D’fhógair BBC Thuaisceart Éireann go bhfuil foireann Aonad Gaeilge an chraoltóra le laghdú ó chúigear go beirt mar chuid de na ciorruithe atá á ndéanamh acu. Ach tabharfar cosaint do chláracha Gaeilge, dar leo, mar go ndéanfar coimisiúnú ar chláracha neamhspleácha Gaeilge don phobal.
Cén difríocht a dhéanfaidh sé mar sin má dhéantar ciorrú ar Aonad na Gaeilge? Tá dhá fhreagra ann.
Uimhir a haon, ní dhéanfaidh sé difríocht ar bith. Beidh cláracha Gaeilge ar fáil, á gcoimisiúnú ag an mBBC ón earnáil neamhspleách, cláir a bheidh déanta ag pobal na Gaeilge do phobal na Gaeilge. Líonfar na haerthonnta le hábhar a bheidh, den chuid is mó, ar ardchaighdeán.
Agus an dara freagra. Déanfaidh ciorrú an Aonaid difríocht ollmhór. Lagóidh sé an tseirbhís phoiblí. Lagóidh sé an nasc idir an pobal agus an craoltóir. Rud millteanach i gcomhthéacs phobal na Gaeilge.
An bhfuil sé sin thar fóir?
Le gairid, bhí comhrá fánach go maith agam le cara. ‘Cérbh í nó é an craoltóir ab fhearr ariamh in Éirinn?’ a d’fhiafraigh mé de.
‘Gay Byrne nó Marian Finucane? Gerry Ryan b’fhéidir?’ a deir sé liom.
Bhí na craoltóirí sin agus tuilleadh leo iontach, cinnte. Níl aon amhras faoi sin.
Ach i mo thuairimse, ní raibh ach Taoiseach amháin ar aerthonnta na hÉireann.
Ba é sin Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir ab fhearr a bhí ag Éirinn ariamh.
Ní i nGaeilge. Ach in aon teanga.
Bhí sé amuigh leis fhéin.
Cé eile a bheadh in ann craoladh beo a dhéanamh i bhfiántas an Oireachtais, chomh maith is a rinne seisean é? Tour de force a bhíodh ansin aige chuile bhliain. Sheas an chuid eile againn ar fad siar. Chruinnigh an pobal uilig thart timpeall air. A phobal.
Bhí sé amuigh leis fhéin.
‘Coinnigh ag gabháil é…!’ a deireadh sé. Ag gríosú na ndaoine, á mbeathú le scéalta is greann is siamsaíocht.
‘Dorn san aer do na Gaeil!’
‘Ar chuala tú Rónán?’ a deirtí go rialta ag an Oireachtas théis dó barr sléibhe na craoltóireachta a bhaint amach, bliain i ndiaidh bliana.
Tá sé imithe uainn trí bliana an fómhar seo.
Bhí sé cliste agus barrúil, ach d’athraigh sé réim an chomhrá nuair ba ghá. Léirigh sé meas ar dhaoine i gcónaí. Thaitin sé leis daoine a mholadh. Bhí an greann ann i gcónaí.
Chuir sé féin is a chomhghleacaí iontach Dónall Mac Ruairí comhráití agus agallaimh iontacha inár láthair, spreag siad ceoltóirí agus ceol nua. Chuir siad borradh faoi lucht gníomhaíochta agus ealaíontóirí, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiaidh bliana.
Agus sin é an difríocht!
Bhí tacaíocht agus buanseasmhacht an stáisiúin ag Rónán. Bhí sé in ann dua a chaitheamh lena chlár – an taighde, an spreagadh, an fuinneamh – mar bhí sé cinnte go mbeadh ardán ar fáil don phobal .
Sin é an fáth a raibh leantóirí ag Rónán sa Ghaeltacht uilig agus ar fud na tíre – ó Bhéal Feirste go Beanntraí. Bhí tacaíocht thar lear freisin aige agus múr daoine ó chuile chearn ag éisteacht leis ar líne.
I gcás na craoltóireachta i mionteanga ar nós na Gaeilge, tá an bhuanseasmhacht agus an chinnteacht tábhachtach.
Cothaíonn sé gaol agus iontaoibh idir pobal agus craoltóir.
Rónán Beo, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí an chinnteacht agus an bhuanseasmhacht tábhachtach.
An féidir an rud céanna a rá faoi chláracha a dhéantar ar choimisiún – cláracha éagsúla ó dhaoine éagsúla a bhíonn á gcoimisiúnú ag daoine éagsúla a mbíonn spriocanna éagsúla acu?
An mbeidh an pobal dá bheathú ar an gcaoi chéanna?
Ní féidir an múnla atá dá mholadh ag an mBBC a chur i gcomparáid le múnla coimisiúnaithe TG4 ach oiread, sílim. Cláracha Gaeilge do phobal na Gaeilge is na tíre an raison d’être atá ag TG4.
Mothaíonn cinneadh an BBC an-scartha amach ón bpobal ar a bhfuil siad ag freastal.
Thug RTE RnaG ardán buan do Rónán. Thug cumas agus pearsantacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí ardán do RTÉ Raidió na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge.
Airíonn muid uainn go mór é.
Ach maireann an meas atá againn air. Maireann a chuimhne. Maireann a shaothar.
Ba linne, pobal na Gaeilge, é – an craoltóir ab fhearr ariamh in Éirinn. Mairfidh sé sin go brách.
Ach samhlaím Rónán ag breathnú anuas orainn ar fad agus teachtaireacht amháin aige:
‘Coinnigh ag gabháil é.’
Marcas
Mólann coimeádaigh seasmhacht agus cinnteacht i gcónaí, díreach chun a gcuid lapaí ramhra a choinneáil ar an roth stiúrtha. Tig le neamhchinnteacht agus neamhsheasmhacht bealaí úra iontacha a aimsiú fosta: ‘Ceist! cia do cheinneóchadh dán? a chiall is ceirteólas suadh: an ngéabhadh, nó an áil le haon, dán saor do-bhéaradh go buan?’ (I gcead do Mhathghamhain Ó Hifearnáin).