Ní mórán páistí a cheileann a míshásamh nuair a deirtear leo go bhfuil a ndúirt nó a ndearna said páistiúil.
Má chuirtear páistiúlacht i leith duine fásta cloistear séanadh níos treise. Mar a chloistear uaireanta i dTeach Laighean agus Teachtaí Dála ag déanamh beag is fiú, go príobháideach, de chaint pháistiúil.
Ar ndóigh baineann gearáin dá leithéid le daoine eile i gcónaí beagnach. Níor casadh Teachtaí Dála ar an scríbhneoir seo riamh a thug cáithnín faoi deara ina súile féin. Dála ár bhformhór.
‘Táim bréan den áibhéil leanbaíoch a chloistear rómhinic san áit seo, a dúirt Teachta amháin i gcomhrá príobháideach. Faraor, nuair a sheas sé féin sa Dáil leathuair an chloig tar éis dúinn labhairt lena chéile, bhí ‘áibhéil leanbaíoch’ oiriúnach mar chur síos ar a ndúirt sé.
Sara ndéanfar cur síos anseo (ná bíodh imní ort, a léitheoir dhil, níl romhat ach aicearra gairid) ar chaint ghéar gan mhaith, is fiú breathnú ar shainmhíniú an fhocail ‘páistiúil’ sa bhFoclóir Beag: ‘ar nós páiste, leanbaí’.
Tá léargas níos leithne ar an bhfocal tugtha sna roghanna a mhol Garry Bannister ina Théasaurus Gaeilge-Béarla mar fhocail a d’fhéadfaí a scríobh in ionad “páistiúil”.
I gcomhthéacs polaitiúil go háirithe oireann na cinn seo a leanas don fhocal ‘páistiúil’:
‘Amaideach foolish, anabaí immature, baoth devoid of wisdom, díchéillí witless, éaganta frivolous, éigiallta witless, guanach fanciful, silly, leanbaí childlike, infantile…’ agus mar sin de.
Bhí sampla breá de chaint dá leithéid sa bhfreagra a thug an Taoiseach sa Dáil Dé Céadaoin ar cheist a chuir Mary Lou McDonald air.
Sheachain Micheál Martin tagairt dá moladh go reáchtálfaí reifreann ar chealú an ghlais faoi thrí (nó an glas triarach) ar sheoladh saighdiúirí thar lear.
Is ina dhiaidh sin a thosaigh sé ag plé cúrsaí staire. Ní raibh sé toilteanach éisteacht le ‘léachtanna’ ó pháirtí a thug tacaíocht don Naitsíochas, dar leis, le linn an dara cogadh domhanda.
Ar ndóigh chuir Teachtaí Dála ó Shinn Féin in aghaidh a ráitis. Ní fiú a thuilleadh a rá faoinar dúradh ach amháin gur páistiúil an freagra a thug an Taoiseach ar cheist dhíreach.
Bhí go leor samplaí de chaint pháistiúil ar thaobh an fhreasúra den Dáil níos deireanaí le linn díospóireachta ar an dara céim den bhille a chuirfidh an glas faoi thrí ar ceal (vótáladh ina fhabhar, 79-71).
Dúradh go mbeadh “feall” déanta ar neodracht na tíre mura gcoinneofaí an glas triarach i bhfeidhm. Sheolfaí saighdiúirí na hÉireann chun cogaidh thar lear dá uireasa.
Ba stuama tomhaiste cuid mhór den óráidíocht ar an dá thaobh den argóint ach níor thuill cuid de mhaíomh an fhreasúra ach breith amháin: bhí sé áiféiseach, iomarcach agus páistiúil.
Is cosaint bhreise ar neodracht í an glas triarach ach ní hionann é a chur i leataobh agus fáil réidh leis an bpolasaí iomlán. Go háirithe agus tacaíocht fhorleathan ag neodracht na tíre ar chaon taobh den Dáil agus i measc an phobail.
Tá an tríú sampla de thréith ar féidir páistiúlacht pholaitiúil a thabhairt uirthi follasach ó thosaigh an t-aighneas idir dlíodóirí agus an t-aire dlí agus cirt cheithre mhí ó shin.
Ní cóir ar an gcéad amharc iompar páistiúil a chur i leith an aire. Tá córas íocaíochta nua fógartha aige a choinneoidh srian ar chaiteachas an stáit ar chúnamh dlíthiúil.
Ní hé cuspóir Jim, áfach, ach a chur chuige a thuilleann an focal “páistiúil”. Ní ar chainteanna ach ar chaint chrua a chuir sé béim ó thús.
Ghéaraigh sé a theanga arís i rith na seachtaine nuair a dúirt sé gur dhiúltaigh dlíodóirí d’aon ghnó a bheith páirteach i dtrialacha a bhain le cásanna éignithe – maíomh a shéan na dlíodóirí.
Níl na dlíodóirí gan locht, mar a dúirt an Breitheamh Martin Nolan sa chúirt choiriúil i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin. Bhí alltacht air a dúirt sé, nach raibh bundualgas dlíodóra – ionadaíocht do dhaoine atá faoi choinneáil – á dhéanamh acu.
Sin ráite, is le cainteanna ba chóir a bheith á reáchtáil i bhfad roimhe seo a réitítear aighnis pá de ghnáth. Faraor ní léir toil réitigh fós, ainneoin tairiscint an aire go bpléifeadh foireann a roinne míshásamh na ndlíodóirí leo.
Idir an dá linn, ní páistiúlacht ach faillí an stáit i gcás cailín 14 bliain a thuilleann aird agus gníomh níos práinní ná na hábhair a chíortar thuas.
Thug tuairisc san Irish Times le fios gur dúradh leis an Ard-Chúirt nach raibh Tusla ábalta ionad sábháilte a chur ar fáil, cheal foirne, do chailín 14 bliain le míchumas intleachtúil a ndearna scata fear mí-úsáid ghnéis uirthi.
D’admhaigh an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt nach féidir freastal ach ar 15 páiste a bhfuil riachtanais chasta acu cé go bhfuil ionad do 26 páiste beartaithe le fada. Ní easpa airgid ach easpa foirne is cúis leis an bhfóirithint easnamhach, dar leis.
Dúirt Micheál Martin go ndéanfaí “gach is féidir” chun fóirithint ar pháistí nach gcuirtear ionad sábháilte ar fáil dóibh faoi láthair. Ní raibh sé ábalta a rá, áfach, cén uair a chuirfear na hionaid ar fáil agus foireann oilte ag tabhairt aire do na páistí.
Fág freagra ar 'Trí scéal a léirigh páistiúlacht ar an dá thaobh den Dáil agus páiste i gcontúirt'