Tá “an iomarca ar a phláta” ag Aire na Gaeltachta agus ba chóir aire stáit Gaeltachta nua a cheapadh, a dúradh ag cruinniú coiste i dTeach Laighean inniu.
Mhol an brúghrúpa tithíochta Bánú in aighneacht a chuir siad faoi bhráid choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu go mbeadh aire stáit nua ann a mbeadh cúram speisialta air dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
“Creideann Bánú go bhféadfadh go bhfuil an iomarca ar a phláta ag an Aire Dara Calleary agus é freagrach don Oireachtas as dhá roinn iomlán stáit – An Roinn Coimirce Sóisialta agus An Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta – agus dá réir sin, nach bhfuil stiúir cheart pholaitiúil ar ghné na Gaeltachta, mar ba chóir,” a dúradh in aighneacht Bánú.
D’iarr Bánú ar bhaill Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge, Gaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge tacú leis an moladh go gceapfaí aire stáit nua le “réiteach a fháil ar an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, géarchéim atá ag cur todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol agus ag cur dea-obair Údarás na Gaeltachta ó mhaith”.
Mhaígh Bánú gurb í Roinn na Gaeltachta “an bac is mó atá sa mbealach ar réiteach a fháil ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht”.
Dúirt Cathaoirleach Bánú Donncha Ó hÉallaithe go raibh an “cuma ar an scéal” nach bhfuil Roinn na Gaeltachta sásta “cead” a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta rannóg tithíochta a bhunú agus nach raibh an Roinn féin sásta leas a bhaint as an gcumhacht reachtúil atá ag aire na Gaeltachta le scéimeanna tacaíochta a chur ar bun chun cabhrú le cainteoirí Gaeilge tithe cónaithe a thógáil sa Ghaeltacht.
Tá Bánú ag iarraidh go mbeadh deontas breise ar fáil don chainteoir Gaeilge chun teach a thógáil nó teach nua a cheannach sa Ghaeltacht agus go mbeadh deontas breise ann do chainteoir Gaeilge atá ag iarraidh teach cónaithe sa Ghaeltacht a athchóiriú.
Molann siad deontas a chur ar fáil do chomharchumainn Ghaeltachta le talamh a cheannach agus a réiteach chun gráig tithe a thógáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Cháin Bánú chomh maith cuid de mholtaí an ráiteas pleanála náisiúnta maidir le cúrsaí tithíochta faoin tuath agus sa Ghaeltacht.
Tá Bánú míshásta go háirithe faoin treoir a thugtar do chomhairlí contae sa ráiteas coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí.
Mhaígh lucht feachtais gur “céim ar gcúl” a bheadh anseo i bhformhór na gceantar Gaeltachta.
“Ón bhfianaise atá tar éis teacht chun solais, is cosúil gur ó Roinn na Gaeltachta a tháinig na moltaí sa Ráiteas Náisiúnta Pleanála a bhaineann leis an nGaeltacht. Tá ceisteanna le freagairt ag Roinn na Gaeltachta faoi cén bunús teangeolaíoch a bhí leis na moltaí, cén saineolas ar a raibh na moltaí bunaithe agus cé hiad na saineolaithe sochtheangeolaíochta a chuir comhairle ar an Roinn, mar bhunús leis na moltaí.
“An amhlaidh gurb é tuairim Roinn na Gaeltachta go gcuirfeadh an Ráiteas Pleanála Gaeltachta le líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht agus go dtreiseofaí an Ghaeilge mar theanga phobail, dá laghdófaí an céatadán tithe le coinníoll teanga orthu sna Gaeltachtaí?”
Dúradh in aighneacht Bánú go raibh “easpa trédhearcachta agus easpa comhairliúcháin” i gceist leis an bpróiseas a bhain le réiteach an ráitis násiúnta.
“Cothaíonn an cur chuige seo mímhuinín sa bpobal as Roinn na Gaeltachta, chun tabhairt faoina dualgas chun pobail na Gaeltachta a chosaint is a neartú mar phobal dúchasach mionteanga.
“Is deacair dúinn a chreidiúint gur ó Roinn na Gaeltachta a tháinig na moltaí seo, más fíor den méid a bhí le rá ag an Aire Stáit, John Cummins, agus é os comhair an Chomhchoiste Tithíochta ar an Máirt seo caite. Tá Roinn na Gaeltachta in ainm is a bheith ag cosaint is ag neartú na Gaeilge mar theanga phobail.”
D’iarr Bánú ar an gcoiste a chinntiú go mbeadh “comhairliúchán ceart poiblí”ann faoin ráiteas náisiúnta.
MacLéinn Sochtheangeolaíochta
Tá an ceart aige, dochreidte go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag eascú bánú na Gaeltachta (ó thaobh na Gaeilge de) seachas a bheith ag cosaint pobail Ghaeilge na gceantar as a bheith bánaithe amach nó báite ag an bpobal Béarla. Arís agus arís léiríonn siad aineolas (nó neamhaird) i leith cúrsaí sochtheangeolaíochta/athruithe teanga/cothaithe teanga.
Conas gur féidir le héinne muinín a bheith aige as an Roinn nuair is léir nach bhfuil spéis/saineolas acu ar na hábhair atá (in ainm is a bheith) idir lámha acu?