cinn atá le coimisiúnú ag an Roinn sna seachtainí beaga romhainn. Baineann an péire eile le “seirbhís chomhroinnte aistriúcháin” agus seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil sa nGaeltacht.

Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais le gairid, dúirt Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go rabhthas ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil in áiteanna nár éirigh leo comhlachtaí móra a mhealladh ina dtreo roimhe seo.

Dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic go raibh staidéar féidearthachta le déanamh maidir le “seirbhísí cúl oifige” a chur ar fáil sa nGaeltacht. Is éard atá i gceist le seirbhísí cúl oifige ná seirbhísí nach ndéanann freastal go díreach ar chustaiméirí nó ar an bpobal – seirbhísí riaracháin, mar shampla.

“Tá muid ag breathnú ach go háirithe ar na ceantair ar chinn sé ar Údarás na Gaeltachta na multinationals a tharraingt isteach iontu, na ceantair is iargúlta sna Gaeltachtaí. B’fhéidir leithéidí Leitir Móir, Ros Muc, ceantair mar sin ina bhfuil sé deacair ag Údarás na Gaeltachta comhlachtaí príobháideacha a tharraingt isteach nó a mhealladh isteach chun lonnú ansin,” a dúirt Mac Cormaic.

“Tá muid ag ceapadh go bhfuil lear mór daoine ansin a bheadh toilteanach dul amach agus seirbhísí a chur ar fáil sna ceantair sin. Bheadh Údarás na Gaeltachta ansin chun na foirgnimh a chur ar fáil.”

Tá baint ag Údarás na Gaeltachta le ceann eile de na staidéir féidearthachta atá le déanamh freisin ag an Roinn maidir cén chaoi le seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

“Tá staidéar [féidearthachta] le bunú faoi cheann cúpla seachtain maidir le ‘hubs’ a chur ar bun do na comhlachtaí poiblí atá ag cur seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht,” a mhínigh Aodhán Mac Cormaic.

“Tá muid ag smaoineamh go háirithe ar na gteiceanna atá ag Údarás na Gaeltachta agus b’fhéidir iad sin a úsáid i gcomhair seirbhísí poiblí, go mbeadh daoine ag dul amach, deirimis ón Revenue nó ón Roinn s’againne nó ón Roinn Talmhaíochta agus go mbeadh siad lonnaithe ansin ar feadh leath lae nó pé rud chun seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal sa nGaeltacht.”

Tá 29 ionad gteic bunaithe ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta timpeall na tíre chun spás oifige a chur ar fáil.

Faoin reachtaíocht, bhí dualgas ar Aire na Gaeltachta dáta a shonrú maidir le cén uair a bheadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta. Cailleadh an spriocdháta sin ag tús 2025 áfach agus tá teipthe ar an rialtas aon fhógra a dhéanamh ó shin.

Dúirt an tAire Dara Calleary níos luaithe an mhí seo nach raibh sé ag iarraidh spriocdháta a leagan síos go dtí go raibh sé cinnte go mbainfí amach é.

Tá tuairisciú déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar “easnaimh shuntasacha” sa tseirbhís phoiblí a chuireann an stát ar fáil trí Ghaeilge.

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Séamas Ó Concheanainn go mbeadh sé go mór chun leasa an phobail dá mbunófaí ‘molchampais’ sa nGaeltacht a chuirfeadh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán ar fáil i nGaeilge gach lá.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic go raibh staidéar le déanamh freisin maidir le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú. D’fhéadfaí a leithéid de sheirbhís a lonnú sa nGaeltacht, dar leis.

“An rud atá i gceist anseo ná go bhfuil muid ag iarraidh cuid de na poist a thabhairt go dtí an áit a bhfuil na cainteoirí Gaeilge seachas na cainteoirí Gaeilge a thabhairt go dtí an áit a bhfuil na poist seo.”

Dúirt Mac Cormaic go raibh na cáipéisí do na staidéir sin réitithe agus go raibh súil ann go mbeadh siad curtha amach chun tairisceana laistigh de mhí.

Fág freagra ar 'Staidéar le déanamh faoi chomhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta ‘is iargúlta’'