Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, nach leagfaidh sé síos aon spriocdháta maidir le cén uair a bheidh seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge go dtí go mbeidh sé cinnte go mbainfear an sprioc amach.
Cé go bhfuil cúig bliana ann ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá cuid de phríomhspriocanna na reachtaíochta fós le cur i bhfeidhm.
I measc na spriocanna a bhfuil moill lena gcur i bhfeidhm tá an gealltanas reachtúil go mbeadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh gach oifig phoiblí sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge.
De réir na reachtaíochta, bhí Aire na Gaeltachta le spriocdháta a leagan síos ag tús 2025 maidir le cén uair a chaithfeadh na seirbhísí go léir a bheith ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, ach níor cloíodh leis an sprioc sin.
Tá fanacht fhada freisin ar na caighdeáin teanga faoina leagfar dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí. Bhí córas na gcaighdeán le tabhairt isteach roimh thús 2025 chomh maith, ach níl na dréachtchaighdeáin foilsithe fós.
Deir an tAire Dara Calleary go bhfuil obair mhór ar bun ina roinn maidir leis na spriocanna, ach nach bhfuil sé sásta a rá cén uair a chuirfear i gcrích iad ar fhaitíos nach mbainfí an spriocdháta amach.
“Nuair atá dáta ainmnithe agam, níl mé ag iarraidh go mbeidh moill ann…Nuair atá an dáta foilsithe, nuair atá an dáta ainmnithe, sin an dáta a bheidh na seirbhísí ann,” a dúirt an tAire Calleary agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dar leis, chaillfeadh an pobal “muinín” sna caighdeáin teanga agus sna seirbhísí poiblí mura gcloífí leis an spriocdháta a leagfaí síos lena dtabhairt isteach.
Dúirt an tAire Calleary go raibh an obair ag tógáil “i bhfad níos mó ama” ná mar a shíl sé a thógfadh sí agus gur thuig sé an frustrachas atá ar dhaoine sa nGaeltacht faoin mhoill.
Dúirt sé, áfach, go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” go mbeadh an obair déanta i gceart agus go mbeadh na dréacht-chaighdeáin láidir.
“Mar gheall go bhfuil sé chomh tábhachtach, sin an fáth go bhfuil muid ag tógáil ár gcuid ama,” a dúirt sé.
“Tá muid ag teacht go dtí an deireadh agus tá muid ag teacht go dtí an pointe go mbeidh mé in ann dáta a [fhógairt].”
Dúirt comhghleacaí de chuid an Aire Calleary i bhFianna Fáil, an Teachta Dála Shane Moynihan, gur ábhar buartha dó féin agus do Choiste Gaeilge an Oireachtais, a bhfuil sé ina chathaoirleach air, an mhoill atá ar chinntiú seirbhísí poiblí i nGaeilge don phobal.
Agus é ag labhairt ar RnaG, ní raibh an tAire Calleary sásta aon soiléiriú a thabhairt maidir le reáchtáil thoghcháin Údarás na Gaeltachta ach an oiread.
Ritheadh níos luaithe i mbliana an reachtaíocht chun na toghcháin a thabhairt ar ais ach ní léir cén uair a reáchtálfar iad.
“Níl aon chinneadh déanta go fóill faoi dháta na dtoghchán, caithfidh mé é sin a phlé le mo chomhghleacaithe,” a dúirt an tAire.
Dúirt sé go raibh na toghcháin tábhachtach dó féin agus don rialtas ach go bhfuil “a lán oibre le déanamh” chun iad a reáchtáil arís.
“Tá sé tábhachtach dom ach níl mé i m’aire liom féin, tá mo chomhghleacaithe rialtais agam. Ní dictator mé sa roinn, caithfidh mé na sonraí sin a phlé.”
Faoin reachtaíocht nua, a tháinig i bhfeidhm mí Iúil, tá deichniúr den 16 ball de bhord Údarás na Gaeltachta le toghadh.
Fág freagra ar '‘Ní chuirfidh mé m’ainm le spriocdháta nach mbainfear amach’ – cosaint déanta ag aire ar an moill ar spriocanna do sheirbhísí Gaeilge'