Beirt cúisithe maidir le bás fir i bpléasc ar shuíomh tógála i nGaeltacht Dhún na nGall

Fuair Stephen Montgomery bás nuair a tharla pléasc agus inneall tochailte á thiomáint aige i nGaoth Dobhair in 2023

Beirt cúisithe maidir le bás fir i bpléasc ar shuíomh tógála i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá beirt fhear cúisithe maidir le bás fir i bpléasc ar shuíomh tógála i nGaeltacht Dhún na nGall.

Fuair Stephen Montgomery, fear 43 bliain d’aois as Dún Fionnachaidh, bás nuair a tharla pléasc ar shuíomh tógála i gCnoc Fola i bparóiste Ghaoth Dobhair i mí Bealtaine 2023.

Bhí Montgomery ag briseadh cloch agus inneall tochailte á thiomáint aige nuair a tharla an phléasc.

I gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn an tseachtain seo cúisíodh beirt fhear as coireanna áirithe maidir le bás Stephen Montgomery.

Cúisíodh Eoghan Devenney, 32 bliain d’aois, as Mín Doire na Slua in Anagaire, i ndúnorgain Stephen Montgomery agus cúisíodh Patrick Devenney, 84 bliain d’aois, as Rann na Feirste as púdar gunna a choinneáil in áit gan chead lá na pléisce.

Cúisíodh Patrick Devenney chomh maith as pléascáin a iompórtáil idir an1 Meán Fómhair 2022 agus an 31 Nollaig 2022.

Cuireadh na cásanna ar athlá go dtí an 9 Feabhra 2027.

Tháinig na Gardaí, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus Briogáid Dóiteáin Dhún na nGall go dtí láthair na pléisce nuair a tharla an eachtra in 2023.

Cuireadh fios ar Mheitheal Diúscartha Ordanáis Phléascaigh na bhfórsaí cosanta agus dheimhnigh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ag an am go raibh tús curtha acu le fiosrúchán faoin eachtra.

Fág freagra ar 'Beirt cúisithe maidir le bás fir i bpléasc ar shuíomh tógála i nGaeltacht Dhún na nGall'