Tugadh cuireadh d’ionadaithe Gaeilge ó Chomhairle Contae Dhún na nGall freastal a dhéanamh ar Lá na nGael i Londain, ócáid a bhí ar siúl i bPáirc Thír Chonaill, Greenford ag tús mhí Mheán Fómhair 2026.
Ina measc siúd a bhí i láthair bhí – An Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge; An Clr Martin Scanlon, Leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge; Paddy Doherty, OFS, Forbairt Pobail; Róise Ní Laifeartaigh agus Clíona Ní Ghallachóir ó Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall; agus Michelle Nic Pháidín, Oifigeach Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.
Is é seo an dara bliain as a chéile don Phreab-Ghaeltacht a bheith mar chuid d’imeachtaí Lá na nGael. Rinne Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, urraíocht ar na féiríní in aisce a bhí le fáil ag an seastán.
Tharraing na mílte ar Pháirc Thír Chonaill le linn an lae, áit a raibh ceol, craic agus cuideachta le fáil go flúirseach. Bhí an aimsir díreach mar a d’iarrfadh do bhéal a bheith – geal grianmhar, agus chuir seo go mór leis an lá.
Rinne cuid mhór daoine a mbealach chuig an Phreab-Ghaeltacht agus bhain siad an-taitneamh as bualadh le hionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Thug seo deis don fhoireann cur síos a dhéanamh ar an obair thábhachtach atá idir lámha ag an Chomhairle chun acmhainní na Gaeilge a neartú agus a chur chun cinn laistigh den eagraíocht.
Ba mhór an pléisiúr é scéalta saoil a chloisteáil ó dhaoine ó bhailte agus ó shráidbhailte Dhún na nGall – agus áiteanna eile nach iad – atá ag cur fúthu i Londain anois.
“Níl aon dabht ach go raibh an-áthas ar na daoine a tháinig chuig an Phreab-Ghaeltacht an deis a fháil a dteanga dhúchais a labhairt agus taitneamh a bhaint as a n-oidhreacht agus a gcultúr le daoine ón bhaile,” a dúirt An Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge.
Cheol Clíona Ní Ghallachóir, an t-amhránaí sean-nóis roinnt amhrán Gaeilge ar Ardán na nGael, áit a raibh ceol agus damhsa traidisiúnta ar siúl i rith an lae.
Tráthnóna Dé Luain, thug an grúpa aghaidh ar Ionad na nGael in Camden, áit a raibh ócáid ghnó eagraithe ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall. Thug an Phreab-Ghaeltacht deis arís dóibh siúd i láthair comhrá a bheith acu le hionadaithe ó Choiste na Gaeilge agus ó Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle.
Bhí cúrsaí earcaíochta ar cheann de phríomhthéamaí na hócáide; bhí comhlachtaí móra ón earnáil tógála i láthair chomh maith le hionadaí ó Rannóg Acmhainní Daonna na Comhairle – iad ar fad ag iarraidh daoine a mhealladh ar ais go Dún na nGall chun líon mór folúntas atá ann faoi láthair a líonadh agus leis an chontae a chur chun cinn mar áit chónaithe, áit oibre, áit chuairte agus áit dúchais na nGael.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ionadaithe Gaeilge ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Lá na nGael i Londain 2026'