GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Bia agus Cultúir na Samhna ar ais i gCeanannas

Tá Féile Bia agus Cultúir na Samhna ar ais i gCeanannas don ochtú bliain ón 5ú go dtí an 8ú Samhain agus beidh Aonach Bia Éireannach Ó Sirideáin, taispeántais chócaireachta, ceardlanna do pháistí, ceol beo, agus blaiseadh breá bia agus deochanna ann.  Cé go bhfuil na laethanta ag éirí níos giorra anois agus go bhfuil […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Bia agus Cultúir na Samhna ar ais i gCeanannas

Tá Féile Bia agus Cultúir na Samhna ar ais i gCeanannas don ochtú bliain ón 5ú go dtí an 8ú Samhain agus beidh Aonach Bia Éireannach Ó Sirideáin, taispeántais chócaireachta, ceardlanna do pháistí, ceol beo, agus blaiseadh breá bia agus deochanna ann.  Cé go bhfuil na laethanta ag éirí níos giorra anois agus go bhfuil Oíche Shamhna thart, leanann  gníomhaíochtaí an fhómhair agus laethanta teaghlaigh amach i gContae na Mí ag Féile na Samhna. Idir óg agus aosta , beidh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil i gCeanannas ag an bhféile seo. Chun blaiseadh a thabhairt duit de na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl léigh ar aghaidh: –

Ar an Aoine 6 Samhain téigh chuig tithe tábhairne dochreidte ar fud na Mí le camchuairt na dtithe óil liteartha; imeacht eile atá ag tarlú ná clasaicí Éireannacha faoi sholas coinnle le Frank McNamara ar an bpianó agus Anne Phelan ag seinm na fidle. Ar an Satharn 7 Samhain beidh ceol be agus taithí amhairc ar siúl i dteach Cúirte Cheanannais leis an seó Bóinn: The River Goddess , amhrán alainn nua á chanadh ag amhránaí na Mí Róisín Ní Ghallóglaigh agus tá scannán beoite tionlacan arna choimisiúniú ag Oifig Ealaíon na Mí agus arna cruthú ag Sarah Fuller agus Manuelo Corbrari.  Beidh dhá sheisiúin  den cheardlann do pháistí Cártaí Kells  ag tarlú ag 10r.n. agus 10:30r.n.  ar an Satharn chomh maith. I dteach Eureka beidh seisiún ar Choipeadh agus conas bia a  choinneáil beo.

Beidh rogha de na baill Meath Made ag déanamh taispeántais ag an Aonach Ceardaíochta sa Red Chapel ar an Satharn agus ar an Domhnach idir 11:00r.n. – 4:00i.n.

Imeachtaí suimiúia eile a bheidh ar siúl ná: – Beachaireacht agus béaloideas na hÉireann agus siúil faoi chuairteanna agus ceardlanna cócaireachta idirghníomhacha do pháistí. Agus téigh siar chuig na seanlaethanta nuair a cruthaíodh an focal scríofa de láimh, le dúch agus le hiarann le siúlóid agus turas ar Chlódóirí Cheanannais.

Agus beidh níos mó imeachtaí ag tarlú ag an bhféile seo. Tá saorchead d’fhéile na Samhna ar fáil, a thugann rochtain isteach chuig deireadh seachtaine dodhearmadta. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoi seo agus ar na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl, tabhair cuairt ar an suíomh

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Bia agus Cultúir na Samhna ar ais i gCeanannas'