Fógraíodh aréir na sé leabhar Gaeilge atá ainmnithe do Ghradaim Leabhar na Bliana An Post i mbliana.
Tá cúig leabhar ficsin Gaeilge ainmnithe do Ghradam Love Leabhar Gaeilge 2026 agus tá leabhar Gaeilge eile ainmnithe ar ghearrliosta an ghradaim do leabhar na bliana do pháistí óga, sin é An Peata is Fearr le Patricia Forde, a mhaisigh Phillip Cullen agus a d’fhoilsigh Futa Fata.
Seo an dara huair riamh i stair na ngradam gur bhain leabhar Gaeilge áit amach i measc na leabhar i gcatagóir eile seachas an ceann Gaeilge.Bhain An Fia sa Choill áit amach ar an ngearrliosta do ghradam do leabhar páistí anuraidh.
Cúig leabhar ficsin atá ainmnithe don ghradam do leabhar Gaeilge na bliana, atá á riar ag Lorg Media le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh péire de na leabhair, Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile agus Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin. Leabhar Breac a d’fhoilsigh péire eile, Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, a mhaisigh Alé Mercado; agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson. Éabhlóid a d’fhoilsigh an cúigiú leabhar ar an ngearrliosta, Sí le Seán Ó Muireagáin.
Darach Ó Scolaí a thug leis an gradam do leabhar Gaeilge na bliana ag Gradaim Leabhar na Bliana An Post anuraidh dá shaothar Bódléar.
Fógrófar na buaiteoirí do na catagóirí uile ag ócáid bhronnta An Post Irish Books Awards, a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig.
Fág freagra ar 'An gearrliosta fógartha do leabhar Gaeilge na bliana do ghradaim An Post'