An file Breatnaise Hedd Wyn agus Eisteddfod na Cathaoireach Duibhe

Nuair a thosaigh céile mo chol ceathrar ag insint scéalta óna thaobh siúd den chlann fuair mé amach gur beag eolas a bhí agam faoi cheann eile de na críocha Ceilteacha

An file Breatnaise Hedd Wyn agus Eisteddfod na Cathaoireach Duibhe

I Londain a bhí mé an tseachtain a chuaigh thart ag caitheamh cúpla lá leis na gaolta ann. Tá rud éigin speisialta ag baint le ham a chaitheamh le do mhuintir. Ar an gcéad dul síos, ní call duit aithne a chur ar dhream strainséirí. Bíonn stair i gcoitinn agaibh – an tseanmháthair chéanna, na huncailí agus na haintíní céanna. Cloiseann tú scéalta a chuala tú go mion minic cheana le linn d’óige ach go bhfuil sásamh fós le baint astu.

An chaoi a ndeachaigh d’uncail ar imirce nuair a d’imigh sé gan chead go Londain an chéad uair; an socrú a rinneadh le teach a cheannach; an sciuird a tugadh ar Londain i dtús na n-ochtóidí in éindí le do mháthair, nuair a d’fhógair d’uncail ar a bhealach isteach chuig Caisleán Windsor go raibh súil aige nach ndéanfadh ‘sí féin’ leithscéal faoin mhóin a bheith fliuch.

Chaitheamar lá i ndiaidh lae ag siúl agus ag déanamh turais thart ar an gceantar – siar amach ó Londain – gar do Sunningdale, mar a tharla. Agus ní chloisfidh tú focal sa gceantar céanna faoin méid a thit amach ansin maidir le Tuaisceart Éireann sa mbliain 1973.

Ach fuair mé amach gur beag eolas a bhí agamsa faoi cheann eile de na críocha Ceilteacha nuair a thosaigh céile mo chol ceathrar ag insint scéalta óna thaobh siúd den chlann.

Scéalaí den scoth é an fear seo, arbh as An Bhreatain Bheag dó. Breatnais a labhraíonn sé i gcónaí lena chlann mhac, agus tá sé tosaithe anois ar an ngarmhac óg. Ní mórán Breatnaise a chloisfeas tú i gceantar glas Surrey. (Nuair a thugadar cuairt ar an mBreatain Bheag agus na leads an-óg, d’fhógair duine acu – ‘Dad, tá siad ag caint sa teanga s’againne’  agus iad ag ceapadh go raibh teanga rúnda dá gcuid féin ag an gclann.)

Chuala mé an iliomad scéal uaidh le linn na cúpla lá – cuid mhaith acu a raibh baint acu le cúrsaí peile. Cosúil leis an scéal faoin gcluiche a raibh sé féin i láthair ann in 2005, in Istanbul na Tuirce nuair a bhí Learpholl ag imirt in aghaidh AC Milan. Ag leatham bhí Milan chun thosaigh le trí chúl. Ní raibh mórán dóchais ag na leads go dtiocfaidís as an ngátar. Dúirt duine acu gur shíl sé go raibh seans fós acu dá scórálfaidís cúl go luath sa dara leath. Chuireadar geall leis nach dtarlódh sin. Bhuaigh sé pota airgid uathu toisc gurb in é a tharla, chríochnaigh siad ar comhscór agus bhuaigh Learpholl an craobhchomórtas Eorpach le ciceanna pionóis.

Bhí  fear céile mo chol ceathrar tar éis taisteal chuig an gcluiche i gcomhluadar réaltaí peile ar eitleán príobháideach duine den ghrúpa. Bhí Ian Rush agus Kenny Dalglish ina measc  agus thosaigh daoine ag  teacht chucu tar éis an chluiche ag iarraidh síniú pearsanta uathu uilig. Chuala sé cuid acu agus iad an imeacht leo ag cur is ag cúiteamh i nglór íseal faoina gcuid ‘autographs’ – ‘cén fhoireann a raibh an Wyn Roberts sin ag imirt leo, meas’ sibh?’

Baisteadh an t-ainm ‘Wyn’ air in ómós don fhile mór le rá Hedd Wyn (arbh Ellis Evans a ainm ó cheart). Bhí Hedd Wyn ina ainm cleite ag an bhfile.

Bhí aithne mhaith ag seanmháthair Wyn Roberts ar an bhfile mór le rá, Hedd Wyn. Thugadh sise béilí do na hoibrithe feilme a thagadh chuig an mbaile trí huaire sa ló i gcomhair seirbhísí séipéil.  Agus bhí aithne ag a athair air freisin – ba chuimhneach leis a bheith ina shuí ar a ghlúin agus eisean ag aithris filíochta do na cailíní feirme.

Feilméaraí caorach a bhí i gclann an fhile. Ach nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, cuireadh iachall ar gach clann mac amháin a chuir chuig an gcogadh. Ainmníodh deartháir óg an fhile. Ach tháinig seisean amach agus thairg sé féin go ngabhfadh sé isteach san arm in áit a dhearthár. Ba rud mór é seo i measc an phobail sin, na Neamhaontaigh  sa mBreatain Bheag óir ba dhream iad a bhí i gcoinne cogaidh ar aon nós.

Bhí cáil mhór ar Hedd Wyn an uair sin. Bhí go leor leor duaiseanna agus gradaim buaite aige. Tháinig sé abhaile ar saoire seachtaine ón gCogadh Mór le cabhair a thabhairt ar an bhfeilm sa mbliain 1917 agus scríobh sé dán dar teideal ‘Yr Arwr’. Rinne sé dearmad é a thabhairt leis agus é ag filleadh ar an gcogadh ach scríobh sé amach arís é ar a bhealach chun na Beilge agus chríochnaigh sé é i Fléchin. Chuir sé an t-ainm cleite ‘Fleur de Lys’ ar an dara ceann. D’éirigh leis é a chur chun bealaigh i mí an Mheithimh, chuig féile mhór na Breataine Bige – an Eisteddfod.

Ag an bhféile mhór, roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, glaodh amach a ainm mar bhuaiteoir an chomórtais mhóir filíochta. Glaodh air trí huaire. Ach níor tháinig sé. Bhí sé maraithe ón gcéad lá de chath Ypres, an chéad chuid de chath mór Passchendale,  agus é  30 bliain d’aois. Deireadh mhí Iúil 1917 a bhí ann.

Bhí Meirion Roberts (athair an Wyn s’againne), ina ealaíontóir. Bhí sceitse déanta aige d’éadan Hedd Wyn agus cuireadh an pictiúr sin ar chlúdach a leabhair filíochta. Ina dhiaidh sin arís, nuair a bhí comóradh á dhéanamh air, i Reilig an Chogaidh sa mBeilg, gar do Boezinge, úsáideadh an pictiúr céanna le cur ar an mballa le leac ag comóradh  bás an fhile.

Agus é ag tabhairt cuairt ar an suíomh stairiúil i mbliana, ghlac Wyn Roberts pictiúr den leac agus an píosa a scríobhadh taobh leis sa mBreatnais.

(Mar a tharla sé, an lá céanna a maraíodh Hedd Wyn, maraíodh an file cáiliúil Éireannach Francis Ledwidge sa chath céanna.)

Sa mbliain 1992, rinneadh scannán faoin scéal, dar teideal Hedd Wyn.  Bhuaigh sé slám duaiseanna sa mBreatain – an RTS agus BAFTA ina measc. Ainmníodh é freisin mar an chéad scannán i dteanga iasachta ón mBreatain ag an gcomórtas  mór Oscar sna Stáit Aontaithe, sa mbliain 1993.

I mí Meán Fómhair na bliana 1917, nuair a bhuaigh Hedd Wyn an comórtas náisiúnta ag an Eisteddfod, rinneadh rud eisceachtúil le linn an bhronnta. Cuireadh brat dubh ar chathaoir an Bhaird – ó shin i leith tugtar ‘Eisteddfod y Gadair DDu’ – Eisteddfod na Cathaoireach Duibhe ar an bhféile áirithe sin.

Fág freagra ar 'An file Breatnaise Hedd Wyn agus Eisteddfod na Cathaoireach Duibhe'