Bíonn sé d’ádh ar dhaoine go bhfuil cuimhne mhaith acu. Faraor, ainneoin na ceirde a tharraing mé orm féin, níl mise sa gcomhaireamh. Níos measa fós, glacann daoine leis go bhfágann cosán mo shaoil nach bhfuil le déanamh ach ceist spóirt a chur orm agus go dtiocfaidh an freagra láithreach. I bhfad uaidh sin an fhírinne. Ar mo chomrádaí agus comrádaí go leor nach mé, ‘Páidín Mac an Ghúthgeal’, a bhím ag brath go hiondúil.
Is maith dom agam é go minic.
Dé Sathairn seo caite agus mé i mo shuí i lár Sheastán Clan ar an mBóthar Beag ag an gcluiche rugbaí idir Connacht agus na Ealing Trailfinders, bhí beirt as Cathair na dTreabh chun tosaigh orm – beirt a raibh fios a ngraithe acu freisin. Cluiche dúshláin a bhí i gceist – an chéad léargas againn ar na himreoirí a tháinig go Connachta le gairid agus a bhí ag imirt den chéad uair dóibh. Bhí chuile eolas ag na buachaillí fúthu.
Ag leath ama mheabhraigh siad dá chéile go raibh deich mbliana caite ó chonacthas an lá ab iontaí fós i stair rugbaí an chúige sin – nuair a bhuaigh siad ar Chúige Laighean i mBabhta Ceannais an Pro 12 in Murrayfield, Dún Éideann.
Bhí mé ann, mar a deir an mada beag.
Idir an bheirt a bhí an chéad chuid den chomhrá – mise ag éisteacht agus ag iarraidh cuimhní an lae údaí a thabhairt chun cruinnis. Ba dhona mé mura mbeadh a fhios agam go mba é Pat Lam an príomhchóitseálaí. An scór? Barúil na ngrást ní raibh agam. Chuimhnigh mé freisin go mba é John Muldoon Phort Omna an captaen, go mba fear as an gClochán, Tiernan O’ Halloran, a bhí mar lánchúlaí agus go raibh Ronan Loughney Chnoc na Cathrach ar an bpáirc freisin .
Níorbh aon ghaisce mhór dom ach oiread cuimhneamh ar Robbie Henshaw – ba é a bhí trasna uaim san eitleán a thug go hAlbain muid as Cnoc Mhuire.
Mo léan bhí siad sin agus tuilleadh ar bharr a ngoib ag an mbeirt.
Chuir sé iontas orm nuair a chuala mé iad ag rá go mba é Bundee Aki an páirtí a bhí ag Henshaw sa líne trí-cheathrú – cheap mé go raibh sé bliain nó dhó eile caite faoin am a dtáinig Bundee go Connachta.
Bhí mé i mo staic agus mé ag iarraidh ainm a chur ar an mbeirt chliathánaithe a bhí le taobh Bundee agus Robbie. Nuair a chuir mé cluas orm fhéin thuig mé ón mbeirt go mba iad Matt Healy agus Niyi Adeolokun a bhí i gceist. Cén chaoi faoin spéir a bhféadfadh ainmneacha na beirte a bheith imithe as mo chuimhne? Go dtí an lá atá inniu ann is é Healy an té is mó a scóráil údanna do Chonnachta.
Ar aghaidh agus ar aghaidh leo go raibh ainm acu ar an bhfoireann ar fad. Nuair a chomhair siad na hionadaithe a tháinig chun páirce sheas an dá shúil i mo chloigeann le hiontas agus le hómós.
Is mór a thabharfainn ar a mbua.
Rud eile a d’ardaigh mo mheas orthu ab ea an solamar a bhaineadar as a bheith in iomaíocht lena chéile, féachaint cé acu ba thúisce a chuimhneodh ar ainm.
Tá mé cinnte gur raibh fón i bpócaí na beirte agus ní raibh ann ach sin a chur i mbun oibre agus bheadh freagraí na gceisteanna láithreach acu. Ach ar ndóigh ní bheadh aon sásamh le baint as sin.
Práinn is ea bua an Idirlín. Fós má bhí ceacht ar bith le foghlaim ón gcomhrá a bhí cloister agam, b’in nár cheart tús áite a thabhairt i gcónaí dó. Ach sin a bheith déanta Dé Sathairn seo caite, ní bheadh an teanntás a bhí idir an bheirt le braith, ná an píosa deas comhrá déanta.
Is dóigh go mba é an Guinness Book of Records an rud ba ghaire don Idirlíon agus mise ag éirí aníos. Feicim anois nach i mbarr a shláinte atá sin ach an oiread ó tháinig an ‘dot cam’, mar a bhaist mo mháthair air. Titim ag teacht ar líon na gcóipeanna a cheannaítear chuile bhliain.
Cén t-iontas?
Ba in 1954 a foilsíodh den chéad uair é agus tá scéilín deas a bhaineann leis an tír seo le n-inseacht faoi sin. Ag an am ba fear a raibh Sir Hugh Beaver mar ainm air ina stiúrthóir bainistíochta a bhí ar an ngrúdlann cháiliúil as a bhfuil an leabhar ainmnithe.
Duine ab ea é a raibh an-tóir aige ar fhoghlaeireacht. Lá agus é i mbun seilge i gcontae Loch Garman scaoil sé urchar faoin éan a dtugtar an fheadóg sléibhe, nó an fheadóg bhuí air. De bharr a luas, tháinig an t-éan slán.
Thosaigh argóint ansin idir Sir Hugh agus na sealgairí eile. A mba é an fheadóg an t-éan géim ba sciobtha san Eoraip. Bhi siad ann a thaobhaigh le Beaver, ach bhí tuilleadh ann a bhí den bharúil go mba iad an chearc/coileach fraoigh ba scafánta.
Ní raibh aon réiteach ar an scéal an lá sin, ná fiú nuair a chuathas i mbun scrúdaithe ar leabhair thagartha ina dhiaidh.
Léirigh Sir Hugh a chumas fiontraíochta nuair a chuimhnigh sé gur dóigh go raibh a leithéid de sháraíocht agus d’easaontais ar siúl chuile lá agus chuile oíche sna háiteacha ba mhó ina raibh éileamh ar a chuid pórtair – tábhairní na Breataine agus na hÉireann.
Bhí 81,400 acu ann ag an am agus cheap an ridire go mba mhaith an beart é leabhar a fhoilsiú ina a mbeadh réiteach na n-argóintí ar fad le fáil ann.
1,000 cóip den chéad eagrán den Guinness Book of Records a priontáladh an chéad bhliain agus scaipeadh iad ar thithe ósta anseo agus sa mBreatain. Ní fada go raibh custaiméirí iontu siúd á ngoid agus á dtabhairt abhaile. Thuig Sir Hugh ansin go raibh earra curtha ar fáil aige a mbeadh éileamh domhanda air.
I mí Lúnasa na bliana dar gcionn a foilsíodh an dara heagrán – faoin am a dtáinig an Nollaig bhí 100,000 cóip díolta agus é ar an leabhar ba mhó a raibh tóir air sa mBreatain.
Níos deireanaí ná sin arís a bhain sé an teach s’againne amach. Rinne ógánaigh ansiúd iontas den fhéasóg 12 troigh ar fhad a bhí ar éadan Hans Langseth as an Iorua agus de na 25 duine ar éirigh leo iad féin a bhrú isteach i mbosca teileafóin in Durban na hAfraice Theas agus fear acu 6’ 2” ar airde.
Go dtí seo tá 150 milliún cóip den leabhar díolta agus cé go bhfuil poll curtha sa margadh ag an idirlín fós fhéin ceannaítear suas le 3.5 milliún cóip chuile Nollaig ar fud na cruinne.
Creid é nó ná creid, níl aon socrú déanta fós ar chás na feadóige ná na circe fraoigh.
Ach an lá a bheith ina chalm, measann an Guinness Book of Records reatha go bhfuil an t-éan fraoigh in ann luas 93-101km/u a bhaint amach (58-63msu).
Ainneoin é a bheith ráite ag sealgairí go bhfaca siadsan luas 112km/u (70msu) faoin gcearc fraoigh nuair a dúisíodh é, measann siad siúd atá i mbun an leabhair nach móide go bhféadfadh sé coinneáil air leis an siúl sin thar achar fada.
Bheadh mo scéal millte dá dtiocfainn i dtuilleamaí ‘Mhic an Ghúthghile’ !
Fág freagra ar 'Is mó scéal agus comhrá atá millte ag Páidín Mac an Ghúthgeal'