IS MÓR AN SPÓRT É: ‘Níl Béarla ná Gaeilge ag football’ – UEFA sa Ghaeltacht, scannán rugbaí agus cluichí móra ag mná na Gaeltachta

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

IS MÓR AN SPÓRT É: ‘Níl Béarla ná Gaeilge ag football’ – UEFA sa Ghaeltacht, scannán rugbaí agus cluichí móra ag mná na Gaeltachta

UEFA sa Ghaeltacht

Cluiche ceannais faoi 14 an cluiche mór a bhí ar Pháirc an Cathánaigh ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo ach cothrom na seachtaine seo dhá scór bliain ó shin bhí cluiche mór eile ar an bpáirc i gcroílár na Gaeltachta, cluiche a bhfuil cuimhne go fóill air.

Agus cead diúltaithe do Galway United an cluiche baile a bhí le bheith acu i gcoinne FC Groningen na hÍsiltíre i gCorn Uefa a imirt ar Pháirc Thír Oileáin i gcathair na Gaillimhe, thángthas ar phlean an cluiche a thabhairt siar go Conamara.

Ní raibh CLG na Gaillimhe sásta Staid an Phiarsaigh a chur ar fáil ach toisc gur pháirc phobail í Páirc an Chathánaigh, ní raibh ag teastáil ach beannacht choiste na páirce. “Níl Béarla ná Gaeilge ag football,” a dúirt Johnny Phaidí Ó Loideáin, a bhí ar choiste na páirce ag an am, agus socraíodh an cluiche a imirt ar an gCeathrú Rua ar an 1 Deireadh Fómhair.

Mar a dúirt Bernie O’Connell, iarchathaoirleach Galway United, le Tuairisc, “Cheap na hÍsiltírigh go raibh siad leaindeáilte ar an ngealach,” ach bhí airgead mór caite ar athfhorbairt na páirce agus slua 3,000 duine a tháinig amach chun an cluiche a fheiceáil. Bua 1-3 a bhí ag na hÍsiltírigh sular fhill siad ar a bpláinéad féin ach maireann an cluiche go fóill i gcuimhne na ndaoine ar an gCeathrú Rua agus i dTír Oileáin.

Déan iarracht! an scannán Úd! seo a fheiceáil

Bhí tráth ann nuair a bhí suim ag an scríbhneoir seo i gcúrsaí rugbaí. Bhíodh mé ag súil le teacht an earraigh agus Craobh na Sé Náisiún agus bhíodh mé den tuairim chuile cheithre bliana gurbh í sin an bhliain go mbainfí cluiche leathcheannais amach ag Corn an Domhain.

Thosaigh an tsuim ag ídiú in 2015 nuair a chlis ar Éirinn arís sna babhtaí ceathrú ceannais i gcoinne na hAirgintíne ach tháinig an buille marfach an bhliain dár gcionn le fógra faoi scannán faisnéise a bhí le craoladh ar RTÉ, Irish Rugby: What We Did Last Summer. Is éard a bhí déanta ná an Afraic Theas a bhualadh ar a bpaiste féin den chéad uair riamh. Bhí sé luaite go soiléir leis an scannán go raibh sé coimisiúnaithe ag Vodafone, urraithe na foirne. Rud nach raibh luaite chomh soiléir céanna ná gur chaill Éire an dá chluiche eile a bhí acu in aghaidh na Springboks agus gur cháill siad an tsraith dá réir, 2-1. Cuireann an magadh faoi lucht rachmais as do chuid mhaith de lucht tacaíochta an rugbaí ach uaireanta, ní féidir é a sheachaint.

Tá scannán eile faoi chúrsaí rugbaí tagtha amach a d’fhéadfadh an scríbhneoir seo agus searbháin cosúil leis a mhealladh arís. Déantar cur síos sa scannán Try! ar aistear cheathrar imreoirí agus iad ag fáil réidh do chorn domhanda rugbaí a dhéanann freastal ar imreoirí faoi mhíchumas agus le riachtanais bhreise.

Seo chéad scannán faisnéise ag Oisín Mistéil, a bhfuil cláir léirithe agus curtha i láthair aige do TG4, thug Try! leis an gradam don scannán faisnéise Éireannach is fearr ó Fhleadh Scannán na Gaillimhe níos luaithe i mbliana. Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna áirithe timpeall na tíre ar feadh tréimhse theoranta.

Cluiche Gaeltachta an deireadh seachtaine

Naomh Abán v Áth Fhada
Dé Domhnaigh, 4.00pm

Deireadh seachtaine mór atá ann d’fhoirne Gaeltachta fud fad na tíre agus craobhacha áirithe ag teacht go gceann scríbe. Níl craobh shinsir an chontae ach ag tosú i gCiarraí agus seaimpíní idirmheánacha agus sinsir na hÉireann ag dul chun páirce. Imreoidh Cumann Caide na Gaeltachta in aghaidh an Teampaill Nua sa gcéad bhabhta Dé Sathairn. Is é seo an chéad chluiche ag an nGaeltacht sa gcomórtas ó 2018 agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann a sháraíodar i mbabhtaí díbeartha chraobh na gclubanna an mhí seo caite. Is in aghaidh an Spá amárach atá curaidh na bliana seo caite, an Daingean.

Beidh babhtaí leathcheannais na craoibhe againn i nDún na nGall, i Maigh Eo agus sa Mhí, áit a mbeidh Bhulf Tón ag tabhairt aghaidh ar Chnoc an Línsigh Dé Domhnaigh d’áit sa gcluiche ceannais. Beidh Béal an Mhuirthead ag imirt in aghaidh an Gharraí Mhóir an tráthnóna céanna agus fir Iorrais ag iarraidh áit sa gcluiche ceannais a fháil den chéad uair ó 2021 agus den cheathrú uair riamh.

Casfaidh na foirne is rathúla i stair chraobh shinsir peile Dhún na nGall, Gaoth Dobhair agus Naomh Adhamhnáin, ar a chéile i gcluiche leathcheannais oíche Dé Sathairn i mBealach Féich agus is ar an bpáirc chéanna a bheidh an cluiche leathcheannais eile Dé Sathairn agus Naomh Conaill ag imirt in aghaidh Ghleann tSúilí.

Deireadh seachtaine mór atá ann do na mná i dTír Chonaill chomh maith. Tá an Tearmann ag iarraidh an deichiú gcraobh acu a bhuachan Dé Domhnaigh agus Naomh Adhamhnáin, atá ar ais sa gcluiche ceannais den chéad uair ó 2013, ag fanacht orthu. An Tearmann a bhuaigh craobh shinsir na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana agus tá an dream a bhuaigh an chraobh idirmheánach, Naomh Columba, i gcluiche ceannais an chontae in aghaidh na gCeall Beag Dé Sathairn, an chéad bhliain ag mná na Gaeltachta sa gcraobh idirmheánach tar éis dóibh an t-ardú céime a bhaint amach anuraidh.

Dream eile atá ag dul ó neart go neart is ea mná Naomh Abán, atá ag fáil réidh do chluiche ceannais na craoibhe sinsir sa gcéad bhliain acu ar ais sa bpríomhghrád. Tháinig Naomh Abán aniar aduaidh ar churaidh na bliana seo caite, Éire Óg, sna babhtaí leathcheannais agus seaimpíní 2024 anois le sárú.

Bhí bua naoi bpointe ag Áth Fhada ar Naomh Abán níos luaithe sa gcraobh, rud a léiríonn an dúshlán atá os comhair mhná Mhúscraí, ach tá an-chleachtadh acu ar chluichí ceannais le blianta beaga anuas agus cá bhfios nach bhfuil éacht eile iontu.

Fág freagra ar 'IS MÓR AN SPÓRT É: ‘Níl Béarla ná Gaeilge ag football’ – UEFA sa Ghaeltacht, scannán rugbaí agus cluichí móra ag mná na Gaeltachta'