Thug scríbhneoir an cholúin seo cuairt ar chathair Angers in iarthar na Fraince le gairid – cuairt a spreag machnamh gan choinne ar an mbuiséad a fhógrófar sa Dáil Dé Máirt.
Is cathair bheag ghalánta í Angers atá suite cúpla ciliméadar ó abhainn an Loire. Tá dhá ollscoil agus scata coláistí tríú leibhéal eile sa chathair, rud a chothaíonn atmaisféar bríomhar a chuirfeadh Gaillimh – gan Meiriceánaigh – i gcuimhne do chuairteoir Éireannach.
Dála go leor cathracha sa Fhrainc, gearrtar cáin turasóireachta ar chostas lóistín in Angers. D’íoc an scríbhneoir seo €1.50 in aghaidh na hoíche anuas ar chostas leaba agus bricfeasta (€114) in óstán trí réalt i lár na cathrach.
Athraíonn an cháin in Angers de réir chaighdeán an lóistín, ó €0.50 in ionad campála go dtí €2.50 in óstán chúig réalt. Is léir gur phioc an t-údarás áitiúil, fearacht formhór na mbailte ar fud na hEorpa ina bhfuil cáin turasóireachta á híoc, ráta measartha íseal chun a ioncam a mhéadú gan turasóirí a chur ó dhoras.
Tá cáin turasóireachta, nó tobhach lóistín mar a thugtar air uaireanta, á phlé abhus ó mhol an Coimisiún um Chánachas go gcuirfí i bhfeidhm í in 2022. Moladh arís í i dtuairisc an tascfhórsa a bhunaigh an rialtas tar éis na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath in 2023 chun feabhsú ar shaol na príomhchathrach a bhreithniú.
Is tábhachtaí áfach ó thaobh polaitíochta de moladh a rinne duine den bheirt airí a fhógróidh an Buiséad sa Dáil Dé Máirt.
Bhí an t-aire caiteachais phoiblí Jack Chambers ag labhairt i mí an Mheithimh tar éis do páirtí parlaiminteach Fhianna Fáil tacaíocht d’aon ghuth a thabhairt do mholadh an Teachta Dála Paul McAuliffe, ia bhí ina ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath lá den saol, go ndréachtófaí reachtaíocht a cheadódh cáin turasóireachta.
Dúirt Jack Chambers an lá dár gcionn go raibh sé go hiomlán i bhfabhar reachtaíochta a chuirfeadh ar chumas comhairle contae nó baile cáin turasóireachta a chur i bhfeidhm.
Tá coiste idirrannach ag breithniú an scéil le breis agus bliain. Ní léir fós áfach go bhfuil bille dá leithéid beartaithe.
De réir tuairisce ar cháin turasóireachta a d’fhoilsigh eacnamaithe ó Ollscoil na Gaillimhe i rith na seachtaine, chuirfeadh cáin turasóireachta cúig euro €220 milliún beagnach sa bhliain ar fáil dá gcuirfeadh gach comhairle contae agus baile i bhfeidhm í.
Thug na húdair, Gerard Turley agus Stephen McNena, samplaí den tairbhe áitiúil. Chuirfeadh cáin dá leithéid €46 milliún ar fáil gach bliain do chomhairle chathair Bhaile Átha Cliath agus €8.2 milliún ar fáil do chomhairle cathrach na Gaillimhe.
Mhaígh príomhfheidhmeannach chónaidhm na n-óstán Paul Gallagher Dé Máirt go gcuirfeadh cáin bhreise go leor daoine thar lear ó theacht go hÉirinn. Nochtann óstlannaithe barúil dá leithéid gach uair a mholtar cáin turasóireachta ach is intuigthe a n-imní.
Féach arís mar sin ar an sceideal cánach níos ísle ná mar a pléadh thuas atá i bhfeidhm in Angers (idir €0.50 agus €2.50 in aghaidh na hoíche) agus i mórán áiteanna eile sa Fhrainc. Bhí cur síos ar rátaí eile sa tuairisc ach chuir preasráiteas na hollscoile béim ar ráta cúig euro.
Dá mbeadh ráta €5 i bhfeidhm in Angers, ní €3.50 a ghearrfaí ar phraghas trí oíche in óstán den mheánghrád i lár an bhaile ach €15 – costas breise a thabharfadh cúis shuntasach imní d’óstlannaithe. Ní beag an difríocht idir an dá ráta ná a tábhacht.
Is fiú mar sin cíoradh a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le cáin turasóireachta nó, lena rá go cruinn, le dlí a cheadódh cáin turasóireachta ar bhonn áitiúil. Seo deich gcinn.
1 Ní cáin náisiúnta ná éigeantach atá i gceist. Ní bheadh smacht ar bith ag an rialtas ar cháin turasóireachta áitiúil seachas í a cheadú ar bhonn áitiúil.
2 Neartódh cáin turasóireachta an córas daonlathach áitiúil – córas atá níos laige in Éirinn ná i mballstáit eile an AE. Bheadh lánchead ag comhairlí contae agus baile cáin turasóireachta a chur i bhfeidhm nó gan a chur i bhfeidhm.
3 Bheadh lánsmacht acu freisin ar an ráta cánach (nó ar na rátaí, dá mbeartófaí córas mar atá i bhfeidhm in Angers), ar a leasú ar ball agus ar a chur ar ceal dá n-athródh a dtuairim.
4 D’fhéadfaí uasteorainn a chur ar íoc cáin turasóireachta. Mar shampla i nDún Éideann, áit ina bhfuil cáin turasóireachta i bhfeidhm ó mhí Iúil, ní íoctar an cháin ach ar an gcéad chúig oíche sa chathair.
5 D’fhéadfaí lóistín saor ón gcáin a thairiscint do dhaoine áirithe – daoine mar shampla a bheadh ag fanacht in óstán chun cuairt a thabhairt ar othar in ospidéal. Mhol an seanadóir Chris Andrews ó Fhianna Fáil nár chóir an cháin a ghearradh in aon chor ar Éireannaigh.
6 Bheadh lánsmacht ag údarás áitiúil a chuirfeadh cáin turasóireachta i bhfeidhm ar an tslí ina gcaithfí an t-airgead breise, gan aon ghá le cead rialtais a fháil roimh ré.
7 D’fhéadfaí sciar den ioncam breise a chaitheamh ar sheirbhísí a rachadh chun tairbhe do thurasóirí agus do mhuintir na háite araon. D’fhéadfaí cuid de a chaitheamh ar imeachtaí cultúrtha, ar fheabhsú bóthair, ar thithíocht nó ar scéim ar bith a bhfuil moill curtha uirthi cheal airgid faoi láthair.
8 Is chun ioncam breise a aimsiú ar scála measartha a chuirtear cáin turasóireachta i bhfeidhm de ghnáth (má fhágtar na mórionaid turasóireachta ar nós Amsterdam nó Páras as an áireamh). Abair gur cáin €2 in aghaidh na hoíche an cháin a ghearrfaí ar chuairteoirí in óstáin na Gaillimhe. Chuirfeadh ráta dá leithéid €3.2 milliún ar fáil don údarás áitiúil gach bliain. Ní beag san.
9 Déantar mór is fiú den dochar a mhaítear a dhéanfaí do theacht cuairteoirí go dtí ceantar ina mbeadh cáin turasóireachta i bhfeidhm. Níl fianaise ar fáil áfach chun tacú le cás dá leithéid in áit ar bith ina bhfuil ráta measartha íseal i bhfeidhm.
10 An ghné is deise den cháin turasóireachta? Ní bheadh ar dhuine ar bith a bheadh ina chónaí i gceantar ina gcuirfí an cháin i bhfeidhm í a íoc. Buntáiste nach beag.
Ainneoin na mbuntáistí thuas ní bheidh tagairt do cháin turasóireachta sa bhuiséad a fhógróidh Jack Chambers agus Simon Harris Dé Máirt. Beidh Éire ina cás cánach eisceachtúil ar feadh tamaill eile, faraor.
Seán O Flaithearta
Creidim go cinnte gur cheart don stát díriú ar na háiseanna atá ann ar an talamh don turasóir, ar dtús. Tagann go leor go dtí Inis Mór sa samhradh . Is é mo thuairim gur gá na bunsheirbhísí a fheabhsú sula mbaintear cáin breise amach!.
Is fiú féachaint ar an bhfíseán atá ar Instagram de na fir chróga a shábháil turasóir ag Poll na bPéist ar Inis Mór le gairid. Deirtear liom gur saighdiúr a bhí ann a tháinig go hInis Mór le breathnú ar Pholl na bPéist. Bhí an tádh leis gur thug sé na cosa leis!. Tá áilleacht na háite ar an leibhéal atá ag aillteacha an Bhóthair gan treoir don turasóir gan na bun áiseanna atá riachtanach!.