Cuairt ar an ‘Met’ – is fiú i gcónaí ceist a chur ar ngarda sa mhúsaem

Tá an scuaine is faide taobh amuigh den seomra a bhfuil Taipéis Bayeux ach tá go leor eile le feiceáil i Músaem na Breataine

Cuairt ar an ‘Met’ – is fiú i gcónaí ceist a chur ar ngarda sa mhúsaem

Tá mé ag léamh leabhair faoi láthair a scríobh garda a d’oibrigh i Músaem na Cathrach i Nua-Eabhrac (an ‘Met’), All the Beauty in the World le Patrick Bringley.

Ní garda a bhí ann ó thús – scríbhneoir leis an New Yorker a bhí ann. Ach thóg sé an jab sa mhúsaem toisc go raibh sé ag iarraidh teacht chuige féin tar éis bhás a dhearthár. Deich mbliana a d’fhan sé ann.

Thosaigh sé ag breacadh síos cuid de na rudaí spéisiúla agus áiféiseacha a dúirt daoine leis agus iad ag siúl thart.

‘Cá bhfuil an Mona Lisa?’ Níl sí anseo.

‘Agus cá bhfuil bhur gcuid pictiúr le Leonardo da Vinci?’ Níl aon cheann anseo.

Díomá orthu ansin. Ní fhaca siad na hiontais ar fad a bhí thart orthu.

Ach thug an obair sa mhúsaem sólás don fhear óg a sheas ansin lá i ndiaidh lae ag féachaint ar na pictiúir áille cáiliúla, na dealbha, na hiarsmaí ón tseanaois, a bhí fágtha ansin chun go mbainfeadh an pobal sásamh astu go deo.

Bhí mé ag smaoineamh ar an bhfear sa ‘Met’ nuair a leaindeáil mé ag Músaem na Breataine i Londain an tseachtain a chuaigh thart. Thosaigh mé ag tabhairt níos mó suntais do na gardaí ann, toisc go raibh tuiscint níb fhearr agam anois ar a gcás.

Níor gá dhom ceist a chur faoin gcloch mhór ‘Oghaim’ atá ar taispeáint ann. Chonaic mé cheana í agus sheiceáil mé go raibh sé fós ina háit. Tá, ach is ar éigean a thugann éinne faoi deara í, amuigh sa bhforhalla mór, timpeallaithe ag siopaí, scuainí agus na mílte turasóir.

Ní chun cloch oghaim a scrúdú a tháinig siadsan anseo. Tá an scuaine is faide taobh amuigh den seomra a bhfuil Taipéis Bayeux ar taispeáint ann. Ní raibh mé féin ann chun cuairt a thabhairt uirthi ach ag an am céanna, bhí mé fiosrach faoin taipéis.

Dúirt mo chara liom gur thug a hiníon cuairt uirthi ina baile dúchais féin – Bayeux na Fraince – bliain nó dhó ó shin agus ní raibh scuaine ar bith ann. Ach, shíl mé go mb’iontach an rud é go raibh an oiread sin daoine ag cur spéis in imeacht cultúrtha agus go rabhadar breá sásta seasamh sa scuaine agus airgead maith a íoc ar a shon.

Agus níorbh in é an chéad scuaine a mb’éigean dóibh fanacht ann. Chas mé le fear ag an gcuntar caife agus bhí comhrá gairid againn faoin taipéis. ‘Nach iontach go deo an líon daoine atá ag cur spéise sa Tapestry,’ a dúirt mé féin. ‘An bhfuil tú ag dul ag breathnú air?’

Ní raibh an aon déag a chlog féin buailte agus bhí an taipéis feicthe agus scrúdaithe aige agus bhí sé réidh le cúpla cuimhneachán a cheannach anois. Málaí, tráidirí, muigíní, hataí, leabhair, cártaí – níl a fhios cén úsáid tráchtála a bhí le baint as Taipéis Bayeux.

‘Chomh luath agus a chuala mo bhean chéile go raibh na ticéid ar díol, chuaigh sí ar an bhfón láithreach,’ arsa seisean. ‘Nuair a thosaigh sí ar maidin dúradh léi go raibh sí sa 28,000ú háit sa scuaine. Agus fuair sí na ticéid ar deireadh sé uair a’ chloig ina dhiaidh sin.’

Chríochnaíomar an cupán caife agus chuaigh mé féin agus mo chompánach ar thóir Alastar Mór, fear mór na nGréagach. Bhí mo chara lánsásta iarracht taiscéalaíochta a dhéanamh, le cabhair léarscáile. ‘Ná bac leis sin,’ a deirimse. ‘Tá chuile eolas ag na gardaí músaeim.’

‘Ó sea, seomra a 22,’ a dúirt an chéad bhean in éide an gharda liom. Agus bhí an iliomad seomra agus taispeántas eile ar an urlár céanna a thug léiriú ar shaol na nGréagach in aois Alastair Mhóir. Gheall mé dhom féin nach mbacfainn leis an léarscáil a thuilleadh – bhí na gardaí in ann chuile cheist a fhreagairt.

Bhí suim ag mo chara sa vása a dtugtar ‘Portland Vase’ air. Thug an garda uimhir an tseomra di ar an bpointe. NÍ dhéanfainn fhéin aon iontas de ach fuair mé amach go bhfuil sé ar cheann de na vásaí is cáiliúla a rinne na Sean-Rómhánaigh. Gloine atá ann agus is léir go ndearna siad gearradh agus greanadh ar an ngloine bhán a chlúdaigh an vása agus gur fágadh cúlra dorcha gloine thíos faoin ngreanadh sin. Idir na blianta 1AD agus 25AD a rinneadh an vása.

Deirtear go bhfuair an potadóir mór le rá Josiah Wedgwood an smaoineamh don chineál potaireachta a rinne sé féin ón vása céanna. Tá sé soiléir nuair a fhéachann tú go grinn ar an ngloine gur briseadh é agus gur atógadh arís é. Nuair a léigh mé faoi ar fhilleadh abhaile dhom, chuir sé ionadh orm cé chomh minic a cuireadh caoi air – úsáideadh an gliú mícheart agus cailleadh cuid de na mionphíosaí gloine, ach cuireadh caoi air arís faoi stiúir dream saineolaithe agus coimeádaithe músaem agus meastar go bhfuil jab measartha críochnúil déanta air anois.

An t-aon uair a lig mo theoiric faoi na gardaí músaeim síos mé ná nuair a chuir mé ceist faoi cheann capaill i Seomra Elgin. Chuir an fear síos an halla mé chuig halla eile ar fad a raibh capall ann ceart go leor ach níorbh é mo chapallsa é. D’fhill mé arís agus thaispeáin mé pictiúr de shamhail an chapaill a thóg mé an uair dheireanach ar thug mé cuairt air.

‘Ó an ceann sin,’ a dúirt sé. ‘Tá sé ag bun an halla ansin, áit a gcríochnaíonn an ‘Frieze’ – agus ar ndóigh bhí an ceart aige. Tá cineál cion agam ar an gcapall seo toisc gur cheannaigh mo dheartháir Mícheál cóip de, na blianta siar nuair a bhí cónaí air i Londain. Ní dhéanann an Músaem cóipeanna níos mó. Sular bhásaigh sé, rinneamar cóip de ghrianghraif an deilbh dá sheomra.

Nuair a bhí mé sa mhúsaem nua in Aithin na Gréige cúpla bliain ó shin, chonaic mé an droch-chóip a chuir Músaem na Breataine chucu mar ‘bhronntanas’ agus an bhundealbh coinnithe acu féin. Ní raibh cuma ná caoi ar an ‘gcóip.’ Tá spás fágtha sa mhúsaem san Aithin don lá a dtabharfar na dealbha ar ais dóibh – Marmar Elgin, mar a thugtar orthu.

Agus maidir leis an gcloch ‘Oghaim’ sa halla – deirtear gur tháinig sé ó Chontae Chorcaí, agus gurb é Augustus Henry Lane Fox Pitt-Rivers a thug ar láimh don mhúsaem é.

Agus an chéad uair eile a mbeidh tú ag tabhairt cuairt ar dhánlann nó músaem, ná bac leis na cluasáin ná leis an léarscáil. Bíodh focal agat leis an duine in éide an gharda, ag fanacht socair le hais an bhalla. Cuirfidh sé iontas ort an méid atá ar eolas acu. Fiú cá bhfeicfidh tú an Mona Lisa.

 

Fág freagra ar 'Cuairt ar an ‘Met’ – is fiú i gcónaí ceist a chur ar ngarda sa mhúsaem'