“Le rugbaí cumais mheasctha, caithfidh tú é a fheiceáil le go dtuigfeadh tú é. Tá sé deacair é a mhíniú gan é a fheiceáil,” arsa Oisín Mistéil.
Ar an dea-uair, tá léargas taitneamhach, corraitheach, spreagúil tugtha dúinn ar an spórt ag an Mistéalach sa scannán faisnéise nua aige, Try!, atá anois i bpictiúrlanna timpeall na tíre.
Spórt is ea rugbaí cumais mheasctha a thugann imreoirí le míchumas agus gan míchumas le chéile chun imirt gan srian. Cúigear déag an taobh, greamaithe, sínte amach, gach rud.
“Bhí Corn an Domhain i gCorcaigh in 2022 agus is thart ar an am sin a chuala mé trácht ar an spórt den chéad uair,” a deir Mistéil. “Nuair a míníodh dom é, daoine le agus gan míchumas ag imirt rugbaí, cúigear déag an taobh le lán-teagmháil, cheap mé go raibh sé cineál craiceáilte mar choincheap.”
Agus é fiosrach, bheartaigh Mistéil agus léiritheoir an scannáin, Claire McCabe, tabhairt faoi thuras go Corcaigh chun tuilleadh eolais a fháil. Níor thóg sé i bhfad ar na himreoirí agus an pobal dul i bhfeidhm orthu.
“Nuair a chuamar síos chonaiceamar an seisiún traenála seo le cumann Sunday’s Well Rebels agus thuigeamar é agus chreideamar ansin go raibh rud uathúil, iontach sa spórt óg seo agus go raibh scéal ann, nó an iliomad scéalta i ndáiríre.
“An pobal atá ann agus atá timpeall ar an spórt, tá an méid sin sáraithe acu díreach leis an bpáirc imeartha a shroicheadh. Thuigeamar láithreach bonn go raibh deis iontach scéal an-chumhachtach a insint anseo.”
D’éirigh le Mistéil agus McCabe é sin a dhéanamh a bhuíochas don cheathrar réaltaí atá ag croí an scéil, Richie, Paul, Maeve agus Tommy, agus iad ag fáil réidh do Chorn an Domhain 2025 thall sa Spáinn.
Deir Mistéil go raibh sé tábhachtach go ndéanfadh na príomhcharachtair ionadaíocht ar an réimse fairsing daoine a imríonn an spórt, idir dhaoine gan míchumas, daoine le míchumais éagsúla agus na pearsantachtaí éagsúla a bhíonn le feiceáil.
Cuireann an ceathrar a roghnaíodh an lucht féachana ag gáire agus ag gol ach is iad ionracas agus misneach s’acu is mó a thugann lón machnaimh.
“Bhí an t-ádh linn mar tá na daoine atá againn ar an scáileán chomh mealltach agus chomh spéisiúil. Agus dúshlánach uaireanta don tsochaí agus don lucht féachana,” arsa Mistéil.
“Sílim go bhfuil sé dúshlánach mar radharc, Maeve, a bhfuil siondróm Down uirthi, a fheiceáil ag briseadh trí chúpla taicil ar an bpáirc rugbaí. Tá sé cumhachtach é sin a fheiceáil gan trácht ar an phearsantacht atá aici, an diongbháilteacht agus an grá atá aici don rugbaí agus cé chomh gafa is atá sí leis.”
Is chun an dúshlán sin a thabhairt don lucht féachana a bheartaigh Mistéil agus McCabe tabhairt faoin scannán agus faoin aistear seo.
“Tá an spórt an-soiléir faoin bhealach go gcaitear le daoine le míchumas agus daoine gan mhíchumas ar an bhealach céanna agus nach ndéantar aon mollycoddling ar aon duine ná nach ndeirtear go bhfuil gach éinne iontach. Má chuireann duine cos as bealach ar an bpáirc rugbaí, déarfar leo é, is cuma cé hiad. Mura bhfuil daoine ag déanamh a ndíchill, beidh a fhios acu,” ar sé.
“Sin a thaitníonn leis na himreoirí ar na foirne seo mar ní fhaigheann siad é sin in aon áit eile, go gcaitear leo díreach mar an gcéanna.
“Bhí sé tábhachtach dúinne sa scannán go ndéanfadh muid an rud céanna, go mbeadh an t-éiteas céanna againn. Go gcaithfeadh muid le gach aoinne ar an mbealach céanna agus go ligfeadh muid do gach aoinne a scéal féin a insint seachas é a rá dóibh.
“Cé gur scannán dearfach é, tá scéalta an-dúshlánach ann freisin. Na carachtair seo, tá siad théis constaicí móra a shárú ina saol. Tá siad théis a bheith ag déileáil le réamhchlaonta i gcaitheamh a saoil, go ndeirtear leo céard gur féidir nó nach féidir leo a dhéanamh gan an cheist a chur orthu ar mhaith leo triail a bhaint as rud.
“Tá daonra mór daoine théis a bheith fágtha amach as spórt mar a thuigeann mise agus tusa spórt agus an meon foirne sin a bhfuil muide in ann talamh slán a dhéanamh de ceilte orthu.
“Tá daonra mór daoine nár tugadh an deis sin dóibh riamh agus tá sé an-chumhachtach a fheiceáil, cé nach bhfuil an spórt ollmhór go fóill, go bhfuil na deiseanna sin á dtabhairt agus go bhfuil na deiseanna sin á dtapú.”
Tá duaiseanna bainte cheana féin ag an scannán ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus ag Féile Scannán Faisnéise IFI ach an rud is mó atá á lorg ag Mistéil don chéad fhadscannán aige ná go scaipfí an scéal faoin spórt agus go dtabharfaí deiseanna do thuilleadh díobh siúd a bhíonn fágtha dá n-uireasa.
“Tá deis anseo leis an scannán aird a tharraingt ar rugbaí cumais mheasctha. D’fhéadfadh an spórt seo an-tionchar a bheith aige ar dhaoine nach bhfuil an deis seo faighte acu go fóill. Tá naoi bhfoireann rugbaí cumais mheasctha sa tír agus tá beagnach 250 club rugbaí ar an oileán. Níl sé sin maith go leor. Ba cheart go mbeadh an spórt seo i bhfad níos forleithne sa tír seo agus ar fáil do i bhfad níos mó daoine nach bhfaigheann na deiseanna seo a ndéanann muide talamh slán díobh,” ar sé.
“Má tá muid in ann daoine a fháil isteach sa phictiúrlann agus b’fhéidir a n-intinn a athrú maidir le cad dó an spórt agus cé dó an spórt, bheadh muid an-sásta leis sin mar thoradh.”
– Tá Try! i bpictiúrlanna áirithe timpeall na tíre anois.
Fág freagra ar '‘Má tá muid in ann intinn daoine a athrú maidir le cad dó an spórt agus cé dó an spórt, bheadh muid an-sásta leis sin’'