Gníomhaíocht 1: Tobsmaointeoireacht
- An raibh tú ag féachaint ar an gcraobhchomórtas peile nó iománaíochta in 2026?
Cad a cheap tú faoi?
- Ábhar machnaimh:
- Cad iad na cluichí a raibh tú ag féachaint orthu?
- An ndeachaigh tú ag cluiche? Cén áit?
- An raibh iomaíocht mhaith ann?
- Cé a d’imir go maith?
- B’fhéidir go mbeadh na focail/nathanna seo cabhrach:
- Imreoir den scoth
- Ar fheabhas
- Atmaisféar iontach
- Comhrac an bhradáin idir na foirne
- An-iomaíocht
- Gáir mhór ón slua
- Ar bís
- Thug siad na cosa leo ar éigean

Gníomhaíocht 2 – Léitheoireacht
Anois, léigh an t-alt thíos:

Mayo vs Kerry
Mayo’s Aidan O’Shea, Ryan O’Donoghue and Diarmuid O’Connor inspect the pitch ahead of the match
Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Ryan O’Donoghue ag tabhairt faoin gcaid agus faoin teanga i gCorca Dhuibhne
- Tá laoch peile Mhaigh Eo Ryan O’Donoghue i gCorca Dhuibhne ag foghlaim na Gaeilge do chlár teilifíse. Tá fear Bhéal an Mhuirthead, atá ar dhuine den triúr atá ainmnithe ar maidin do ghradam Pheileadóir na Bliana 2026, ag glacadh páirt sa gcéad séasúr eile de Réaltaí na Gaeltachta, sraith de chuid RTÉ ina dtugann daoine aitheanta coicís sa nGaeltacht ag foghlaim na Gaeilge. Is é O’Donoghue an dara duine de lucht peile Mhaigh Eo a ghlac páirt sa tsraith. Bhí Oisín Mullin, atá anois ag imirt san AFL san Astráil, le feiceáil sa gcéad sraith a craoladh in 2023. Tuigtear go bhfuil an lúthchleasaí Sarah Lavin ó Luimneach agus an fear grinn Bernard Casey, arb as an gCaladh in Uíbh Ráthach dó, i measc na ndaoine eile atá ag glacadh páirt sa tsraith nua.

- Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh O’Donoghue, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Maigh Eo mí Iúil, ag seisiún traenála le foireann Chumann Caide na Gaeltachta. Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt O’Donoghue gur cuireadh fáilte roimhe ach go raibh air dul i gcleachtadh ar chaint a chomrádaithe nua. “Bhí mé ag traenáil le foireann na Gaeltachta oíche Dé Máirt agus bhí na buachaillí ag caint as Gaeilge go han-tapa. Bhí na buachaillí an-sound. Bhí sé go hiontach,” a dúirt sé. Dúirt O’Donoghue go raibh “sceitimíní” air a bheith sa nGaeltacht ag foghlaim na Gaeilge agus go raibh an-chuid cosúlachtaí idir Corca Dhuibhne agus Bhéal an Mhuirthead, idir an aimsir agus na daoine.

- Múinteoir gnó agus corpoideachais é O’Donoghue i Meánscoil Mhuire i mBéal an Mhuirthead agus d’fhill sé ar an seomra ranga i gCorca Dhuibhne agus ranganna Gaeilge aige “gach lá” mar chuid den taifeadadh don tsraith teilifíse. Beidh na rannpháirtithe ag tabhairt faoi ranganna damhsa seit chomh maith, dúshlán eile do O’Donoghue a dúirt go bhfuil sé “go maith ag imirt peile ach ní ag damhsa”. Dúirt O’Donoghue gur bhain sé an-sásamh as an gceiliúradh a rinne Maigh Eo ar chraobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1951 agus go bhfuil na himreoirí “an-ghnóthach” agus iad ag tabhairt Corn Mhig Uidhir thart ar 180 scoil atá timpeall an chontae.

- Beidh cúram breise ar aon duine dhéag acu an mhí seo chugainn agus iad ainmnithe ar an ngearrliosta do ghradaim pheile All-Star 2026, a bhronnfar ar an 30 Deireadh Fómhair. Tá seachtar ó fhoireann Chiarraí ar sháraigh Maigh Eo iad sa gcluiche ceannais ainmnithe freisin, mar atá cúigear ó Áth Cliath agus ceathrar ón Iarmhí. Tá triúr imreoirí an taobh ainmnithe ó Mhuineachán, Ard Mhacha agus Lú agus beirt atá ainmnithe ag Gaillimh, Ros Comáin, Corcaigh agus Tír Eoghain. Ainmniúchán amháin a fuair Dún na nGall. Beirt ó Mhaigh Eo, Ryan O’Donoghue agus Jack Carney, atá ainmnithe do ghradam Pheileadóir na Bliana, agus iad ar an ngearrliosta le David Clifford ó Chiarraí. Beirt ó churaidh na hÉireann, Kobe McDonald agus Darragh Beirne, atá ainmnithe do ghradam Pheileadóir Óg na Bliana agus iad ar an ngearrliosta le Dara McDonnell ó chontae Lú.
Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Tuisceana agus Léirthuisceana
Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Cén fáth a bhfuil Ryan O’Donoghue i gCorca Dhuibhne? (alt 1)
- Cad é bunús an chláir Réaltaí na Gaeltachta? (alt 1)
- Cén fáth a luaitear Oisín Mullin? (alt 2)
- Cad a tharla i mí Iúil? (alt 2)
- Cad a bhí le rá ag O’Donoghue ar an gclár An Saol Ó Dheas? (alt 2)
- Cad iad na hábhair atá aige? (alt 3)
- Cén fáth a luaitear an bhliain 1951? (alt 4)
- Cad a bheidh ag tarlú ar an 30 Deireadh Fómhair? (alt 4)
Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
- Déan iarracht an fhoghraíocht a fháil ceart.
- Is féidir úsáid a bhaint as abair.ie le cabhrú leat. Úsáid pé canúint atá cuí duitse.
Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh[banner]
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
- Laoch
- Ag glacadh páirte
- Lúthchleasaí
- D’fhill
- Rannpháirtí/rannpháirtithe
- An-sásamh
- Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa. Cabhróidh an pictiúr leat leis an gcéad cheann.

-
- Tuairiscíodh (briathar saor san aimsir chaite)
- Tuigtear/Tuigeadh (briathar saor san aimsir láithreach/chaite)
- Comrádaí/comrádaithe
- Sceitimíní
- Cosúlacht/cosúlachtaí
- A bhuachan
- Laoch
- Ag glacadh páirte
- Lúthchleasaí
- D’fhill
- Rannpháirtí/rannpháirtithe
- An-sásamh

- Tuairiscíodh (briathar saor san aimsir chaite)
- Tuigtear/Tuigeadh (briathar saor san aimsir láithreach/chaite)
- Comrádaí/comrádaithe
- Sceitimíní
- Cosúlacht/cosúlachtaí
- A bhuachan
Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
[banner]Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí
- Aimsigh sampla do na nithe seo a leanas san alt:
- Dhá ainmfhocal
- Ainm briathartha
- Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
- Aidiacht bhriathartha.
Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie
Gníomhaíocht 7
- Samhlaigh go bhfuil tú i do bhainisteoir ar fhoireann agus iad ag tabhairt faoi chluiche ceannais i gceann uair an chloig.
- Déan an óráid a thabharfadh tú dóibh a scríobh agus/nó a thaifeadadh.
- Ábhar machnaimh:
- Luaigh rud éigin maith a rinne siad go dtí seo.
- Luaigh rud éigin nach raibh siad ag déanamh go maith go dtí seo.
- Cad é an rud is tábhachtaí atá le déanamh acu inniu.
- Abair rud éigin faoi obair foirne.
- Déan tagairt de dhaoine eile – comhbhainisteoir, roghnóir, muintir na háite.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Ryan O’Donoghue ag tabhairt faoin gcaid agus faoin teanga i gCorca Dhuibhne'