‘GEABAIRE’: Uirlis chumarsáide Ghaeilge forbartha do pháistí a bhfuil uathachas orthu

Is uirlis bunaithe ar shiombailí í a chuireann ar chumas leanaí nach labhraíonn, nó leanaí a bhfuil teorainn lena gcumas cainte, focail agus abairtí Gaeilge a chumadh agus a rá amach os ard

‘GEABAIRE’: Uirlis chumarsáide Ghaeilge forbartha do pháistí a bhfuil uathachas orthu

Tá uirlis tacaíochta cumarsáide nua ar fáil a chabhróidh le leanaí a bhfuil an t-uathachas orthu “páirt níos iomláine” a ghlacadh i scoileanna agus i bpobail Ghaeilge.

Is “céim mhór chun cinn” atá san uirlis ‘Geabaire’ do chainteoirí óga Gaeilge a bhfuil an t-uathachas orthu, dar le Neasa Ní Chiaráin agus Emily Barnes as Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, beirt ollúna atá i gceannas ar an tionscadal.

Is í Geabaire an chéad uirlis tacaíochta cumarsáide ata deartha go sonrach don Ghaeilge. Tá a leithéid d’uirlis in úsáid le blianta fada i scoileanna lán-Bhéarla agus i suíomhanna sóisialta eile i saol an Bhéarla.

Is uirlis bunaithe ar shiombailí í “a chuireann ar chumas leanaí nach labhraíonn, nó leanaí a bhfuil teorainn lena gcumas cainte, focail agus abairtí Gaeilge a chumadh agus a rá amach os ard”.

Úsáidtear guthanna sintéiseacha atá cruthaithe ag an tsaotharlann Abair i gColáiste na Tríonóide le guth a thabhairt do na húsáideoirí.

Tá Geabaire ar cheann de na chéad chórais mar seo a dearadh “ón mbonn aníos do mhionteanga san Aontas Eorpach” dar le lucht a cruthaithe.

“Líonann Geabaire bearna ollmhór atá riachtanach do phobal na Gaeilge. Cinntíonn sé gur féidir le leanaí a bhfuil riachtanais chasta chumarsáide acu a bheith rannpháirteach ón gcéad lá ar a dturas oideachais.

“Agus an teicneolaíocht ag forbairt, caithfimid a chinntiú nach bhfágtar cuid de na baill is leochailí de phobal na Gaeilge taobh thiar. Sampla cumhachtach atá ann den taighde ag teacht le chéile le nuálaíocht theicneolaíoch ar mhaithe le héifeacht dhearfach ar an tsochaí agus ar chearta teanga,” a dúirt Neasa Ní Chiaráin.

Osclaíodh 24 rang nua uathachais i mbunscoileanna lán-Ghaeilge an mhí seo. Deir Abair go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeidh daoine ar an eolas go bhfuil scoileanna, daoine aonair, agus teaghlaigh in ann teacht ar Gheabaire ar líne.

Maíonn siad go léirítear i dtaighde go bhfuil a leithéid ag teastáil “chun rochtain a fháil ar an gcuraclam agus cairdeas a chothú i measc páistí a úsáideann córas cumarsáide den chineál seo”.

“Tá tábhacht ar leith leis seo don Ghaeilge agus do mhionteangacha eile a bhraitheann ar an bpobal chun an teanga a bhuanú ó ghlúin go glúin. Maireann teangacha nuair a úsáideann teaghlaigh an teanga sa bhaile agus nuair a roghnaíonn an pobal iad a úsáid gach lá.

“Ba chóir go mbeadh deis ag gach leanbh, lena n-áirítear leanaí a bhfuil riachtanais chumarsáide chasta acu, fás aníos agus a dteanga féin á cloisteáil agus á húsáid acu sa bhaile, ar scoil, agus sa phobal go ginearálta,” a dúirt Ní Chiaráin.

Mhaígh sí gur minic a thugtar comhairle do theaghlaigh teanga an bhaile a athrú nuair a shaolaítear leanbh ag a bhfuil riachtanais bhreise “toisc nach ann d’uirlisí teicneolaíochta cúnta a thacaíonn leo ina dteanga féin”.

Tosaíodh an obair ar Gheabaire nuair a chuaigh tuismitheoir i dteagmháil leis an bhfoireann in Abair le fáil amach an bhféadfaí leagan Gaeilge d’aip a ghineann urlabhra a fhorbairt.

Tá beirt leanaí a bhfuil an t-uathachas orthu ag Julia Cummins, a chuir a hiníon chuig scoil lán-Ghaeilge. Dúirt sí gur thuig sí go raibh “géarghá” le leagan Gaeilge den uirlis Bhéarla a bhí aici “ionas go bhféadfadh sí páirt iomlán a ghlacadh i dteanga a scoile, a teaghlaigh agus a pobail”.

“Ar dtús, rinneamar iarracht córas Béarla a chur in oiriúint go simplí. Ba léir go tapa nach bhféadfaí freastal go leordhóthanach ar an nGaeilge ar an gcaoi sin – tá a gramadach, a hord focal, a cora cainte agus a canúintí féin ag an nGaeilge.

“Bhí gá againn le córas cumarsáide a bheadh deartha timpeall ar struchtúr na Gaeilge agus a canúintí ón tús,” a dúirt Cummins.

Fág freagra ar '‘GEABAIRE’: Uirlis chumarsáide Ghaeilge forbartha do pháistí a bhfuil uathachas orthu'