Beidh ceannaireacht agus cur chuige níos éifeachtaí de dhíth chun Fine Gael a choimeád slán ó bhuairt

Tá athnuachan á plé ag Ard-Fheis Fhine Gael ach níl mianach feabhais á léiriú fós ag Simon Harris ná ag a pháirtí 

Beidh ceannaireacht agus cur chuige níos éifeachtaí de dhíth chun Fine Gael a choimeád slán ó bhuairt

Dúirt Simon Harris seachtain ó shin go raibh iniúchadh ‘níos láidre’ de dhíth ar eagraíochtaí atá taobh amuigh de struchtúr an rialtais ach a mhaoiníonn an rialtas.

I ráiteas a phostáil sé X níor luaigh sé aon eagraíocht. Ba léir do chách áfach go raibh sé ag tagairt d’fhíseán a d’eisigh an Lárionad Éigeandála um Éigniú inar moladh do sheantuismitheoirí gan barróg a thabhairt dá ngarpháistí in aghaidh a dtola.

Ní raibh aon locht ar bhunteachtaireacht an fhíseáin – gur cheart gach teagmháil a bhunú ar thoiliú, i gcás páistí go háirithe – ach cáineadh a chur in iúl ciotrúnta go forleathan. Tharraing an Lárionad siar an físeán ocht lá sular eisigh an Tánaiste a ráiteas.

Thug Simon Harris ‘cúis imní’ ar an tslí ina raibh cuid den airgead a chuir cáiníocóirí ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (na ‘NGOs’ mar a thugtar orthu i mBéarla) á chaitheamh acu. Chaithfí déileáil le samplaí áirithe, a dúirt sé, d’fhonn an obair bhreá a dhéanann siad a chosaint.

Bhí a ndúirt an Tánaiste suimiúil ar chúiseanna éagsúla. Ba léir go raibh sé ag cur leis an méid a dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan faoin gconspóid chéanna seachtain roimhe.

B’aisteach a ráiteas ar chúiseanna eile. Bhí sé ar aon dul leis an gcineál ráitis a d’eiseodh urlabhraí ón bhfreasúra ag áitiú ar an rialtas fadhb a réiteach.

Fiú má ghlactar leis go raibh aird á tarraingt ag an Tánaiste ar fhíorchúis imní – caiteachas místuama – ní raibh focal ann a thabharfadh le fios go raibh gníomh beartaithe aige mar aire airgeadais chun déileáil leis.

Ní raibh focal ina ráiteas ach oiread a thug leide go raibh an scéal pléite le Jim O’Callaghan aige a chuirfeadh beartas nó athrú ar bith i bhfeidhm.

Ní haon iontas é gur bhreathnaigh mórán ar a raibh ráite ag Simon Harris ar X mar shampla eile dá ghnáthnós tuairim a nochtadh ar ábhair den uile chineál. Go háirithe nuair a bhaineann sé le scéal atá i mbéal an phobail.

Bíonn fonn ar go leor polaiteoirí labhairt ar ábhair a tharraingíonn aird, go háirithe murar léir aon dualgas orthu féin gníomh dá réir a dhéanamh.

Is treise agus is casta, áfach, an cathú a thagann ar pholaiteoir cainteach a bhfuil poist aige ag an am céanna mar Thánaiste, mar aire airgeadais agus mar cheannaire ar a pháirtí. Cathú a ghéilleann sé dó rómhinic.

Beidh Simon Harris ina Thaoiseach arís i gceann bliana – de réir an tsocraithe comhrialtais le Fianna Fáil – agus beidh sé fós i gceannas ar an rialtas má bhíonn rath ar an rialtas agus olltoghchán á ghairm aige in 2029. Is é sin má fhágtar timpistí agus caveat tábhachtach as an áireamh.

Ainneoin an mhíshásaimh le Simon Harris mar cheannaire a chloistear uaireanta agus a chur chuige mar cheannaire ó 2024 á phlé le cosmhuintir Fhine Gael, níl a dhíbirt beartaithe ag dream ar bith.

Is í an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill is minice a luaitear agus an chomharbacht á plé agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee agus an tAire Fiontar Peter Burke luaite mar bheirt eile a mb’fhéidir go mbeadh spéis acu dul i gceannas.

Agus an caveat a d’fhéadfadh an léargas a athrú? Ainneoin bhua Fhine Gael sa bhfothoghchán i nGaillimh Thiar, áit ar toghadh Seán Kyne arís mar Theachta Dála i mí na Bealtaine?

Ní admhaíonn polaiteoirí riamh go dtagann pobalbhreitheanna idir iad agus codladh na hoíche. Is ar éigean a thiocfaidh laghdú suntasach eile ar thacaíocht Fhine Gael (faoi bhun fiche faoin gcéad le tamall) idir seo agus Samhain na bliana seo chugainn.

Ní féidir a bheith chomh cinnte nach rachaidh meas an phobail ar Harris i laghad: ní raibh ach tríocha faoin gcéad sásta leis de réir phobalbhreith an Sunday Independent/Ireland Thinks seachtain ó shin. D’fhág an figiúr sin é chun deiridh ar Holly Cairns (40 faoin gcéad), ar an Taoiseach (36 faoin gcéad) agus ar Mary Lou McDonald (34 faoin gcéad).

Níor thug ach scata beag den slua atá i láthair ag Ard-Fheis an pháirtí i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo neamhaird ar phobalbhreitheanna dá leithéid. Níl meon ceannairce ná fiú a shíol le brath i bpríomhpháirtithe an rialtais.

Sin ráite, má thagann laghdú eile ar mheas an phobail ar cheachtar acu nó ar a gceannairí mar gheall ar ardú eile ar an gcostas maireachtála agus ar phraghsanna breosla, go háirithe, ní féidir athrú tobann ar bith a chur as an áireamh.

Roimhe sin, beidh go leor ábhar suntasach á phlé ag an ardfheis. Ina measc tuairisc ar ‘athnuachan’ Fhine Gael a deir nach léir cuspóirí an pháirtí do na comhaltaí. Spreagfar argóint má labhraíonn comhaltaí ó Dhún Laoghaire in aghaidh chinneadh an ard-choiste gan díospóireacht a cheadú ar rún a deir gur chóir d’Fhine Gael feidhmiú mar pháirtí atá ar dheis ón lár.

Pléifear tuairisc thábhachtach eile ar na céimeanna ba chóir a thabhairt chun athaontú na tíre a chur chun cinn. Ábhar ar mó spéis an pháirtí ann ó d’fhógair Micheál Martin go mbunódh an rialtas foras a dhéanfaidh taighde ar thodhchaí bhunreachtúil an oileáin.

Bhí gach cuma ar fhógairt an fhorais nua gur piocadh an t-am lena fhógairt chun solas a bhaint de thuairisc Fhine Gael ar an ábhar céanna.

Neartaíonn ardfheis misneach i ngach páirtí de ghnáth. Ach is ar chur chuige airí an pháirtí agus an rialtais a bheidh tuairim an phobail ag brath maidir le tithíocht agus an costas maireachtála.

Beidh cumas agus crógacht níos mó ná mar a léirigh Fianna Fáil agus Fine Gael ag teastáil chun cur ina luí ar dhá thrian den phobal gur chóir tacú leo i bpobalbhreith. Is dúshlán é do na ceannairí thar dhaoine eile, agus don cheannaire a bheidh ina Thaoiseach arís i gceann bliana go háirithe.

Ní dhéanfadh sé aon dochar do leas a pháirtí féin idir an dá linn dá gcuirfeadh sé srian ar a fhonn féinphoiblíochta agus é ag díriú ar a dhualgais mar aire rialtais agus mar cheannaire ar a pháirtí.

Fág freagra ar 'Beidh ceannaireacht agus cur chuige níos éifeachtaí de dhíth chun Fine Gael a choimeád slán ó bhuairt'