Athbhunú scéim labhairt na Gaeilge, ciste d’ionaid Ghaeilge agus beagnach €80 milliún breise molta i mbuiséad malartach

Tá athbhunú scéim labhairt na Gaeilge agus ciste nua chun ionaid Ghaeilge a thógáil i measc na mbeartas atá molta ag Sinn Féin ina mbuiséad malartach

Athbhunú scéim labhairt na Gaeilge, ciste d’ionaid Ghaeilge agus beagnach €80 milliún breise molta i mbuiséad malartach

Tá Sinn Féin ag moladh go gcaithfí beagnach €80 milliún breise ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2027 agus buiséad malartach an pháirtí seolta.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála, gur gá “maoiniú suntasach” a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus “lá na cinniúna” tagtha don teanga.

Tá athbhunú scéim labhairt na Gaeilge i measc na mbeartas atá molta ag Sinn Féin agus é ráite go dtabharfaí €500 in aghaidh an pháiste do theaghlaigh a bhí ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge sa nGaeltacht.

Tá moladh eile ag Sinn Féin go mbunófaí macasamhail an chiste caipitil spóirt chun ionaid agus “cultúrlanna” Gaeilge a thógáil ar fud na tíre. Tá os cionn €11 milliún curtha i leataobh ag Sinn Féin don mholadh sin.

Tá Sinn Féin ag moladh go gcuirfí €46.7 milliún de mhaoiniú reatha agus €30.7 milliún d’airgead caipitil breise ar fáil do chúrsaí teanga an bhliain seo chugainn,

San áireamh ansin freisin, bheadh €13 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr agus cúrsaí pobail. Tá Sinn Féin ag moladh €13 milliún eile a thabhairt do TG4 agus do na meáin Ghaeilge eile agus ardú beagnach €11 milliún molta do scéimeanna áirithe chun an teanga a chur chun cinn, scéim labhairt na Gaeilge ina measc.

Tá Sinn Féin freisin ag moladh go gcaithfí beagnach €30 milliún breise chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gcóras oideachais, ón oideachas luathbhlianta go dtí an fhoghlaim aosach.

“Mar chuid den infheistiú seo, bheadh ranganna saor in aisce do dhaoine fásta fud fad na tíre, scéim spreagtha do naíonraí lánGhaeilge, seachtain bhreise ag ábhair oidí sa Ghaeltacht, agus dúbailt ar an mhaoiniú don oideachas tríú leibhéal lánGhaeilge, chomh maith le ciste tarrthála €2.9m d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus do mhná tí na Gaeltachta,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

“Teastaíonn gníomh le práinn ón Rialtas, agus impím ar an Aire Airgeadais a chinntiú go bhfuil an maoiniú cuí curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht gan mhoill.”

Infheistíocht bhreise de €40.5 milliún i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá molta ag na Daonlathaithe Sóisialta ina mbuiséad malartach.

Tá an páirtí ag moladh go dtiocfaidh ardú €20 milliún ar bhuiséad caipitil an Údaráis chun caiteachas a dhéanamh ar chúrsaí infreastruchtúir, chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus chun scéim deontais tithíochta a chur ar bun.

Tá na Daonlathaithe Sóisialta ag éileamh go dtabharfaí freagracht as tithíocht d’Údarás na Gaeltachta agus go mbunódh an eagraíocht rannóg tithíochta.

Chaithfeadh an páirtí €12 milliún eile ar thacaíochtaí teanga agus ar na scéimeanna atá ag Foras na Gaeilge do na meáin. Chuirfí €8 milliún breise ar fáil do TG4 chomh maith chun maoiniú ilbhliantúil a chinntiú chomh maith.

“Teastaíonn cur chuige uile-rialtais trasrannach i leith na Gaeilge agus phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúradh sa gcáipéis a d’fhoilsigh na Daonlathaithe Sóisialta.

Fág freagra ar 'Athbhunú scéim labhairt na Gaeilge, ciste d’ionaid Ghaeilge agus beagnach €80 milliún breise molta i mbuiséad malartach'