Chaith mé an lá inné ag gearradh. Ag gearradh focal.
Tuairim is trí bliana ó shin, scríobh mé aiste i gcóipleabhar – is ea, peann agus páipéar – faoi thuras pearsanta a thosaigh tuairim is tríocha bliain ó shin, is é sin, m’aistear trí thrí cinn d’ealaíona troda: capoeira, an jú-jiotsú Brasaíleach (BJJ) agus an dornálaíocht.
Shíl mé go ndéanfadh an aiste sin leabhairín maith, ceann de na leabhairíní a bhíonn á ndíol agam ar líne éadaigh os comhair an tí nuair a bhíonn an aimsir go maith. Dhíol mé 75 cóip de thrí cinn de ghearrscéalta de mo chuid ar an gcaoi sin le linn an tsamhraidh agus shíl mé go mbeadh sé go deas leathnú amach le leabhairíní neamhfhicsin an bhliain seo chugainn.
Ach chuige sin, bhí orm an aiste sin a ghearradh siar go mór. 2,038 focal a bhí inti nuair a chlóigh mé isteach í, breis agus ocht leathanach. Sé cinn de leathanaigh a bhíonn sna leabhairíní sin agus ní féidir dul thairis (ocht leathanach uilig a bhíonn iontu ach tógann an clúdach agus an blurba dhá leathanach.)
Chaith mé féachaint sciobtha ar an gceann is faide de na gearrscéalta a d’iompaigh mé ina leabhairíní le go mbeadh treoir agam do líon na bhfocal: 1,572. Hum, a shíl mé, sin gearradh nach mór 25 faoin gcéad, i bhfad níos mó ná an gnáthghearradh 10% a chuirim i bhfeidhm go hiondúil i mbabhta eagarthóireachta.
Ach ba léir, nach mór ar an bpointe boise, nár leor gearradh 25%. Ní treoir ró-iontach a bhíonn i líon na bhfocal uaireanta; rith sé liom agus mé i mbun oibre go mbíonn i bhfad níos mó focal casta – agus dá bharr sin, níos faide – sa neamhfhicsean ná mar a bhíonn san fhicsean.
Tá nach mór 30% den aiste gearrtha amach agam anois (thóg mé sos ón obair chun an colún seo a scríobh) agus fós níl spás di ar shé leathanach.
Mura mbíonn fágtha tar éis duit eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosa ach dhá thrian den bhundréacht, an aiste atá agat ar chor ar bith, nó achoimre? Aiste a theastaíonn uaim, ní achoimre.
Cinnte, bhí orm sliocht nó dhó a bhaint amach ina n-iomláine, cuid de chúlra an scéil a fhágáil gan insint, roinnt darlings a chur den saol. Ach níor leor é sin agus rith sé liom go mbeadh orm breathnú ar gach focal, gach frása, féachaint an raibh leagan níos gonta ar fáil – ionas go bhféadfainn bunús na haiste a thabhairt slán.
Spórt casta a bhíonn san eagarthóireacht: má dhéanann tú athrú in áit amháin, níos minice ná a mhalairt bíonn ort athrú a dhéanamh in áit éigin eile chomh maith. A bheith ag iomrascáil le crogall an tsamhail a thugann an gúrú scríbhneoireachta ó Mheiriceá, Annie Dillard sa sárleabhar sin aici, The Writing Life, agus tráthúil go leor bhain cuid mhór den aiste sin agamsa leis an jú-jiotsú Brasaíleach, spórt ina mbíonn ort pretzel a dhéanamh de do chéile comhraic.
Gheall mé dom féin nach ngéillfinn don aiste. Sacálfaidh mé isteach i sé cinn de leathanaigh í. Ach beidh an meas céanna agam uirthi agus a bhíonn ort a léiriú do do chéile comhraic sa jú-jiotsú Brasaíleach: teannfaidh mé isteach go dlúth inti féin í ach ní shracfaidh mé di na géaga.
Fág freagra ar 'Ag déanamh eagarthóireachta: ag iomrascáil le crogall'