CULTÚR: Féile Ainm Cleite, Ensemble na nÓg, Ó Bhéal go Béal, Féile na bPuiteachaí, Go Deo na nDeor, Dorn san Aer

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Féile Ainm Cleite, Ensemble na nÓg, Ó Bhéal go Béal, Féile na bPuiteachaí, Go Deo na nDeor, Dorn san Aer

FÉILTE

Ainm Cleite, Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí

Beidh Ainm Cleite, Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí ar siúl ó 11 go 13 Meán Fómhair i gCeantar na nOileán. Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ag ócáid i Halla Thír an Fhia ag 7pm inniu (Dé hAoine, 11 Meán Fómhair). Bronnfar Gradaim na Féile i ndiaidh na hoscailte. Beidh dhá ghradam á mbronnadh: Gradam Tom a’ tSeoighe, a bheidh á bhronnadh ag Ciarán Festy Ó Fátharta; agus Gradam Ainm Cleite, a bheidh á bhronnadh ar Áine Ní Chonghaile ag Máire Ní Fhinneadha. Cuirfear soláistí ar fáil agus beidh ceol beo ar an oíche le Ceann Golaim.

Cuirfear réimse imeachtaí eile ar bun Dé Sathairn, Ceardlann Amhrán le Áine Durkin agus Méabh Ní Lochnáin i gComhar Chuigeal ag 3:30pm ina measc. Leanfar leis na himeachtaí Dé Domhnaigh, tráth a bheidh an t-úrscéal nua Faraor Géar nar Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile á sheoladh ag Dónall Ó Braonáin i Halla Thír an Fhia ag 1pm. Cuirfear taispeántas ealaíne le Seán Ó Flaithearta i láthair ag an ócáid seo freisin, tá an taispeántas ‘Ó Mhaidin go Maidhm’ bunaithe ar ábhar an leabhair. Cuirfidh Bridie Ní Churraoin agus Caitlín Ní Chualáin an léiriú Ar Thóir Bhríd Ní Mháille, a stiúir Eoghan Ó Riada i láthair freisin.

Tuilleadh eolais agus clár na féile.

Féile na bPuiteachaí in Inis Meáin

Beidh Féile na bPuiteachaí, féile a dhéanann ceiliúradh ar sméara dubha agus ar phobal Inis Meáin, ar siúl ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair agus Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair. Seo í an cúigiú bliain ag an bhféile atá ainmnithe i ndiaidh an fhocail a úsáidtear go háitiúil do sméara dubha.

Cuirfear tús leis an bhféile le hOíche Bhothántaíochta ina ndéanfar turas ó theach go teach timpeall ar an oileán, beidh scealaíocht agus seanchas mar chuid den turas. Beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ag scéalaíocht agus ceardlann déantús suibhe le hAedín Ní Thiarnaigh.

Beidh parkrun, comórtas bácála agus comórtas don Fhata Is Mó ar siúl Dé Sathairn chomh maith le himeachtaí eile. Den chéad uair i mbliana, beidh ceardlann caoladóireachta ar bun, tá spásanna teoranta ar an gceardlann agus caithfear clárú roimh ré: www.inismeainbeo.ie/events

Clár Babóró fógartha

Tá clár na féile Baboró fógartha, féile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí a bheidh ar siúl i mbliana ó 9 go 18 Deireadh Fómhair, agus í ag ceiliúradh 30 bliain. Beidh deich lá d’imeachtaí ealaíon do leanaí, do theaghlaigh, do scoileanna agus do dhaoine fásta ar bun i rith na féile, agus amharclannaíocht, ceol, damhsa, litríocht agus ceardlanna san áireamh sa gclár.

I measc na n-imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha, beidh seisiún ceoil traidisiúnta le ceoltóirí éagsúla as Gaillimh, Liz Coleman, Páidín Breathnach, Áine McHugh, Seosamh Ó Neachtain agus Tommy Carew ina measc. Cuirfear ceardlann dhátheangach le fleasc Samhna a dhéanamh, Make a Samhain Wreath, le hÁine ó fheirm bláthanna Flós san Spidéal. Beidh ceardlann do dhaoine fásta, Nach féidir liom an ealaín a chumadh?, ar bun le Em Ó Ceallaigh/Ball, i gcomhpháirt leis an Taibhdhearc agus go leor eile.

Cuirtear ticéid fhóirdheonaithe, imeachtaí agus ceardlanna saor in aisce ar fáil ag Babóró le rochtain ar na healaíona a leathnú.

Clár agus ticéid anseo: www.baboro.ie

 

Féile Dorn san Aer ag deireadh na míosa

Beidh Féile Dorn san Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí ar ais den tríú bliain agus ar bun i nGaoth Dobhair ó 25 go 27 Meán Fómhair, 2026. Bunaíodh an fhéile in 2024 agus déanann sé ceiliúradh ar an obair ar chuir an craoltóir aitheanta tús léi, ag tacú le ceoltóirí nua agus ceol comhaimseartha na Gaeilge. San áireamh sna bannaí a bheidh ar stáitse le linn na féile i mbliana, tá Kíla, Grooveline, Bréag, Tart, Burnchurch, Trá Pháidín, Torby, Corr Mhóna, Na Shan Vans agus Ushmush agus bannaí eile.

Ticéid agus clár na feile ar fáil anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Anonn, dráma dátheangach i gCill Dara

Beidh an compántas amharclannaíochta Scaoilte i gCo. Chill Dara an mhí seo leis an dráma dátheangach Anonn | The Other Side. Seo é an chéad uair ag an gcompántas seo dráma a thabhairt go Cill Dara agus beidh siad á léiriú mar chuid d’ócáid shóisialta le Cill Dara le Gaeilge. Cuirfear an dráma ar bun sa gCaifé Dubh & Ionad Ealaíon Riverbank, An Droichead Nua, ar an gCéadaoin, 23 Meán Fómhair ag 6:30pm.

Imeacht dátheangach a bheidh san ócáid agus deir na heagraitheoirí go mbeidh sé feiliúnach d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa. Dráma dátheangach é Anonn ina n-insítear scéal ‘Seoirse’, spioradaí bréagach a dtagann an ‘taobh eile’ aniar aduaidh air.

Níl aon táille ar an doras ach caithfear ticéad a chur in áirithe roimh ré.

OÍCHE CHULTÚIR

 

Síle Denvir

Ó Bhéal go Béal ar Oíche Chultúir i gCois Fharraige

Cuirfear oíche amhránaíochta ar an sean-nós ar bun in Amharclann Chois Fharraige mar chuid d’imeachtaí Oíche Chultúir 2026. Déanfar ceiliúradh ar na hamhráin, na hamhránaithe agus na taifid a spreag glúin óg amhránaithe as ceantar Chois Fharraige. Is í an t-amhránaí agus ceoltóir Síle Denvir a chuirfidh an tráthnóna i láthair agus beidh amhránaithe óga áitiúla ag roinnt amhrán a bhfuil ceangal ar leith acu leo, chomh maith le beagán cainte faoi na hamhránaithe a chuaigh i bhfeidhm orthu agus a spreag iad ina gcuid amhránaíochta féin.

Beidh an ócáid ar bun ón 8pm. go dtí a 9pm. Níl aon táille ar an doras ach caithfear ticéad a chur in áirithe roimh ré.

CEOL

Ensemble na nÓg i Stiúideó Cuan ag lorg iarratas

Beidh Ensemble na nÓg á reachtáil ag Stiúideo Cuan arís an Fómhar seo agus iad ag súil le fáilte a chur roimh cheoltóirí óga ó ar fud na tíre le ceol nua a chruthú le chéile sa Spidéal i gCo na Gaillimhe.

Tá Ensemble na nÓg dírithe ar cheoltóirí óga cumasacha (13-17) a bhfuil suim acu a gcuid ceoil agus cruthaitheachta a fhorbairt. Tá scoth na gceoltóirí agus áisitheoirí gairmiúla páirteach sa chlár seo, ina measc, Colm Ó Foghlú, John Flannery agus Darach Mac Con Iomaire.

Sprioc an chúrsa seo ná grúpa ceoltóirí óga a thabhairt le chéile ó cheann ceann na tíre agus clár oiliúna a chur ar fáil dóibh i réimse an cheoil agus na cumadóireachta. Cuirtear béim ar leith ar fhorbairt phearsanta an duine agus clár cuimsitheach imeachtaí sóisialta lárnach tríd.

Beidh ceardlanna praiticiúla i gceist agus beidh na daoine óga ag cumadh a gcuid saothair féin agus iad ag obair le chéile chun na saothair seo a chur i láthair ag coirmcheoil speisialta i Stiúideo Cuan i mí na Samhna tráth a bheidh coimisiún nua le Steve Cooney á léiriú freisin.

Tá gach eolas ar fáil ag www.stiuideocuan.ie agus is é 5pm Dé hAoine 11 Meán Fómhair an sprioc le hiarratais a dhéanamh.

 

‘Go Deo na nDeor’ singil nua bunaithe ar aistriúchán le Gabriel Rosenstock

Tá singil nua, ‘Go Deo na nDeor’ eisithe ag Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, deirfiúr agus deartháir ar ceoltóirí óga iad a bhfuil a gcasadh féin á mbaint acu as an gceol traidisiúnta.

Cóiriú nua é an singil ar an mbunamhrán ‘Forever and More’ a scríobh Carl Corcoran agus Rosemarie Taylor é an singil is deireanaí uathu. Sa mbliain 2025, rinne an file Gabriel Rosenstock leagan fileata den amhrán i nGaeilge agus tá an singil bunaithe ar an leagan sin.

Amhrán grá é ‘Go Deo na nDeor’ agus cóiriú bog suaimhneach déanta air agus comhcheolta nuachumtha agus fuaim thraidisiúnta fuaite le chéile ann.

Tá an singil ar fáil ar líne ar na hardáin sruthaithe.

SCANNÁN

Féile Scannán Oileán Cliara

Beidh Féile Scannán Chliara i gcontae Mhaigh Eo ar bun an deireadh seachtaine seo agus 33 gearrscánnán á dtaispeáint i rith na féile. Seo í an deichiú bliain den fhéile a bunaíodh sa mbliain 2013 (thóg siad sos beag i rith Covid), agus is coiste ón oileán a chuireann an t-imeacht ar bun. I measc na ngearrscannán a thaispeánfar i gcaitheamh na féile, beidh aicsean, faisnéis agus beochan. Níl aon táille ar na taispeántais agus beidh buicéid ag na doirse agus cuirfear fáilte roimh shíntiúis dheonacha de réir mar atá daoine in acmhainn iad a thabhairt.

Clár agus tuilleadh eolais

Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile Ainm Cleite, Ensemble na nÓg, Ó Bhéal go Béal, Féile na bPuiteachaí, Go Deo na nDeor, Dorn san Aer'