GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Samhain Chiarraí ag filleadh ar Chiarraí an fómhar seo

Paráidí sráide nua ó MÓTHU, cúig dheasghnáth tine agus clár imeachtaí ar fud an chontae lán de bhéaloideas, ceol, scéalaíocht agus imeachtaí do theaghlaigh ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2026

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Samhain Chiarraí ag filleadh ar Chiarraí an fómhar seo

Beidh Ciarraí beo le tine, béaloideas agus léirithe iontacha nuair a fhillfidh Samhain Chiarraí: A Kerry Halloween ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2026, le clár imeachtaí lena ndéanfar ceiliúradh ar thraidisiúin ársa na Samhna agus ar an gcruthaitheacht chomhaimseartha.

Mar cheann de na moil de thionscnamh Baile Oíche Shamhna ó Fáilte Ireland, ag Samhain Chiarraí cuirfear meascán de pharáidí sráide, deasghnátha tine, scéalaíocht, ceol, gníomhaíochtaí teaghlaigh agus imeachtaí pobail ar siúl ar fud an chontae.

Is i gCill Airne ón 23 go dtí an 25 Deireadh Fómhair agus i dTrá Lí ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain a bheidh an dá dheireadh seachtaine is mó den fhéile. Beidh paráidí sráide bríomhara, taispeántais iontacha tine Chailleach Chiarraí, caiféanna báis, Tob-imeachtaí Scéil & Céilí agus clár fairsing imeachtaí cultúir, pobail agus teaghlaigh mar chuid den cheiliúradh.

Ceann de bhuaicphointí mhóra chlár 2026 is ea Idir Dhá Shaol – Between Two Worlds, paráid sráide nua iontach a coimisiúnaíodh do Shamhain Chiarraí agus a chruthaigh MÓTHU – an Grúpa Ealaíon Sráide & Mórthaibhsithe, Corca Dhuibhne. Beidh puipéad nuachruthaithe Chailleach Chiarraí i gcroílár an léirithe, agus tabharfar Bandia Geimhridh Chiarraí chun beatha trí mheascán spleodrach d’ealaín, de bhéaloideas agus de thaibhiú. Beidh ceoltóirí beo, taibheoirí tine agus siúlóirí ar chosa croise ag glacadh páirt sa pharáid, a rachaidh trí shráideanna Chill Airne Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair, agus trí shráideanna Thrá Lí Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, ó 7.00–8.00 pm.

Beidh Deasghnátha Tine na Samhna ar siúl arís in 2026 freisin, a mbíonn an-tóir orthu agus atá faoi stiúir Dhraoi an Daingin, agus tabharfar pobail le chéile chun an tríú fómhar a chomóradh ag cúig láthair éagsúla ar fud an chontae. Beidh deasghnátha na bliana seo ar siúl i nDaingean Uí Chúis (an 16 Deireadh Fómhair), i gCill Airne (an 23 Deireadh Fómhair), i gCathair Saidhbhín (an 29 Deireadh Fómhair), i dTrá Lí (an 30 Deireadh Fómhair) agus i Lios Tuathail (an 6 Samhain).

Is í Comhairle Contae Chiarraí a eagraíonn Samhain Chiarraí agus cuireann sí clár imeachtaí ar fáil ar fud an chontae lena ndéantar ceiliúradh ar bhunús Oíche Shamhna trí chultúr, cruthaitheacht agus rannpháirtíocht an phobail. Forbraíodh an fhéile i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí cultúir eile, lena n-áirítear Féile Cheoil Thraidisiúnta Pádraig Ó Caoimh, Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí agus An Fhéile Eile, agus cuirfear réimse saibhir ilghnéitheach eispéireas os comhair an phobail ar fud Chiarraí.

Ina theannta sin, tá Comhairle Contae Chiarraí ag tacú le 13 imeacht faoi stiúir an phobail ar fud an chontae, lena n-áirítear Kenmare Halloween Howl, Samhain na Snadhma sa tSnaidhm agus ceiliúradh Oíche Shamhna i gCathair Saidhbhín, sa Choireán agus i Maigh Mheáin. Neartóidh na himeachtaí sin láithreacht na féile sna pobail áitiúla agus spiorad pobail na féile.

Le Samhain Chiarraí, speagtar cuairteoirí chun blaiseadh a fháil d’Oíche Shamhna trí scéalta, traidisiúin, cruthaitheacht agus pobail Chiarraí. Tosóidh an brat idir an dá shaol ag tanú an 15 Deireadh Fómhair.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go: www.discoverkerry.com/SamhainChiarrai

Mothú, a West Kerry-based community arts collective who create street spectacles involving towering puppetry, live music and movement will perform at Samhain Chiarraí this Autumn from 15th October to 1st November 2026 with events being staged in Killarney and Tralee. View the full programme at https://www.discoverkerry.com/samhain-chiarrai. Photo: Pauline Dennigan

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Samhain Chiarraí ag filleadh ar Chiarraí an fómhar seo'