Tá comhdháil le reáchtáil i nGaillimh faoi thodhchaí na hIntleachta Saorga san oideachas mar chuid d’Uachtaráncht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tá daltaí, múinteoirí, saineolaithe idirnáisiúnta, agus lucht scríofa reachtaíochta le teacht le chéile i gcathair na Gaillimhe ar an 21-22 Deireadh Fómhair le cúrsaí oideachais i ré na hIntleachta Saorga a phlé.
Deir an Roinn Oideachais go bhfiosrófar le linn na comhdhála sin, ‘Education in the Age of AI: Building Europe’s Digital Future’, na “deiseanna agus dúshláin” a chruthóidh an Intleacht Shaorga sa chóras oideachais. Maítear go leagfar béim ar leith ar “litearthacht AI” i measc foghlaimeoirí agus oideachasóirí agus go dtacófar le “húsáid shábháilte, eiticiúil, agus éifeachtach” na teicneolaíochta sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim.
Beidh an chomhdháil ar siúl ar feadh lá go leith agus pléifear na riachtanais a bheidh ag múinteoirí agus daltaí agus córais AI á dtabhairt isteach i seomraí ranga na tíre. Beidh “ról gníomhach” ag na daltaí féin sa chomhdháil lena chinntiú go mbeidh a “léargas agus a dtaithí” san áireamh sa phlé a dhéanfar ar thodhchaí na hIntleachta Saorga san oideachas.
Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go dtabharfaidh an chomhdháil “deis thábhachtach” d’Éirinn an obair atá ar siúl sa tír seo le tacú le “úsáid shábháilte, éifeachtach, agus fhreagrach” na hIntleachta Saorga a roinnt le tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Áirítear leis sin ár Treoir don Intleacht Shaorga i Scoileanna, bunú Tascfhórsa Comhairleach Seachtrach ar an AI, agus ár bpáirt sa togra Ionstraim Tacaíochta Teicniúil AE ‘FutureProof Education: Supporting Schools in the AI Evolution’.
“Tá an AI ag fás go han-tapa, agus caithfidh ár gcóras oideachais a chinntiú go mbeidh an t-eolas, na scileanna, agus an mhuinín ag ár múinteoirí agus ár bhfoghlaimeoirí le dul i ngleic leis go criticiúil agus go freagrach. Caithfidh ár n-aird a bheith ar a bheith ag úsáid AI leis an múineadh agus an fhoghlaim a fheabhsú, agus a chinntiú go bhfanfaidh caidrimh, cruthaitheacht agus breith dhaonna ag croí an oideachais,” a dúirt an tAire Naughton.
Beidh cainteoirí as Éirinn, tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus áiteanna eile níos faide i gcéin i láthair ag an gcomhdháil lena “dtaithí phraiticiúil” leis an Intleacht Shaorga i gcomhthéacs an oideachais a phlé.
Fág freagra ar 'Comhdháil idirnáisiúnta faoin Intleacht Shaorga sa chóras oideachais le reáchtáil i nGaillimh'