An lasair curtha sa bharrach ag Dominique de Villepin

Tá ainm nua tagtha chun cinn an tseachtain seo sa bhfeachtas do phálás an Elysée i dtoghchán cinniúnach na bliana seo chugainn

An lasair curtha sa bharrach ag Dominique de Villepin

Coinneofar súil ghéar sna míonna atá romhainn ar fheachtas thoghchán na huachtaránachta sa bhFrainc, go háirithe má éiríonn chomh maith agus atá á thuar an deireadh seachtaine seo le páirtí na heite deise Vox in olltoghchán na Spáinne. Go dtí seo, tá na pobalbhreitheanna sa bhFrainc ag tuar gur idir an Rassemblement National ar an eite dheis agus La France Insoumise ar an eite chlé a bheidh an dara babhta sa toghchán ar an 2 Bealtaine.

Ta ainm nua tagtha chun cinn an tseachtain seo sa bhfeachtas do phálás an Elysée a d’fhéadfadh an folús i lár baill sa bpolaitíocht sa bhFrainc a líonadh. Ar feadh blianta fada ba idir páirtí Caomhach (Les Républicains) agus an Páirtí Sóisialach a bhíodh ceannas ar an bpolaitíocht sa bhFrainc. De réir mar atá tacaíocht an Rassemblement ag bailiú nirt le cúpla toghchán anuas tá na páirtithe sin ag titim siar agus is isteach sa bhfolús sin a tháinig En Marche, gluaiseacht Emmanuel Macron. Ní léir cén t-iarrthóir a bheidh ag an ngluaiseacht sin faoi láthair ach is díol suime é a bheith fógartha ag an iarphríomhaire Dominique de Villepin go bhfuil sé féin sa tóir ar ainmniúchán.

Don tá atá sách sean, thuill de Villepin aitheantas idirnáisiúnta i dtús an chéid seo nuair a bhí plé ar bun faoin Iaráic a ionsaí tar éis uafás 9/11 sna Stáit Aontaithe. Labhair de Villepin sna Náisiún Aontaithe in aghaidh an rúin a mhol na Stáit Aontaithe. Ghlac an Fhrainc ceannas ar na tíortha a bhí in aghaidh sheasamh George W. Bush, ina measc an Ghearmáin, an Bheilg, an Rúis agus an tSín. Chruthaigh seasamh na Fraince naimhdeas i measc phobal Mheiriceá ag an am – an cuimhin libh nuair a baisteadh ‘feedom fries’ seachas ‘french fries’ ar na sceallóga i McDonalds?

Cé go bhfuil sealanna caite ag de Villepin in aireachtaí éagsúla agus sa bpríomhaireacht sa bhFrainc níor toghadh riamh é. Bhunaigh sé páirtí polaitiúil anuraidh, La France Humaniste, bunaithe ar dhroim láimhe a thabhairt do na páirtithe a bhfuil aitheantais ródhaingean ar dheis nó ar chlé acu. Tá sé fógartha anois aige go bhfuil sé sa tóir ar an 500 ainmniúchán (parrainages) a theastaíonn le seasamh don toghchán an bhliain seo chugainn. Bíodh muid mór le chéile arís an mana atá ag an bhfeachtas faoi láthair.

Tá cúrsaí trína chéile sa bhFrainc le míonna anois agus agóidí agus caismirtí ar na sráideanna. Beidh le feiceáil an mbeidh daoine meallta ag an teachtaireacht atá ag de Villepin ionas go bhfaighidh sé dóthain ainmniúchán sa gcéad áit.

An cheist eile an dtiocfaidh an tríú hiarrthóir chun cinn sa bhfeachtas le bac a chur ar Le Pen nó Mélenchon dul ar aghaidh chuig an dara babhta agus le cruinniú taobh thiar don té a bheidh in aghaidh Le Pen nó Mélenchon lena choinneáil as an Elysée. Theip ar de Villepin cheana. An seasfaidh daoine leis an babhta seo?

Fág freagra ar 'An lasair curtha sa bharrach ag Dominique de Villepin'