‘An bhfuil imní orainn faoin 20%? Tá, ach céard faoin chéad 5%?’ – ‘athrú cultúir’ ag teastáil sa tseirbhís phoiblí – An Coimisinéir Teanga

Dúirt Ó Concheanainn go raibh ceann de bhunchlocha na hoibre chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú in easnamh go fóill mar gheall ar an moill atá ar chur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán

‘An bhfuil imní orainn faoin 20%? Tá, ach céard faoin chéad 5%?’ – ‘athrú cultúir’ ag teastáil sa tseirbhís phoiblí – An Coimisinéir Teanga

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil sé soiléir go bhfuil “athrú cultúir” ag teastáil sa tseirbhís phoiblí chun go dtabharfar aitheantas cuí do chearta teanga agus chun na dualgais atá ar an stát agus atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn go gcaithfeadh an stát tabhairt faoin obair atá ag teastáil chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú leis an tiomantas a léiríodh roimhe seo nuair a bhí dualgais reachtúla eile maidir le cosaint sonraí nó maidir leis an athrú aeráide le cur i bhfeidhm.

Agus é ag labhairt os comhair an Choiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Ó Concheanainn go bhfuil “éagothromaíocht ollmhór” i láthair na huaire idir caighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil i mBéarla i gcomparáid leis an tseirbhís “thearc agus bhearnach” i nGaeilge.

“Níl aon cheist ach go bhfuil athrú cultúir ag teastáil agus athrú sa tsícé rialachais,” a dúirt Ó Concheanainn mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Conor D. McGuinness.

“Luaigh mé an sampla a bhí againn ó thaobh chosaint sonraí, GDPR, siar roinnt blianta. Cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Athrú aeráide. Teastaíonn an rud céanna a dhéanamh le cearta teanga, leis an gcultúr…a athrú.”

Dúirt Ó Concheanainn go raibh ceann de “bhunchlocha” na hoibre chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú “in easnamh go fóill” mar gheall ar an moill atá ar chur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán.

Is faoin gcóras sin a leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal. Tá tús á chur leis an bpróiseas comhairliúcháin ar an gcóras nua atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga ach meastar nach mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích roimh lár na bliana seo chugainn ar a luaithe.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn freisin go bhfuil “imní” air nach mbainfear amach ceann de bhunchlocha eile na reachtaíochta, sin é an sprioc earcaíochta 20% maidir le cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí faoi 2030.

Ina thuarascálacha bliantúla do 2024 agus 2025, dúirt an Coimisinéir Teanga “nach raibh aon fhianaise chrua” á feiceáil ag a oifig go raibh an obair chun an sprioc 20% a bhaint amach “ag tarlú ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta, mar a éilíonn an reachtaíocht teanga”.

Os cionn 400,000 duine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí agus earcaítear timpeall 13,000 duine nua in aghaidh na bliana. Dúirt Ó Concheanainn go gcaithfí dá bharr “cúpla míle duine” le hinniúlacht sa nGaeilge a earcú gach bliain chun an reachtaíocht a chomhlíonadh. Dúirt sé nach fios cá as a dtiocfaidh na Gaeilgeoirí sin mar nach bhfuil an phleanáil fórsa saothair chun an sprioc a bhaint amach ag tarlú “ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta”.

“An bhfuil imní orainn faoin 20%? Tá, ach céard faoin chéad 5%? Cá bhfuil muid faoi láthair? An bhfuil muid ag 2% nó 3%? Níl a fhios againn,” a dúirt Ó Concheanainn.

“An taighde a rinneadh ar an bplean náisiúnta roinnt blianta ó shin, bhí sé an-mhaith…ach níor thóg an taighde ach 16% de na comhlachtaí poiblí san áireamh. Bhí sé chomh híseal le 4% de na comhlachtaí poiblí a thug le fios go bhfuil cur chuige acu maidir le taifead a choinneáil ar earcú fórsa saothair le Gaeilge.

“Mar sin, sí an cheist atá againn ná cén chaoi gur féidir ‘plean náisiúnta’ a ghlaoch ar phlean náisiúnta mura bhfuil iomlánú déanta againn ar na céatadáin sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

“Tá muid uile ag iarraidh gnímh ach tá sé an-deacair gníomh a dhéanamh ag an leibhéal náisiúnta a theastaíonn mura bhfuil an pictiúr iomlán againn faoi céard iad na cleachtais reatha atá ann.”

Faoin phlean gníomhaíochta a foilsíodh i mbliana mar chuid den phlean náisiúnta, tá dualgas anois ar chomhlachtaí poiblí sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na mball foirne a bhfuil Gaeilge acu a earcaítear go bliantúil.

Fág freagra ar '‘An bhfuil imní orainn faoin 20%? Tá, ach céard faoin chéad 5%?’ – ‘athrú cultúir’ ag teastáil sa tseirbhís phoiblí – An Coimisinéir Teanga'