TUARASCÁIL: Molta ag coiste Oireachtais go dtabharfaí ‘tús áite’ do bhainteoirí feamainne traidisiúnta in aon chóras ceadúnaithe nua

Tá imní léirithe ag bainteoirí feamainne beaga agus traidisiúnta faoi chúrsaí ceadúnaithe agus reachtaíocht nua tugtha isteach le blianta beaga anuas

TUARASCÁIL: Molta ag coiste Oireachtais go dtabharfaí ‘tús áite’ do bhainteoirí feamainne traidisiúnta in aon chóras ceadúnaithe nua

Tá sé molta ag coiste Oireachtais go gcruthódh an rialtas polasaí náisiúnta a leagfadh amach cleachtais inbhuanaithe maidir le baint fheamainne agus go dtabharfaí cosaint do bhainteoirí beaga traidisiúnta.

Tá 20 moladh ar fad déanta i dtuarascáil maidir le baint agus ceadúnú feamainne atá foilsithe ag an gComhchoiste um Iascach agus Gnóthaí Muirí.

Dúirt cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Conor D. McGuinness go raibh traidisiún fada bainte feamainne i bpobail cois cósta agus go raibh na moltaí sa tuarascáil ag iarraidh a chinntiú “go dtabharfaí cosaint do stádas na mbainteoirí traidisiúnta, go ndéanfaí feamainn dhúchasach a bhaint ar bhealach inbhuanaithe agus go bhfíorófaí an acmhainneacht eacnamaíoch atá sa bhaint feamainne”.

Tá imní léirithe ag bainteoirí feamainne beaga agus traidisiúnta faoi chúrsaí ceadúnaithe agus reachtaíocht nua tugtha isteach le blianta beaga.

Faoin reachtaíocht, beidh ar bhainteoirí feamainne, bainteoirí traidisiúnta ina measc, ceadúnas a fháil ón Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA), a bunaíodh in 2021, chun cead a fháil feamainn a bhaint.

Caithfidh siadsan atá ag baint feamainne i láthair na huaire iarratas ar cheadúnas a chur isteach roimh mhí Iúil 2028 ach deir bainteoirí traidisiúnta go bhfuil costas ard ag baint le clárú leis an gcóras. Tá imní ann go mbainfear na cearta bainte traidisiúnta a bhí acu díobh.

Tá sé molta sa tuarascáil nua go mbunódh an rialtas polasaí náisiúnta maidir le baint feamainne laistigh de shé mhí agus go dtabharfaí “tús áite” do bhainteoirí traidisiúnta i gcóras ceadúnaithe nua, nó do tháirgeoirí a bhíonn ag obair le bainteoirí traidisiúnta amháin.

Deirtear chomh maith gur cheart go mbeadh cosaint “shoiléir” ann do chearta profit-a-prendre agus nár cheart ceadúnais nua a bhronnadh i gceantair ina bhfuil cearta foirmeálta nó cearta neamhfhoirmeálta cheana féin.

In aighneacht a chur Údarás na Gaeltachta faoi bhráid an choiste, dúradh gurb é stádas dlí na mbainteoirí traidisiúnta an cheist is mó a bhí le réiteach.

Maidir leis an gcostas a bhaineann le hiarratas ar cheadúnas a dhéanamh, moltar gur chóir go mbeadh leibhéil éagsúla táillí i gceist agus táillí níos lú do bhainteoirí beaga.

Moltar sa tuarascáil freisin go mbunófar clár nua ar a mbeadh cearta traidisiúnta agus na bainteoirí leagtha amach agus a bheadh ar fáil do chomhlachtaí a bheadh ag iarraidh soláthar a fháil ó bhainteoirí a raibh taithí mhór acu.

Tá an coiste ag iarraidh chomh maith go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann maidir leis an díolúine atá ann dóibh siúd a bhíonn ag baint feamainne d’úsáid phearsanta.

Maidir le baint feamainne ar scála mór, deirtear gur chóir go mbeadh coinníollacha dochta leagtha síos ar aon cheadúnas dá chineál chun cúrsaí comhshaoil agus inbhuanaithe a chinntiú.

Moltar moratóir nó cosc sealadach a chur ar aon chinntí faoi cheadúnais go dtí go mbeidh polasaí nua forbartha ag an rialtas agus ag MARA.

Tá iarratais ar cheadúnais do chearta eisiacha bainte feamainne ar stráicí móra de chladaí Chonamara á meas ag MARA i láthair na huaire. An comhlacht Arramara, fochomhlacht de chuid Acadian Seaplants atá lonnaithe i gCeanada, atá ag lorg na gceadúnas.

Baineann na hiarratais le stráicí móra de chladaí Chonamara, ó Ros an Mhíl siar chomh fada le Cloch na Rón. Tá imní léirithe ag muintir na háite faoin tionchar a bheidh ag an scéal ar a gcuid cearta bainte féin agus ar chúrsaí comhshaoil sa gceantar.

Pléadh an scéal sa Dáil níos luaithe i mbliana agus é ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go raibh an rialtas ag iarraidh “cearta chosmhuintir na háite agus na dúiche sin a chosaint” chomh fada agus ab fhéidir leo.

“Caithfidh muid é a dhéanamh i gceart, áfach. Is áis nádúrtha thábhachtach í an fheamainn. Caithfidh muid éagsúlacht na háite a chur san áireamh, mar aon leis na nithe eile ar gá machnamh a dhéanamh orthu,” a dúirt Martin.

Agus í ag labhairt ar fhoilsiú na tuarascála ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin ó Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell, go gcaithfí a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm “cuid de na moltaí nó na moltaí ar fad” agus nach féidir “neamhaird” a dhéanamh ar an tuarascáil.

Fág freagra ar 'TUARASCÁIL: Molta ag coiste Oireachtais go dtabharfaí ‘tús áite’ do bhainteoirí feamainne traidisiúnta in aon chóras ceadúnaithe nua'