LÉAMHTHUISCINT: Daoine Óga sa Ghaeltacht

Gníomhaíochtaí bunaithe ar alt ó Tuairisc

LÉAMHTHUISCINT: Daoine Óga sa Ghaeltacht

Gníomhaíocht 1: Tobsmaointeoireacht

  • An raibh tú riamh sa Ghaeltacht?
  • Más as ceantar Gaeltachta tú an raibh tú riamh i gceantar eile?
  • Mura raibh tú riamh sa Ghaeltacht smaoinigh ar cheantar eile in Éirinn ina raibh tú.
  • Déan cur síos ar an turas sin. Ábhar machnaimh:
    • Déan cur síos ar an gceantar?
    • Cad a thug ann tú?
    • Cad a rinne tú?
    • Cad a cheap tú faoin áit?
    • Luaigh rud a thaitin leat agus rud nár thaitin leat.

  • B’fhéidir go mbeadh na focail/nathanna seo cabhrach:
    • Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo
    • Ceann scríbe
    • I bhfad ó bhaile
    • Taitneamhach
    • Costasach
    • Bhí an ghrian ag scaladh/bhí sé ag stealladh báistí ann
    • Tírdhreach
    • Ag rothaíocht/ag snámh/ag siúl/ag dreapadóireacht

Gníomhaíocht 2 – Léitheoireacht

Anois, léigh an t-alt thíos:

‘Má imíonn an ghlúin óg mar nach bhfuil aon áit le cónaí acu, ní mhairfidh an Ghaeltacht fiche bliain eile, ná bac le céad’

  1. Tá sé céad bliain anois ó foilsíodh Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus tá an domhan athraithe go mór ó shin. Ar bhealach, tá na ceantair Ghaeltachta ar na réigiúin is mó a bhfuil athruithe tagtha orthu le céad bliain anuas, agus ar bhealach eile, is beag athrú suntasach atá tagtha orthu. Tá siad fós iargúlta, tá an daonra iontu fós beag, agus tá Gaeilge fós mar theanga phobail san gcuid is mó de na háiteanna ar aithníodh mar Ghaeltacht iad i 1926. É sin ráite, tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun ó 1926, agus an teanga á bánú tuilleadh le chuile ghlúin a thógtar inti agus a imíonn ceal deiseanna a bheith ar fáil dóibh.
  2. Ceann eile de na hathruithe is mó atá tagtha ar an nGaeltacht ná an méid cuairteoirí a thagann chomh fada léi, turasóirí agus scoláirí a thagann de bharr go bhfuil spéis acu sa gcultúr nó mar go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. De bharr na dturasóirí, caithfidh chuile bhaile Gaeltachta freastal orthu siúd atá gan aon Ghaeilge. Ní drochrud é sin i dtosach. Labhraíonn chuile dhuine sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann Béarla líofa. Is féidir le daoine post a fháil sa nGaeltacht gan aon Ghaeilge, mar ‘nach cuma, nach bhfuil Béarla ag chuile dhuine ar aon nós?’ Nuair a leanann an meon seo ar feadh na mblianta is nimh é a scriosann an gá le ceantar Gaeltachta ar bith.
  3. Maidir leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar na cúrsaí samhraidh, is le croí mór maith a thugann siad a n-aghaidh siar le coicís nó trí seachtaine a chaitheamh imithe ón mbaile chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge, ach tá go leor nach dtagann ach le píosa spraoi a bheith acu. Tá cuid eile freisin a chuirtear chuig cúrsaí samhraidh Gaeilge chun suaimhneas a thabhairt dá gcuid tuismitheoirí. Sé an deireadh a bhíonn air seo ar fad ná go bhfreastalaíonn go leor ar chúrsaí Gaeltachta gan suim dá laghad acu sa teanga ná sa gcultúr, agus iompaíonn siad chuile dhuine eile ar an mBéarla.
  4. Tá an daonra sa nGaeltacht le blianta beaga anuas ag fás, ach tá an caighdeán Gaeilge a labhraítear inti ó lá go lá ag titim mar go bhfuil strainséirí ag teacht isteach agus ag labhairt Béarla sa mbaile, ag cur a gcuid gasúr nach labhraíonn Gaeilge ag scoileanna Gaeltachta agus ag cur faoi ndear do chuile dhuine eile iompú ar an mBéarla ina dtimpeall. Caithfear bealach a aimsiú lena chinntiú gur le Gaeilge a thógfar gasúir atá á dtógáil sa nGaeltacht chun go mairfidh an teanga. Ní leor tuilleadh tithe a thógáil agus daoine a bhrú isteach iontu, caithfear cúram a léiriú don phobal áitiúil. Ba cheart go gcuirfí faoi ndear d’aon duine atá ag iarradh teach a cheannacht sa nGaeltacht scrúdú cumais Gaeilge a dhéanamh agus marc sásúil a bhaint amach. Ba cheart cead pleanála a thabhairt do ghasúir tithe a thógáil ar thalamh a muintire. Má imíonn an ghlúin óg mar nach bhfuil aon áit le cónaí acu, ní mhairfidh an Ghaeltacht fiche bliain eile, ná bac le céad.
  5. Beidh an Ghaeltacht difriúil amach anseo. Beidh tuilleadh béime ar theicneolaíocht agus ar na deiseanna cianoibre ar fad a bheidh ag daoine. Tugann an cineál seo oibre deis do mhuintir na Gaeltachta nach raibh ag na glúnta romhainn – post nua-aimseartha a oibriú ach saol na Gaeltachta a choinneáil. I chuile cheantar Gaeltachta sa tír is iad na teaghlaigh chéanna atá ina gcónaí iontu ó 1926, síos tríd na glúnta is iad an dream céanna a bhí i chuile bhaile. Is dóigh go n-athróidh sé sin le daoine atá tar éis Gaeilge a fhoghlaim sa nGalltacht ag bogadh chomh fada le ceantar Gaeltachta chun a gclann a thógáil – agus is dea-rud an t-athrú sin. Beidh daoine sa nGaeltacht amach anseo nár tógadh inti agus nach bhfuil ag obair inti ach a bhfuil cinneadh déanta acu cónaí inti agus clann a thógáil inti.
  6. Tá ceantair nua ag láidriú, cosúil le Béal Feirste, agus faraor, tá ceantair eile ag dul in éag. Ach, má d’éirigh leis an nGaeltacht teacht trí phlandálacha, péindlíthe agus gorta, is cinnte go mairfidh sí píosa eile. Táimse den tuairim gur cinnte go mairfidh teanga, pobal, agus spiorad na Gaeltachta ar feadh ar an laghad céad bliain eile chomh fada agus go ndéantar iarracht í a chaomhnú. Tá an tobar triomaithe go mór, ach tá deoir inti fós, agus ní bheidh triomach ann go brách má sheasann muintir na Gaeltachta agus Gaeil na Galltachta le chéile.

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Tuisceana agus Léirthuisceana

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad a tharla céad bliain ó shin? (alt 1)
  2. Cad deir an t-údar faoi athruithe sa Ghaeltacht?(alt 1)
  3. Cén fáth a luaitear cuairteoirí in alt 2?
  4. Cén tionchar atá ag na turasóirí ar an nGaeltacht? (alt 2)
  5. Cén fáth a bhfreastalaíonn roinnt scoláirí ar chúrsaí samhraidh Gaeilge? (alt 3)
  6. Cén fáth a bhfuil caighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim?
  7. Cén tairbhe a bheidh sa chianobair do mhuintir na Gaeltachta?
  8. Cén fáth a luaitear tobar san alt deireanach?

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
  • Déan iarracht an fhoghraíocht a fháil ceart.
  • Is féidir úsáid a bhaint as abair.ie le cabhrú leat. Úsáid pé canúint atá cuí duitse.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh[banner]

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Foilsigh/Foilsíodh
    • Suntasach
    • Iargúlta
    • Bánú
    • Deis/deiseanna
    • Meon
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa. Cabhróidh an pictiúr leat leis an gcéad cheann.
    • Cianobair/an chianobair
    • Croí mór maith
    • Suim dá laghad
    • A thuilleadh béime
    • Cinneadh
    • Ag láidriú/ag neartú

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

[banner]Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla do na nithe seo a leanas san alt:
    • Ainmfhocal san uimhir uatha.
    • Briathar san aimsir fháistineach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Céim chomparáide na haidiachta

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Gníomhaíocht 7

  • Samhlaigh go bhfuil tú i do chónaí sa bhliain 2126.
  • Déan cuntas a scríobh (200 focal) nó físeán a thaifeadadh faoin nGaeltacht.
  • Ábhar machnaimh:

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Daoine Óga sa Ghaeltacht'